Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

 

10:30 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

An phríomhaidhm leis an Bhille seo ná seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a chur ar fáil ar bhunús níos forleithne agus ar chaighdeán i bhfad níos airde. Tá ceist chasta ann faoi iar-chomhlachtaí agus comhlachtaí príobháideacha. Ba é mo thuairim agus mé ag réiteach an Bhille gurbh fhearr déileáil i dtosach báire leis an 300 comhlacht – eagraíochtaí, Ranna Stáit, údaráis áitiúla agus a leithéid – a thagann faoi réimse an Stáit. Ní féidir le aon cheist a bheith air sin. Tá foráil sa gCéad Sceideal den Bhille go leanfaidh réimse an Achta amach seo d'earnálacha seachas an earnáil phoiblí.

Níl chomhlachtaí príobháideacha san áireamh go sonrach san fhoráil atá muid ag plé ar chúis atá leagtha amach cheana féin. Tá muid ag tógáil san áireamh na costais a bheidh ag baint agus an t-ualach airgid míreasúnta a bhféadfadh a bheith i gceist do na comhlachtaí seo.

Má tá muid ag dul déileáil leis na hiar-chomhlachtaí Stáit atá príobháideach anois, is dócha nach bhfuil aon bhealach sin a dhéanamh ach i gcomhréir leis na comhlachtaí a bheadh in iomaíocht leo. Luaigh an Seanadóir Eircom ach, go fadtéarmach, ó tharla gur comhlacht príobháideach sin, ní bheadh sé reasúnta plé leis ar bhealach a bheadh difriúil ó chomhlachtaí eile teileachumarsáide atá ag cur na seirbhísí ceannan céanna ar fáil. Tuigimid freisin ón mBille Míchumais nuair atá ualach mór costais i gceist do chomhlachtaí phríobháideacha go dtagann ceisteanna áirithe eile suas fosta. Mar sin, tá an chuid den Bhille dírithe ar rud atá muid ag tabhairt comhlacht poiblí air. Cuimsíonn sé sin na heagraíochtai ar fad atá luaite sa sceideal. Má cuirfear an méid sin i gcrích fágfaidh mé ag comharba de mo chuid an chuid eile a dhéanamh, mar feicfidh na Seanadóirí go bhfuil leathanach i ndiaidh leathanaigh de eagraíochtái a bheas orainn a Ghaelú, a bheag nó a mhór, i gceist sa mhéid sin amháin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.