Seanad debates

Wednesday, 3 December 2003

Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.

 

Is í bunaidhm pholasaí na Roinne i ndáil leis na hoileáin ná forbairt inmharthana na n-oileán mhara sin a bhfuil daoine ina gcónaí orthu a chur chun cinn agus iarracht a dhéanamh leibhéil shásúla seirbhíse a sholáthar do na hoileánaigh. Is féidir an bhunaidhm pholasaí seo a shainiú i dtrí chuspóir straitéiseacha: rochtain shásúil ar chóras iompair i rith na bliana ar fad do phobail oileán a éascú; pobail na n-oileán a spreagadh chun eagraíochtaí ionadaíocha a bhunú a oibreoidh le Ranna Rialtais, le háisíneachtaí Stáit agus le húdaráis áitiúla chun bonneagar, tionscal, talmhaíocht, iascach, turasóireacht agus araile na n-oileán a fhorbairt; agus polasaithe Rialtais maidir leis na hoileáin a chur chun cinn agus a chomhordú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.