Dáil debates

Thursday, 4 December 2025

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Cúrsaí Tithíochta

2:15 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

3. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aige aon deontais a chur ar fáil arís de réir Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001 chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta; agus an bhfuil sé tar éis an chumhacht seo a phlé leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. [68523/25]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Faoi Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001, tá cumhachtaí ar leith ag an Aire. An bhfuil sé sásta na cumhachtaí sin a úsáid? An bhfuil sé tar éis a bheith i dteagmháil leis an Aire tithíochta chun go mbeidh sé ar an eolas faoi na cumhachtaí seo agus gur féidir leis an Aire deontais ar leith a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht?

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tuigim go maith na dúshláin atá ann i gceantair Ghaeltachta tithíocht a chur ar fáil ar phraghas réasúnta do dhaoine áitiúla. Is dúshlán é seo a ghabhann níos leithne ná an Ghaeltacht féin ach tuigim go mór an brú atá ar cheantair Ghaeltachta. Agus é sin ráite, níl sé i gceist ag mo Roinn ag an bpointe seo na scéimeanna tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltachta), a cuireadh ar athló roinnt blianta ó shin, a thabhairt ar ais. Ó cuireadh na scéimeanna sin ar athló, tá scéimeanna eile bunaithe ag an Rialtas le tacú leo siúd atá ag iarraidh tithe a cheannach nó a thógáil. Mar go bhfuil na tacaíochtaí atá ar fáil faoi na scéimeanna nua seo níos flaithiúla ó thaobh airgid de ná na scéimeanna tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltachta), is é tuairim mheáite mo Roinne nach bhfuil gá iad a athsheoladh ag an bpointe seo.

Tá an méid atá geallta i bplean tithíochta an Rialtais don Ghaeltacht soiléir. Anuas ar na scéimeanna tacaíochta náisiúnta a bheidh ar fáil don phobal i gcoitinne, tá sé geallta go bhfoilseofar ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht sa chéad leath de 2027 agus go n-oibreoidh Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hUisce Éireann agus na húdaráis áitiúla chun na féidearthachtaí a bhaineann le suíomhanna seirbhísithe a bheadh feiliúnach do thithíocht a fhiosrú. Anuas air sin, tabharfaidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 cumhachtaí nua d'Údarás na Gaeltachta talamh a chur ar fáil ó phunann maoine na heagraíochta le haghaidh tithíochta do chainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta.

Ó thaobh lóistín turasóireachta gearrthéarmach de, cuirfidh an Bille um ligean gearrthéarmach agus turasóireacht bonn reachtúil ar chóras nua clárúcháin le haghaidh ligean gearrthéarmach in Éirinn. Ní dhéanfaidh an Bille seo aon athrú ar na riachtanais phleanála atá ann cheana féin le haghaidh ligean gearrthéarmach in Éirinn, ach cabhróidh sé leis na húdaráis áitiúla na riachtanais phleanála atá ann cheana a chur i bhfeidhm ar bhonn níos éifeachtaí. Cabhróidh an Bille seo chomh maith le soiléireacht a thabhairt faoin gcuid seo de thionscal na turasóireachta agus chun a chinntiú go bhfuil sé ag feidhmiú ar bhonn inbhuanaithe.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Is é an fáth gur luaigh mé Acht na dTithe (Gaeltachta) ná go n-aithníonn an chuid is mó de dhaoine gur cás ar leith í an Ghaeltacht, cé go bhfuil an chuid eile den tír i ngéarchéim thithíochta freisin. Muna bhfuil tithe ar fáil do lánúineacha agus daoine áitiúla chun cónaí iontu, ní bheidh an Ghaeltacht ann amach anseo agus ní féidir rud mar sin a atógáil in aon bhealach ceart. In 2009, tugadh €2 milliún i ndeontais faoin Acht seo. Tá sé ann agus is féidir é a dhéanamh. Dá réir, is féidir ceist eisceachtúil a dhéanamh den Ghaeilge agus cuidiú le lánúineacha atá ag triail le tithe a fháil. Ní féidir leo tithe a fháil mar níl siad ar díol. B'fhéidir go bhfuil siad á ligean ar Airbnb. Tá cás ar leith anseo. Is é seo an bealach chun infheistíocht a dhéanamh go tapa. Aithním an méid atá ag tarlú ach tá sé ag tarlú go an-mhall.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ar an gcéad dul síos, is é seo an fáth go bhfuil an Bille nua faoi ligean tithíochta gearrthéarmach chomh tábhachtach is atá sé. Beidh treoirlínte ag na húdaráis áitiúla. Aontaím leis an Teachta go bhfuil brú ní hamháin ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, ach ar an teanga. Táimid ag obair ar a lán rudaí ach níl sé simplí. Caithfimid a admháil nach bhfuil sé simplí. Táim ag bualadh leis an údarás chun obair leis maidir leis an talamh atá aige ag an bpointe seo agus chun a fháil amach an bhfuil an talamh sin ullamh le haghaidh tithíocht, ní hamháin ó thaobh seirbhísí ach ó thaobh pleanála freisin. Beidh muid ag déanamh na hoibre sin leis an údarás. Tá ról mór ag na húdaráis áitiúla, na comhairlí contae, maidir leis seo freisin. Tá mé tar éis cúpla cruinniú a bheith agam le príomhfheidhmeannaigh na gcomhairlí contae sin. Beidh cruinniú eile agam i mí Eanáir chun brú a chur orthu, mar údaráis áitiúla pleanála, chun obair a dhéanamh ar an bpíosa seo. Tá na Gaeltachtaí atá i limistéir na n-údarás áitiúil sin thar a bheith tábhachtach. Caithfidh na húdaráis áitiúla, na comhairlí contae, an tábhacht sin a thuiscint. Ag an bpointe seo, tá deis leis an athbhreithniú maidir le rezoning atá ar siúl ag an bpointe seo.

