Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

 

10:30 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Tá nithe bunúsacha ardaithe, i ndáiríre, ag an Seanadóir Ó Riain. Más rud é nach bhfuil ar ár gcumas an rud atá i gceist ag an Seanadóir a dhéanamh maidir leis an nGaeilge, glacaim gur ionann é sin agus a rá nach bhfuil ag eirí linn. Bhí dhá rud lárnach sa díospóireacht a bhí againn inné. I dtosach, an stádas atá ag an Ghaeilge sa Bhunreacht, nó an ceart atá ag an saoránach ó thaobh na Gaeilge. An dara rud a bhí i gceist ná go bhfuil beart uileghabhálach i gceist sa reachtaíocht seo. Sé sin le rá, insan obair a bheidh á dhéanamh, go mbeidh bunchloch reachtúil ag dul leis.

Ní féidir, i ndáiríre, labhairt faoi seo gan féachaint ar an gcóras atá luaite ag an Aire. Beidh orainn teacht thar n-ais do dtí an córas sin i ngach díospóireacht a bheidh ann inniu agus amárach, má leanann an díospóireacht ar aghaidh go dtí amárach, chun féachaint an bhfuil sé sin láidir go leor, indéanta agus solúbtha, mar níl éinne atá i bhfábhar na Gaeilge a deir gur féidir a bheith righin iomlán maidir le rudaí. Ag an am gcéanna, caithfimid a rá nach raibh cothram na Féinne á fháil ag daoine gur mhaith leo Gaeilge a úsáid. Tá taithí phearsanta againn go léir. Is cinnte go raibh taithí phearsanta agamsa le blianta fada anuas agus is minic gur ghlac mé leis mar mhasla cuid de na rudaí a tharla nuair a dhein mé iarracht gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; caithfidh mé é sin a rá.

Thug mé cúpla sampla inné le cruthú gur féidir leis an gcoras seo a bheith éifeachtach. Luaigh mé na Coimisinéirí Ioncaim – tá tuiscint agus eolas ag an Seanadóir Ó Riain maidir le sin. Caithfidh mé a rá go bhfuair mé seirbhís iomlán trí Ghaeilge ó na Coimisinéirí Ioncaim i gcónaí, gan aon iarracht ró-mhór uaim féin, ó Aonad 88. Bíonn sé i gcónaí an-chabhrach ar fad, an-tuisceanach agus an-bháúil, caithfidh mé a rá. Is é an smaoineamh sa chóras seo ná gur féidir é sin a thógaint mar shampla, agus an rud céanna a dhéanamh i ngach comhlacht phoiblí. Chun é sin a dhéanamh, caithfidh tú féachaint cad atá ag teastáil, cad é an t-ábhar, cad iad na hoifigí a bheidh a teastáil agus cad é an modus operandi a bheidh i gceist.

Thug mé sampla amháin. Má thógaimid aon chomhairle chontae, bárdas nó Roinn Stáit sa tír, caithfimid a ghlacadh i dtosach nach mbeidh Gaeilge ag gach duine sna comhlachtaí sin. Ní hionann é sin agus a rá nach féidir seirbhís iomlán a chur ar fáil. Caithfimid a thaispeáint, sna pleananna atá i gceist, conas is féidir córas a chur isteach, mar shampla i gComhairle Chontae Tiobraid Árann Theas, á rá seo a leanas: má chuireann duine go bhfuil seirbhís uaidh nó uaithi i nGaeilge glaoch nó cáipéis ag lorg eolais nó aon rud eile, bíodh daoine taobh istigh den chóras atá in ann é sin a dhéanamh gan aon leithscéal nó, a mhalairt, gan aon compliment ag gabháil leis. Ní féidir linn a glacadh a thuilleadh nach bhfuil na daoine ann chun é sin a dhéanamh. Caithfimid cinntiú go bhfuil sé ann agus caithfidh sé sin a bheith sa phlean.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.