Seanad debates

Wednesday, 3 December 2003

Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.

 

Tá mé sásta go bhfuil dul chun cinn leanúnach a dhéanamh le leas eacnamaíochta agus sóisialta na bpobal tuaithe a chinntiú faoin bplean forbartha náisiúnta – a bhfuil tionchar mór ag an bPáipear Bán ar fhorbairt tuaithe air – agus faoin gclár CLÁR ach go háirithe. Mar is eol don Teach, tá CLÁR ag díriú isteach ar na ceantair tuaithe faoi mhíbhuntáiste is mó a d'fhulaing titim sa daonra idir 1926 agus 1996, le meántitim de 50%. Beidh suim ag an Teach cloisteáil gur ghnóthaigh daonra iomlán de 284,000 buntáiste caiteachais de thart ar 14 milliún a caitheadh ar thacaíocht don bhonneagar fisiciúil, pobail agus sóisialta faoin gciste CLÁR sa bhliain 2002. Tagann cuid mhaith de na hoileáin mhara faoin gclár seo freisin, mar shampla, Árainn Mhór ó thuaidh, Inis Bó Finne, Cliara, agus Inis Tuirc san larthar, agus na hoileáin Béara agus Cléire ó dheas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.