Tá súil agam go dtapóidh siad an deis sin.

2:25 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Cloisim cad atá á rá ag an Aire ach tá frustrachas ar mhuintir na Gaeltachta toisc go raibh siad ag siúl le treoirlínte pleanála Gaeltachta. Tá na treoirlínte sin tar éis bás a fháil. Tá an tAire ag caint faoi ráiteas anois a thiocfaidh agus a bheidh ag dul amach go comhairliúchán. Tá sé ag caint faoi bhlianta eile. Is an rud céanna é faoi Bhille Údarás na Gaeltachta. Níl sé rite so níl na cumhachtaí sin ag an údarás faoi láthair. Táimid fós ag fanacht air teacht ar ais le go gcríochnóimid iad. Nílimid ag iarraidh go mbeadh aon mhoill air. Tá gá go mbeadh na rudaí seo ag tarlú anois mar is é seo an áit atá an fhadhb. An fáth go bhfuil mé ag cur na ceiste faoin Acht ar leith seo ná gur bealach tapa é seo fad is atáimid ag fanacht ar na céimeanna eile. Mura dtarlaíonn sé sin, beidh sáinn ann. Beidh BÁNÚ, an eagraíocht atá ag tabhairt tacaíochta do cheantair Ghaeltachta maidir le tithíocht, ag éirí níos mó. Tá an ceart ag an Aire go bhfuil ról ag na comhairlí contae. Ach anois láithreach, cá bhfuil Bille Údarás na Gaeltachta? Cá bhfuil na cumhachtaí? Cá bhfuil an gníomh chun déileáil leis an gceist éigeandála seo ó thaobh na Gaeltachta anois láithreach?

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Beimid ar ais ag an mBille go luath san earrach. Roimh an mBille sin, tá mé ag obair leis an údarás. Níl mé i mo shuí ansin. Tá mé ag obair chun go mbeidh tuiscint idir mé féin agus an t-údarás faoi stádas pleanála na talún atá aige i ngach chuid den Ghaeltacht. Níl aon fhadhb agam cumhachtaí a thabhairt don údarás don talamh atá aige ag an bpointe seo ach tá sé tábhachtach go dtuigfimid céard é stádas na talún sin ag an bpointe seo agus cén athruithe atá déanta. Níl aon phointe cumhacht a thabhairt don údarás murar féidir leis an chumhacht sin a úsáid mar gheall ar chúrsaí pleanála nó aon rialachán a bheidh ar an talamh sin. Táim sásta é sin a phlé leis an Teachta Ó Snodaigh nó leis an Teachta McGuinness i rith mí Eanáir chun go mbeidh tuiscint ar an sórt treo ina bhfuilimid ag dul.