Dáil debates

Thursday, 16 October 2025

Ceisteanna Eile - Other Questions

Irish Language

4:25 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context

85. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht the steps his Department is taking to promote the Irish language in the State; and if he will make a statement on the matter. [51547/25]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context

Scríobh Charles Dickens an abairt "It was the best of times, it was the worst of times". Is féidir an méid céanna a rá mar gheall ar an nGaeilge. Tá go leor fuinnimh sa Ghaeilge ag an mbomaite, go háirithe ar na meáin shóisialta. Tá sé feicthe ag daoine gach lá. Tá go leor suim ag daoine óga inti. Mar gheall ar an Oireachtas, tá go leor fuinnimh ann an bhliain seo freisin ach tá go leor de na rudaí tábhachtacha - an líon daoine atá ag labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht, an líon páistí atá ag déanamh Gaeilge le haghaidh na hardteistiméireachta agus an méid seirbhísí atá le fáil sa Ghaeltacht - ag titim. Tá fadhbanna ollmhóra ann. Cad atá an Rialtas ag déanamh chun é sin a athrú?

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Aontaím go bhfuil fuinneamh iontach i gcúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge ag an bpointe seo. Tá sé sin iontach le feiceáil. Táimid díreach tar éis an méadú is mó le blianta a thabhairt don bhuiséad don Ghaeltacht agus do chúrsaí Gaeilge le haghaidh an chéad bhliain eile, 2026. Bhí comhrá agus plé agam leis an Teachta Ó Snodaigh maidir le sonraí an mhéadaithe sin ag tús an tseisiúin cheisteanna seo. Táimid ag cur béime ar chúrsaí pleanála teanga agus ag obair leis an struchtúr atá ann. Tá airgead breise ag dul chuige sin le haghaidh na ndaoine atá ag obair air, na hoifigigh pleanála teanga. Tá airgead breise ag dul chuig an údarás le haghaidh cúrsaí caipitil.

Tá airgead breise ag dul go trí thogra thar a bheith tábhachtach do mhuintir na Gaeltachta agus don Ghaeltacht. Ina measc sin, tá áras Gaeilge anseo i gcathair Bhaile Átha Cliath ag Uimh. 6 Sráid Fhearchair, foirgneamh a bhfuil stair iontach aige maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus atá i lár an fhuinnimh atá sa Ghaeilge at the moment. Beidh obair mhór déanta ar an bhfoirgneamh sin. Mar a bhí molta le haghaidh cúrsaí oideachais i gConamara, beidh áras nua le haghaidh daoine óga i gConamara. Táimid ag dul le tender le haghaidh an togra sin ag Coláiste Lurgan. Tá Cé Inis Oírr thar a bheith tábhachtach. Is é sin an togra is mó i stair an Roinn nua seo. Cosnóidh sé beagán níos mó ná €30 milliún. Tá sé sin tábhachtach freisin.

Tá spriocanna agus fuinneamh ann agus tá muidne i Roinn na Gaeltachta ag obair i dtreo na spriocanna sin. Táimid ag obair leis an Roinn oideachais freisin chun go mbeidh plean láidir againn ó thaobh oideachas sa Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an-suim agam sa chóras réamhscoile le haghaidh páistí atá ag dul go pre-school. Táimid ag obair ar chlár le haghaidh na bpáistí sin chun go mbeidh siad in ann tús a chur lena dturas oideachais sa Ghaeilge ag an aois óg sin.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context

I slí amháin, tá an ceart ag an Aire. Tá dea-scéalta ann anseo agus ansiúd ach, nuair a fheiceann tú an pictiúr iomlán, tá fadhbanna móra ann. Tá an tAire ag caint faoi airgead. Ba mhaith liom maoiniú an Arts Council a chur i gcomparáid leis an airgead a théann go dtí an Ghaeilge. Thar na blianta, mhéadaigh an t-airgead a théann go dtí an Arts Council go mór ach níor choiméadadh an Ghaeilge ar an gcéim chéanna leis. Má chuireann tú Údarás na Gaeltachta i gcomparáid le Fiontar Éireann ná an IDA, feicfidh tú go bhfaigheann siadsan go leor airgid cé nach bhfaigheann an t-údarás ach giota beag airgid. Maidir le cúrsaí oideachais, tá sé dochreidte go bhfuil an líon páistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna ag titim. Tá 25% de thuismitheoirí ag iarraidh a gcuid páistí a sheoladh go dtí Gaelscoil ach níl ach 5% ag freastal orthu. Tá an Stát ag cur brú ar thuismitheoirí agus páistí dul isteach i scoileanna lán-Bhéarla. Tá an t-éileamh ann ach níl an Rialtas ag cur an tsoláthair ar fáil. Tá sé sin dochreidte. Tá 25% de thuismitheoirí ag iarraidh Gaelscolaíocht le haghaidh a gcuid páistí ach tá an Stát ag cur áiteanna scoile ar fáil do 5%. Nach bhfuil an locht ar an Rialtas mar gheall ar an bhfadhb sin?

