Seanad debates
Wednesday, 9 April 2003
Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.
10:30 am
Labhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Níl a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá sé díreach ag an am seo, ach i gcónaí, éiríonn leis an Seanadóir Ó Riain rud a rá a spreagann diospóireacht. Níl mé 100% ar a thaobh sa rud seo, ach tuigim an rud atá i gceist aige ag an am gcéanna.
Is breá liomsa tuarascáil a fheiceáil i nGaeilge, fiú munar féidir liom í a thuiscint. Ar slí, cabhraíonn sé leis an perception ó thaobh na Gaeilge de. Tá sé cosúil le comharthaí bóithre atá dátheangach. Tá daoine ann a fhiafraíonn cad ina thaobh a bhfuil Gaeilge ann más rud é go bhfuil Béarla ann chomh maith. An rud a deirimse i gcónaí ná, nuair a bhíonn Gaeilge ar na comharthaí bóithre, ar slí éigin, tá an timpeallacht Gaelaithe.
Tá sé sin tábhachtach mar is é sin an laige is mó atá ann ó thaobh dul chun cinn na Gaeilge de – gur féidir le duine breis agus 12 bhliain a chaitheamh ar scoil gan muinín a bheith aige nó aici dhá abairt a chur le chéile lasmuigh den scoil. Is ceann de na deacrachtaí é ná an timpeallacht atá lasmuigh den scoil féin, áit nach bhfuil mórán Gaeilge le feiceáil. Níl mé ró-chinnte cé chomh tábhachtach agus atá sé, ach ba bhreá liom an méid sin a rá. Ar aon nós, tá cáipéis bhreise ann as Gaeilge, nó táimid ag cabhrú leis an perception go bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha agus úsáideach sa tír, ach is í an cheist an mbeadh i bhfad ní ba mhó ama ag teastáil chun a phlé.
No comments