Dáil debates
Thursday, 4 December 2025
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Cúrsaí Tithíochta
2:15 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Tuigim go maith na dúshláin atá ann i gceantair Ghaeltachta tithíocht a chur ar fáil ar phraghas réasúnta do dhaoine áitiúla. Is dúshlán é seo a ghabhann níos leithne ná an Ghaeltacht féin ach tuigim go mór an brú atá ar cheantair Ghaeltachta. Agus é sin ráite, níl sé i gceist ag mo Roinn ag an bpointe seo na scéimeanna tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltachta), a cuireadh ar athló roinnt blianta ó shin, a thabhairt ar ais. Ó cuireadh na scéimeanna sin ar athló, tá scéimeanna eile bunaithe ag an Rialtas le tacú leo siúd atá ag iarraidh tithe a cheannach nó a thógáil. Mar go bhfuil na tacaíochtaí atá ar fáil faoi na scéimeanna nua seo níos flaithiúla ó thaobh airgid de ná na scéimeanna tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltachta), is é tuairim mheáite mo Roinne nach bhfuil gá iad a athsheoladh ag an bpointe seo.
Tá an méid atá geallta i bplean tithíochta an Rialtais don Ghaeltacht soiléir. Anuas ar na scéimeanna tacaíochta náisiúnta a bheidh ar fáil don phobal i gcoitinne, tá sé geallta go bhfoilseofar ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht sa chéad leath de 2027 agus go n-oibreoidh Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hUisce Éireann agus na húdaráis áitiúla chun na féidearthachtaí a bhaineann le suíomhanna seirbhísithe a bheadh feiliúnach do thithíocht a fhiosrú. Anuas air sin, tabharfaidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 cumhachtaí nua d'Údarás na Gaeltachta talamh a chur ar fáil ó phunann maoine na heagraíochta le haghaidh tithíochta do chainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta.
Ó thaobh lóistín turasóireachta gearrthéarmach de, cuirfidh an Bille um ligean gearrthéarmach agus turasóireacht bonn reachtúil ar chóras nua clárúcháin le haghaidh ligean gearrthéarmach in Éirinn. Ní dhéanfaidh an Bille seo aon athrú ar na riachtanais phleanála atá ann cheana féin le haghaidh ligean gearrthéarmach in Éirinn, ach cabhróidh sé leis na húdaráis áitiúla na riachtanais phleanála atá ann cheana a chur i bhfeidhm ar bhonn níos éifeachtaí. Cabhróidh an Bille seo chomh maith le soiléireacht a thabhairt faoin gcuid seo de thionscal na turasóireachta agus chun a chinntiú go bhfuil sé ag feidhmiú ar bhonn inbhuanaithe.
No comments