Dáil debates
Thursday, 16 October 2025
Ceisteanna Eile - Other Questions
Irish Language
4:25 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Aontaím go bhfuil fuinneamh iontach i gcúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge ag an bpointe seo. Tá sé sin iontach le feiceáil. Táimid díreach tar éis an méadú is mó le blianta a thabhairt don bhuiséad don Ghaeltacht agus do chúrsaí Gaeilge le haghaidh an chéad bhliain eile, 2026. Bhí comhrá agus plé agam leis an Teachta Ó Snodaigh maidir le sonraí an mhéadaithe sin ag tús an tseisiúin cheisteanna seo. Táimid ag cur béime ar chúrsaí pleanála teanga agus ag obair leis an struchtúr atá ann. Tá airgead breise ag dul chuige sin le haghaidh na ndaoine atá ag obair air, na hoifigigh pleanála teanga. Tá airgead breise ag dul chuig an údarás le haghaidh cúrsaí caipitil.
Tá airgead breise ag dul go trí thogra thar a bheith tábhachtach do mhuintir na Gaeltachta agus don Ghaeltacht. Ina measc sin, tá áras Gaeilge anseo i gcathair Bhaile Átha Cliath ag Uimh. 6 Sráid Fhearchair, foirgneamh a bhfuil stair iontach aige maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus atá i lár an fhuinnimh atá sa Ghaeilge at the moment. Beidh obair mhór déanta ar an bhfoirgneamh sin. Mar a bhí molta le haghaidh cúrsaí oideachais i gConamara, beidh áras nua le haghaidh daoine óga i gConamara. Táimid ag dul le tender le haghaidh an togra sin ag Coláiste Lurgan. Tá Cé Inis Oírr thar a bheith tábhachtach. Is é sin an togra is mó i stair an Roinn nua seo. Cosnóidh sé beagán níos mó ná €30 milliún. Tá sé sin tábhachtach freisin.
Tá spriocanna agus fuinneamh ann agus tá muidne i Roinn na Gaeltachta ag obair i dtreo na spriocanna sin. Táimid ag obair leis an Roinn oideachais freisin chun go mbeidh plean láidir againn ó thaobh oideachas sa Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an-suim agam sa chóras réamhscoile le haghaidh páistí atá ag dul go pre-school. Táimid ag obair ar chlár le haghaidh na bpáistí sin chun go mbeidh siad in ann tús a chur lena dturas oideachais sa Ghaeilge ag an aois óg sin.
No comments