Seanad debates

Wednesday, 3 December 2003

Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.

 

10:30 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá ríméad orm bheith sa Seanad inniú chun na díospóireachta ar an Dara Céim den Bhille an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Cumhachtaí agus Feidhmeanna) 2003 a oscailt. Tugann an Bille deis dúinn díriú isteach ar chursaí a bhaineann lenár n-oileáin amach ón gcósta. Tá mé ag tnúth go mór le cloisteáil ó na Seanadóirí ar ball maidir lena gcuid tuairimí ar an reachtaíocht seo agus, dar ndóigh, a gcuid tuairimí maidir le cursaí oileánda i gcoitinne. "Cur chun cinn agus cothú daonra a bheidh ag cur fúthu agus ag obair faoin tuath, sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin, trí chúnamh a thabhairt chun pobail inmharthana agus bheo ó thaobh an chultúir a chothú sna háiteanna sin." Is é sin ceann de na spriocanna a leag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta roimpi féin ina ráiteas straitéise.

Ba mhaith liom an deis a thapú chun cúpla rud a rá faoin sprioc tábhachtach sin go ginearálta roimh dhíriú isteach ar fhorálacha sonracha an Bhille. Is fiú a mheabhrú don Teach go bhfuil os cionn 40% de dhaonra na hÉireann, sin é, thart ar 1.5 milliún duine, ina gcónaí i gceantair tuaithe. Tá tuiscint níos fearr ann anois – go háirithe ag éirí as an obair ar fad a rinneadh i ndáil leis an straitéis spásuil náisiúnta – ar na hathruithe móra atá tarlaithe cheana féin agus atá fós ag tarlú sna ceantair sin. Samplaí de na mórathruithe seo ná an ghluaiseacht daonra – idir dhaoine áitiúla ag bogadh i dtreo na gcathracha agus a mhalairt treo – an fheirmeoireacht ag dul i leig, riachtanais agus rialacha nua i gcúrsaí pleanála agus comhshaoil ach go háirithe, easpa áiseanna agus infrastruchtúir.

D'aithin an Rialtas an riachtanas a bhí ann cur chuige straitéiseach a chur i bhfeidhm a bheadh dírithe ar phobail a chónaíonn i gceantair tuaithe. Mar thoradh air sin, tugadh an cúram d'fhorbairt tuaithe don Roinn nua Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Is é an dúshlán ar leith atá os comhair mo Roinne ná polasaithe a aimsiú a thugann aghaidh ar na hathruithe atá ag tarlú sna pobail tuaithe, tacaíocht a thabhairt dá bhforbairt agus cothromaíocht réigiúnach níos fearr a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.