Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

 

Tá cosaint ann dúinne atá i bhfábhar na Gaeilge sa phlean seo, mar go mbeidh tuarascáil i gceist. Beidh ar an Aire an tuarascáil sin a chur os comhair Tithe an Oireachtais. Tá coimisinéir i gceist. Beidh an coimisinéir sin neamhspleách agus beidh air gníomhaíocht a thabhairt dúinn cosúil le gnáth-Ombudsman, agus tuigimid cé chómh héifeachtach is atá an Ombudsman. Beimid ag brath ar an gcóras iomlán. Tá sé an-deacair cuid bheag den chóras nó den phlean seo a thógaint gan féachaint ar an phlean iomlán. Glacaim agus aontaím leis an Seanadóir Ó Riain gur rudaí bunúsacha atá á ardú aige. Caithfimid a bheith cinnte go bhfuil an córas in ann na rudaí sin a chlúdú agus a láimhseáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.