Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

 

10:30 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá soláthar ann leis na rialacháin agus na scéimeanna sin ar fad a dhéanamh. Bí cinnte de sin. Ní bheadh aon fheidhm leis an mBille muna d'fhéadfaí a leithéid a chur i bhfeidhm. An dara rud atá ann ná go bhfuil an coimisinéir ann chun cearta a gcosaint. Beidh treoirlínte leagtha síos faoi na pleananna agus ansin, ar ndóigh, má chuirtear chomhfhreagras chugat, caithfidh tú chomhfhreagras a chur ar ais.

Chomh maith le sin, beidh an rud nach raibh ann cheana. Beidh an plean ann ag éirí as na treoirlínte agus daigneófar é sin. Tuigimse go laethiúil agus tuigimid uilig go raibh rud éigin in easnamh. Má chlis ar éinne go dtí seo, a dhualgas ó chomhlíonadh, cé a bhí ann chun an dlí a chur i bhfeidhim? Mar shampla, tá comhartha bóthair taobh amuigh de Uachtar Ard, i gContae na Gaillimhe, atá in aghaidh an dlí. Cé atá ann? Ní theastaíonn ón gnáth-dhuine dul chun cúirte. Sin an áit a thagann an coimisinéir teanga i gceist, mar níl le déanamh agat ach scríobh chuige. Chomh maith le sin, tá cumhacht fé alt 28, más buan mo chuimhne, scéim cúitimh le cead na Roinne Airgeadais a chur in áit. Sin rud atá éirithe coitianta, mar shampla, le Bord Soláthar an Leictreachais. Má ghearrtar an cumhacht níos mó ná an oiread seo ama, gheobhaidh tú cúiteamh mar ní cheart go dtarlódh a léithéid.

Sin, dar liomsa, an áit bhunúsach go bhfuil difríocht idir an rud seo agus rud ar bith a rinneadh cheana. Nuair a cuirtear an plean in áit, ní plean dea-thola a bheidh ann níos mó ach plean a thabharfaidh ceart do shaoránach dul do dtí an coimisinéir agus a rá gur sáraíodh an plean i gcás áirithe. Beidh an cumhacht céanna ag an gcomisinéir agus atá ag an Ombudsman, agus beidh air dul agus cás an tsaoránaigh a throid gan aon dua don saoránach agus, ar ndóigh, déanamh cinnte nach dtarlóidh a leithéid arís. Nuair a choimsíonn tú an t-iomlán sin, feiceann tú gur cineál jigsaw é seo. Nuair a chuireann tú le chéile é tá pictiúr iomlán ann agus tá an rud nach raibh ann go dtí seo, an cur i bhfeidhm, ann. Go dtí seo, bhí na pleananna ann. Bhí an tír lán de phleananna maidir leis an Ghaeilge ach ní raibh aon bhealach ag an saoránach a dhéanamh cinnte go raibh seasamh leis an bplean ach é a bheith ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.