Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

 

Ní dóthain a rá go bhfuil an cheist casta agus ní ghlacaim leis go bhfuil ceist bhunreachtúil ag baint leis – toisc go bhfuil príomh áit na Gaeilge leagtha amach sa Bhunreacht – ná go mbeadh comhlacht ábalta a rá go raibh rud éigin míbhunreachtúil á bhrú. Glacaim leis, nuair atá trí nó ceithre cinn de chomhlachtaí ann ar nós Esat agus na comhlachtaí eile, go mbeidh orainn a chinntiú go mbeidh na dualgais céanna ar na comhlachtaí go léir. Ní dóigh liom gur féidir liom gnó dhéanamh trí Ghaeilge le Vodafone, le O2 nó le Meteor. Sa sean-chóras nuair a bhí Eircell sa chóras poiblí ceapaim go raibh sé de chead agamsa gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis. Tá mé cinnte nach féidir aon cheann des na directory inquiries atá ar fáil sa tír seo a úsáid trí Ghaeilge, fiú amháin más uimhir teileafóin na meánscoile lán Ghaelach ina bhfuil mo mhac ag dul ar scoil atá á lorg. Nuair a bhí mé ag lorg uimhir teileafóin na scoile bhí orm an t-ainm a litriú go mall don duine a bhí ag freagairt an teileafóin dom agus é sin a dhéanamh dhá uair, toisc a laghad Gaeilge a bheith ag an tseirbhís san.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.