Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

 

10:30 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá áthas orm gur ardaigh an Seanadóir an cheist seo, mar shíl mise go mbeadh daoine caite nach bhfuil á ndóthain doiciméad leagtha síos ansin. Chonaic mé daoine agus iad á rá go mba cheart dom éileamh go n-aistreofaí chuile fhocal a deirtear i gceachtar an dá Thí agus sna cúirteanna thar bharr ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla. Tá a fhios againne mar Bhall an dá Thí an méid labhartha a chuirtear amach, agus is cuma cé chomh minic nó a mhalairt agus a léitear iad.

Ag dul ar ais go dtí an fhealsúnacht a bhí ann 20 bliain ó shin, nuair a cuireadh an cheist seo orm, bhí mé féin agus m'athair mór, Dónall Ó Móráin – go ndéana Dia grásta ar a anam – ag argóint faoin gceist seo. Bhíodh muid ag sárú faoi cé acu ba thábhachtaí – reachtaíocht na tíre a aistriú go Gaeilge nó go mbeadh Gaeilge ar a phaicéad Cornflakes. Bhí mise i gcónaí i bhfabhar an phaicéad Cornflakes. Dúirt mé go léadh chuile dhuine sa tír é sin. Ní mórán daone, i measc mo charad ar aon bhealach, a chaitheann am ag léamh Achtanna agus iad ag dul a chodladh san oíche nó i rith an lae. Bhí mise i gcónaí dírithe ar an rud is mó a mbeadh tionchar aige ar an ngnáth-phobal ó lá go lá.

Ar an dtaobh eile den sceal, ghlac mé leis i gcónaí go raibh rudaí bunúsacha ann, agus sin an fáth go bhfuil an focal "reachtaíocht" luaite. Sin an fáth go bhfuil bundoiciméid agus bunpholasaí poiblí luaite. Tá an ceart aige nach bhfuil aon dualgas anseo per se gach doiciméad den EPA nó gach rud teicniúil a aistriú. Ni hé sin an public policy statement. Bheadh orthu, áfach, an straitéis phoiblí – an bundoiciméad a leagann amach cad a dhéanann an EPA – a chur ar fáil i nGaeilge chomh maith le Béarla – an tuarascáil bhliantúil.

Tugaimse é sin faoi deara anois go bhfuil i bhfad níos mó eagraíochtaí ag cur ráitis ó chathaoirligh amach i nGaeilge is i mBéarla ar a laghad. Ní fadhb an-mhór í an tuarascáil bhliantúil a chur amach go dátheangach. Má chuirtear an tuarascáil amach, go hiondúil bíonn na cuntais in éineacht léi. Is iad na audited accounts na cúntais a bhfuil muid ag tagairt dóibh – na cuntais iniúchtha. Bíonn siad ar chúl na tuarascála, agus beidh sé sin dátheangach. Ní dóigh liom go mbeadh polasaí stráiteisiach faoin Public Service Management Act 1997 agus na rudaí eile a chuala muid á gcur ar fáil. Ní dóigh liom go bhfuil an iomarca ann sin, agus is dóigh liom go leagann sé síos bunús. Déanfaimid rudaí eile ina dhiaidh sin, de réir a chéile agus de réir úsáide.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.