Dáil debates

Thursday, 16 October 2025

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Forbairt na Gaeilge

3:35 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

77. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an féidir leis a dheimhniú nach bhfuil sé beartaithe aon airgead breise caipitiúil a dheonú do Rannóg na Gaeltachta anuas ar an airgead a bhí socraithe cheana féin faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.. [56049/25]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Is é an fáth leis an gceist seo ná go bhfuil an cuma ar an scéal go bhfuil athrá á rá, nó beagán cur i gcéill, maidir leis an airgead breise caipitil a dúirt an tAire go raibh á thabhairt do Roinn na Gaeltachta laistigh den bhuiséad, airgead a bhí geallta nó fógartha cheana féin sa phlean forbartha náisiúnta.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist. Tá leithdháileadh iomlán de €611 milliún faighte ag an Roinn ar fad i gcáinaisnéis 2026. Leis seo, cuirfear €192 milliún ar fáil don chlár fhorbartha tuaithe; €260 milliún don chlár forbartha pobail; agus €159 milliún do réimse clár na Gaeltachta, na Gaeilge agus na n-oileán. Fuair mé méadú an-suntasach sa mhaoiniú do chlár na Gaeltachta, na Gaeilge agus na n-oileán. Tá méadú 29% ar an leithdháileadh, ó €123 milliún go €159 milliún in 2026. Is é seo an méadú is mó sa réimse seo le blianta fada anuas.

Tá pleananna fíoruaillmhianacha againn chun tacú le pobail Ghaeltachta agus leis an nGaeilge araon. Leis an maoiniú, cinnteofar gur féidir linn dul chun cinn suntasach a dhéanamh chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm in 2026. Is léir do chách an dearfacht atá mórthimpeall na teanga anois agus bainfidh muid lántairbhe as seo trí infheistíocht i réimse maoinithe reatha agus caipitil araon.

Maidir le maoiniú caipitil don earnáil, beidh sé ag méadú ó €30 milliún in 2025 go beagnach €55 milliún in 2026. Leis an maoiniú seo, beidh muid in ann oibriú ar thrí phríomhthionscadal infheistíochta a sheachadadh, is iad sin, Céibh Inis Oírr, an tIonad Gaeilge agus Cultúir ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, agus athfhorbairt suímh Choláiste Lurgan in Indreabhán mar mhol oideachais agus óige do Ghaeltacht Conamara. Rinneadh gealltanais i leith na dtionscadal seo sa phlean forbartha náisiúnta agus is cúis áthais dom an maoiniú a fháil chun iad a thabhairt chun críche anois. Gan airgead, ní bheadh muid in ann iad a dhéanamh. Tá an t-airgead sin curtha ar thaobh le haghaidh 2026 chun iad a leanúint.

Tá mé den tuairim mhaith go mbeidh an liúntas caipitil atá faighte ag mo Roinn leordhóthanach le freastal ar riachtanais chlár na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Dar ndóigh, fáiltím roimh aon airgead breise a chaithfear ar thograí Gaeilge. D’fháiltigh mé roimhe seo nuair a tugadh an gealltanas sa national development plan, nó an plean forbartha náisiúnta, go gcaithfí an t-airgead seo. Is í an cheist ná cén fáth a bhfuil athrá á dhéanamh, amhail gur stuif nua iad seo? Is rudaí iad a bhí geallta cheana féin, go háirithe na trí thogra atá luaite ag an Aire. Ní fhaca mé fós aon bhriseadh síos den airgead caipitil atá á chur ar leataobh. Cá mhéad den sciar sin a chaithfear ar an ionad cultúir ar Shráid Fhearchair, ar Choláiste Lurgan agus ar an gcé, dar ndóigh, atá le hathtógáil, nó a ndéanfar athstruchtúrú uirthi?

An cheist ansin ná cad atá fágtha d’Údarás na Gaeltachta.

3:45 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé deacair ag an bpointe seo sonraí don breakdown sin a thabhairt don Teachta. Beimid in ann sonraí faoi Ché Inis Oírr a thabhairt dó ach táimid fós ag obair leis an OPW ar Shráid Fhearchair. Tá an OPW in éineacht linn. Táimid ag lorg tender le haghaidh cúrsaí in Indreabhán. Beidh na sonraí agam tar éis an phróisis sin. Tá dúshlán mór ann d’aon tógálaí faoi láthair mar gheall ar chostais. Bhí sé sin soiléir san obair a rinneamar ar Ché Inis Oírr. Tugadh airgead caipitil breise don údarás agus le haghaidh gnáthchúrsaí. Tá mé ag cur béim ar chúrsaí digiteacha le haghaidh an údaráis freisin le go mbeidh sé in ann deiseanna digiteacha a bhaint amach do chomhlachtaí sa Ghaeltacht agus do mhuintir na Gaeltachta agus go mbeidh siad réidh le haghaidh na dúshláin atá ann sa bhealach atá cúrsaí digiteacha ag dul.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tuigim nach bhfuil an tAire ag iarraidh méid an sciar a chraobhscaoileadh ag an staid seo má tá tenders ar siúl nó a leithéid, ach más €54 milliún de chaipiteal atá i gceist san iomlán, cé mhéad de sin a bhéas fágtha d’Údarás na Gaeltachta tar éis an trí togra eile? Tá an tAire tar éis a rá go bhfuil a fhios againn cé mhéad atá ag dul nó a bhéas ag dul d’Inis Oírr. Faoin staid seo, ba chóir go mbeadh tuairim éigin ann maidir leis an méid den sciar a bhéas ag dul ar 6 Sráid Fhearchair mar bhí sé sin tuartha nuair a tosaíodh an project ar an gcéad dul síos. Tuaradh é nuair a bhí an plean forbartha náisiúnta á phlé agus an rud ceannann céanna faoi Choláiste Lurgan. Tá tuairim ann cheana féin faoin gcostas mar ní bheadh an figiúr anseo ach amháin go bhfuil an briseadh síos sin ag an Aire agus gur lorg sé méid áirithe do gach ceann de na tograí sin. Tá briseadh síos ag teastáil ionas gur féidir linn fios a bheith againn cé mhéad airgead caipitil atá ar fáil sa bhreis ar an méid don trí togra sin agus an mbeidh sé ar fáil don údarás.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá méadú difriúil le haghaidh Údarás na Gaeltachta. Tá €2.5 milliún i gceist, lena n-áirítear méadú €1 milliún ar leithdháileadh caipitil le haghaidh an údaráis leis féin. Tá obair eile le déanamh le airgead caipitil sa Ghaeltacht freisin. Tá tograí nach bhfuil chomh mór leis na tograí atá sa phlean forbartha náisiúnta. Tá an ghnáthobair a dhéanaimid gach bliain maidir le cúrsaí Gaeltachta agus na cumainn spóirt ag teacht as sin. Tá mé sásta a rá go bhfanfaidh mé i dteagmháil leis an Teachta agus leis an gcomhchoiste mar gheall ar sonraí an trí togra sin. Tá siad thar a bheith tábhachtach agus beimid ag cóiméad súil ghéar orthu chun go mbeidh siad ag fanacht faoi bhun an bhuiséid atá acu. I ngach cás, tá sé deacair ag an bpointe seo a bheith cinnte cén saghas caiteachas a bheidh i gceist in 2026 ach beidh na sonraí sin agam i mí Eanáir nó mí Feabhra 2026 agus fillfidh mé ar an Teachta ansin.

Question No. 78 taken with Written Answers.