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá athrú ag tarlú ar na figiúirí sin. Sa bhuiséad do 2026, tá ardú 22% ar mhaoiniú do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is féidir é sin a chur i gcomparáid le hardú 7% nó 8% ar chaiteachas Stáit go ginearálta. Is ceann de na harduithe is mó le haghaidh aon rud sa Rialtas in 2026 é sin. Tá an Roinn oideachais díreach chun plean nua le haghaidh oideachais taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht a fhoilsiú. Tá an Roinn ag díriú isteach ar an bplean sin. Tá m'oifigigh i Roinn na Gaeltachta ag obair le hoifigigh sa Roinn oideachais chun díriú isteach ar na dúshláin a leag an Teachta amach. Tá dúshláin ann ó thaobh scoileanna nua a thógáil mar gheall ar chostais, ach tá airgead breise tugtha don Roinn oideachais chun scoileanna nua a thógáil sa phlean forbartha náisiúnta. Mar a dúirt mé, táimid ag tabhairt airgid do Thuismitheoirí na Gaeltachta chun plean do pháistí beaga réamhscoile a ullmhú chun go mbeidh siad in ann tús a chur le cúrsaí oideachais sa pre-school. Tá sé sin an-tábhachtach freisin.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context

Tá an chuid is mó de na naíonraí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Bhéarla ag an mbomaite. Tá sé sin dochreidte. Nuair a théann páistí go dtí an chéad chéim, bíonn brú orthu an Béarla a labhairt. Mar gheall ar an rud is tábhachtaí, tá titim ar an líon daoine atá ag labhairt na Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais bliain i ndiaidh bliana. Is teip ollmhór ó thaobh an Rialtais é sin. Tá clanna atá ag iarraidh a chuid páistí a thógáil sa Ghaeltacht ag iarraidh teach a bheith acu sa Ghaeltacht ach níl siad ann. Tá an feachtas BÁNÚ atá ag gearán, mar is ceart, nach bhfuil tithe le fáil sa Ghaeltacht. Luaigh mé an plean a bhí agam le Ráth Chairn cheana. Tá go leor daoine san Uaimh, i nDroichead Átha agus i mBaile Átha Cliath ag iarraidh a chuid páistí a thógáil i nGaeilge. Dá mbeadh eastát tithíochta istigh i Ráth Chairn, bheadh siad sásta bogadh ann. Ciallódh sé sin go mbeadh níos mó tithe saor le fáil sna bailte eile. Ba cheart go mbeadh an Rialtas ag déanamh iarrachta an eastát tithíochta sin a thógáil. Is í an fhadhb atá ann ná go bhfuil éileamh amuigh sa phobal mar gheall ar an nGaeltacht ach tá baic fós ann agus níl an Rialtas ag déileáil leo mar is cuí.

Photo of John McGuinnessJohn McGuinness (Carlow-Kilkenny, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Before the Minister responds, I am sure he will want to welcome all the students in the Public Gallery. It is good to have them all here and listening to our debate as Gaeilge. They are all very welcome.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cuirim fáilte roimh na daltaí sin. Tá súil agam go mbeidh lá iontach acu. I hope they have a great day and enjoy it. Sular tháinig an Teachta Tóibín isteach, bhí plé agam leis an Teachta Conor McGuinness maidir le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht. Táimid ag déileáil leis sin in éineacht leis an Roinn tithíochta. Maidir le cúrsaí oideachais, táimid ag tabhairt airgid do Ghael Linn i leith na scéime Gaelbhratach le haghaidh scoileanna atá ag úsáid na Gaeilge agus ag tabhairt cumhachta do na daltaí sa mheánscoil agus sa bhunscoil an Ghaeilge a úsáid sa bhaile. Tá an scéim teanga tí á soláthar ar Glór na nGael; tá Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha á reáchtáil ag Cumann Lúthchleas Gael; agus tá an gradam Gnó le Gaeilge ar fáil do ghnólachtaí, gnólachtaí beaga san áireamh, a úsáideann an Ghaeilge lena gcustaiméirí. Ó thaobh cúrsaí pleanála, tá airgead breise tugtha do na hoifigigh pleanála teanga áitiúla le haghaidh cúrsaí gnó chun go mbeidh daoine in ann an Ghaeilge a úsáid ina saol gach lá agus spreagtha chun é sin a dhéanamh i siopaí agus gnólachtaí beaga.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context

Ní fheicim aon systemic change mar gheall ar na rudaí sin.