Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

 

Níl an cheist seo simplí. Tá cúpla rud a dhein damáiste don Ghaeilge. Ceann amháin an iomarca béime ar bhrú ar dhaoine rudaí a dhéanamh nár theastaigh uathu a dhéanamh agus droch chaighdeán múinte Gaeilge agus na rudaí a théann leis. An dara rud ná an tseafóid agus an cur i gcéill ag na daoine a deir rud amháin agus a dhéanann rud eile. Go luath i ndiaidh bhunú an Stáit deineadh an Ghaeilge éiginteach do phost ar bith sa chóras poiblí, ach amháin i dTithe an Oireachtais. An t-aon jab go bhféadfá a lorg agus a fháil agus gnó a dhéanamh in iomlán trí Bhéarla ann ná ballraíocht Thithe an Oireachtais. Ní raibh an Ghaeilge éiginteach ariamh do Bhaill an Oireachtais ach shochraigh siad cinneadh go mbeadh sí éiginteach do gach éinne eile ach iad féin. Sin an rud a chuaigh a bhfeidhm ar dhaoine agus a dhein damáiste do chúis na Gaeilge. Má labhraímid faoi spriocanna agus ag an am gcéanna, má fhágaimid saor eagraíochtaí móra príobháideacha atá ag déanamh teagmhála leis an ghnáth duine gach lá, agus más rud é go mbíonn oifig an Bord Soláthar an Leictreachtais i nGaillimh, sa Daingean nó in áiteanna eile agus muna bhfuil sé soiléir, má déantar iad a phríobháidiú, go bhfuil sé de chead ag pobal na Gaeilge agus ag pobal na Gaeltachta gnó a dhéanamh go compordach trí Ghaeilge, ní fiú an Bille seo. Caithfear smaoineamh faoin gcóras poiblí áit is a bhaineann sé le seirbhísí poiblí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.