Dáil debates
Thursday, 16 October 2025
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Forbairt na Gaeilge
3:35 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist. Tá leithdháileadh iomlán de €611 milliún faighte ag an Roinn ar fad i gcáinaisnéis 2026. Leis seo, cuirfear €192 milliún ar fáil don chlár fhorbartha tuaithe; €260 milliún don chlár forbartha pobail; agus €159 milliún do réimse clár na Gaeltachta, na Gaeilge agus na n-oileán. Fuair mé méadú an-suntasach sa mhaoiniú do chlár na Gaeltachta, na Gaeilge agus na n-oileán. Tá méadú 29% ar an leithdháileadh, ó €123 milliún go €159 milliún in 2026. Is é seo an méadú is mó sa réimse seo le blianta fada anuas.
Tá pleananna fíoruaillmhianacha againn chun tacú le pobail Ghaeltachta agus leis an nGaeilge araon. Leis an maoiniú, cinnteofar gur féidir linn dul chun cinn suntasach a dhéanamh chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm in 2026. Is léir do chách an dearfacht atá mórthimpeall na teanga anois agus bainfidh muid lántairbhe as seo trí infheistíocht i réimse maoinithe reatha agus caipitil araon.
Maidir le maoiniú caipitil don earnáil, beidh sé ag méadú ó €30 milliún in 2025 go beagnach €55 milliún in 2026. Leis an maoiniú seo, beidh muid in ann oibriú ar thrí phríomhthionscadal infheistíochta a sheachadadh, is iad sin, Céibh Inis Oírr, an tIonad Gaeilge agus Cultúir ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, agus athfhorbairt suímh Choláiste Lurgan in Indreabhán mar mhol oideachais agus óige do Ghaeltacht Conamara. Rinneadh gealltanais i leith na dtionscadal seo sa phlean forbartha náisiúnta agus is cúis áthais dom an maoiniú a fháil chun iad a thabhairt chun críche anois. Gan airgead, ní bheadh muid in ann iad a dhéanamh. Tá an t-airgead sin curtha ar thaobh le haghaidh 2026 chun iad a leanúint.
Tá mé den tuairim mhaith go mbeidh an liúntas caipitil atá faighte ag mo Roinn leordhóthanach le freastal ar riachtanais chlár na Gaeltachta agus na Gaeilge.
No comments