Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

 

10:30 am

Photo of Brendan RyanBrendan Ryan (Labour)

Ar alt 11, is é mo thuairim go nglacann gach éinne go bhfuil dúil agam sa Gaelainn agus go bhfuilim ana-bhádhúil di, ach ní fhéadar an fiú brú a chur ar eagraíochtaí cuntais iniúchtha nó ráitis airgeadais a fhoilsiú trí Gaelainn. Is ceist ana-theicniúil í. Níl aon mheas agamsa, mar shampla, ar bhrú a chur ar an EPA Gaeilge a chur ar pháipéar teicniúil faoi staid abhna ó thaobh truallithe de. Tá an oiread sin focal taobh istigh de leagan Gaeilge mar seo nach dtuigfeadh duine ar bith sna Gaeltachtaí é. Fiú má scríobhtar tuarascáil teicniúil den saghas seo as Gaelainn, má léitear sna Gaeltachtaí é, is i mBéarla a léifear é, mar is i mBéarla i ndáiríribh a scríobhadh é. Ansin, déantar aistriúchán go Gaelainn. Níl mé chun argóinte fhada a chur ar siúl faoi seo, ach is cóir dúinn bheith praticiúil.

Thugas faoi dheara, nuair a bhíos ag déanamh taighde ó thaobh comhshaoil de le mo chairde ón Danmhairg, gur athraíodar ón Danais go Béarla go rialta. Ba fhocail Bhéarla iad cuid mhaith de na focail theicniúla a d'úsáideadar faoi cheisteanna comhshaoil. Ó thaobh airgid a chaitheamh ar chur chun cinn na Gaelainne de, níl mé cinnte an bhfuil mórán maithis á dhéanamh don Gaelainn trí tuarascála teicniciúla a aistriú go Gaelainn. Níl mé chun ceiste fhada a dhéanamh di, ach mholfainn don Aire smaoineamh faoi seo. Ní fiú tuarascála teicniciúla a aistriú. Má tá duine ag cur amach tuarascála faoi the intricacies of microwave technology, cad is fiú am agus airgead a chur amú trí iad a aistriú go Gaelainn? Ní thuigfeadh fiú amháin muintir na Gaeltachta iad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.