Dáil debates

Thursday, 10 July 2025

Ceisteanna Eile - Other Questions

Stádas na Gaeilge san Eoraip

4:45 am

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

90. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht for an update on his Department’s work to promote Irish as an official language of the European Union. [38068/25]

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá an cheist seo bainteach leis an gcéim shuntasach a bhain muid amach cheana féin ag fáil stádais oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Chomh maith leis an nGaeilge a bheith ag feidhmiú laistigh den chóras, an bhféadfadh an tAire a léiriú cén dul chun cinn atá á dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn san Aontas Eorpach?

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tacaíonn mo Roinn le raon tionscnamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga oibre agus oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus chun a chinntiú go mbeidh soláthar leanúnach de dhaoine leis na cáilíochtaí agus scileanna cuí ar fáil do na seirbhísí teanga lena dtacaítear le húsáid na teanga in institiúidí éagsúla an Aontais Eorpaigh.

Airítear leis seo scéim intéirneachta a reáchtáil i gcomhpháirt leis an gCoimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, An Comhairle Eorpach, Coiste na Réigiún, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus Oifig na bhFoilseachán. Sa scéim seo, tugtar an deis do dhaoine aonair triail a bhaint as saol oibre ar an Mór-Roinn, oiliúint a fháil, feabhas a chur ar a gcuid scileanna chun tabhairt faoi phróiseas earcaíochta iomaíochta agus páirt a ghlacadh sa phobal bríomhar Éireannach agus Gaeilge sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Glactar suas le 12 intéirneach ar feadh tréimhse naoi mí, a thosaíonn gach Deireadh Fómhair. Oibríonn na hintéirnigh seo in aonad Gaeilge mar aistritheoirí, profléitheoirí nó cúntóirí sna hinstitiúidí Eorpacha ábhartha.

Ní annamh go n-ofráiltear conradh lánaimseartha do chuid de na hintéirnigh mar thoradh ar an oiliúint faoin scéim seo. Is ionann an maoiniú bliantúil don scéim intéirneachta seo agus €305,000. Chomh maith leis sin, oibríonn mo Roinn le páirtithe leasmhara chun eolas a scaipeadh faoi deiseanna fostaíochta laistigh d’institiúidí an Aontais Eorpaigh dóibh siúd atá líofa sa Ghaeilge. I gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach, reáchtáiltear seimineár agus ceardlann phraiticiúil gach bliain ina gcuirtear béim ar na deiseanna seo atá dírithe go príomha ar mhic léinn tríú-leibhéil agus céimithe. Tá an chéad seimineár eile le tarlú an Eanáir seo chugainn i mBaile Átha Cliath.

Cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil i gcomhair comhdhálacha bliantúla, arna eagrú ag Óstaí na Rí, ina gcuirtear deiseanna fostaíochta san Aontas Eorpach chun cinn do dhlítheangeolaithe, ateangairí agus gairmeacha gaolmhara. Tá an chéad chomhdháil eile le tarlú i mí an Mhárta 2026.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

De réir an embassy, táthar den tuairim go bhfuil thart ar 15,000 Éireannach sa Bhruiséil faoi láthair. Is Gaeilgeoirí iad an-chuid acu. Mar shampla, chonaiceamar an clár teilifíse “La Vie sa Bhruiséil” ina léiríodh an pobal beo bríomhar atá inti. Mar sin, lasmuigh den chóras oifigiúil, is léir go bhfuil pobal Gaeilgeoirí ann. An bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun tacú le pobal na Gaeilge lasmuigh den chóras oifigiúil chun go mbeidh, mar shampla, Gaeilge le cloisteáil sa Bhruiséil nó aon áit eile sa tslí céanna is atá an Pholainnis nó aon teanga eile le cloisteáil?

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Aontaím go mór leis an Teachta go bhfuil sár-iarracht ar bun, go háirithe le haghaidh na nGaeilgeoirí sa Bhruiséil. Is iontach a fheiceáil, in gach cathair san Eoraip, agus níos faide i gcéin, go bhfuil muintir na Gaeilge beo agus ag úsáid Gaeilge. Go háirithe sa Bhruiséil, tá dream iontach inti atá ag baint a lán úsáide as an nGaeilge. Eagraíonn siad Seachtain na Gaeilge gach Márta sa Bhruiséil agus oibríonn siad leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún. Bhí mé i láthair an tseachtain sin cuid mhaith blianta ó shin nuair a bhí mé i m’Aire Stáit sa Roinn fiontair ag an am.

Níl aon sonraí agam faoin saghas cuidithe. Gheobhaidh mé na sonraí don Teachta. Má táimid in ann oibriú agus cuidiú le haon duine a bhfuil spéis aige nó aici i gcúrsa Gaeilge, go háirithe chun a scileanna Gaeilge a úsáid san Aontas Eorpach, cuideoimid leo. Agus Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach ag teacht an bhliain seo chugainn, táimid ag cur béime go mbainfimid úsáid as an nGaeilge i gcomhthéacs na hUachtaránachta.

4:55 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Céim shuntasach a bhí ann chun an t-aitheantas don Ghaelainn a bhaint amach. Sa bhliain 2005, bhí an chéim ba mhó ann. Thug sé ardú meanman. Bhí foireann mhór ateangairí agus go leor eile ag teastáil chun a chinntiú go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm sa chóras sa Bhruiséil. An bhfuil go leor daoine ar fáil? An bhfuil an fhoireann ann? Is dócha go bhfuil an Rialtas in iomaíocht le hateangairí sa tír seo chomh maith. An bhfuil céimeanna á dtógáil chun a chinntiú go mbeidh daoine breise, ateangairí agus aon duine eile atá bainteach leis an gcóras féin ina measc, ar fáil sa Bhruiséil agus sa tír seo?

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is é sin an rud is tábhachtaí faoin gceist seo. Tá dúshláin ann chun iarrthóirí a fháil a bhfuil na scileanna acu chun obair ar chaighdeán teanga an Aontais Eorpaigh. Tá an caighdeán sin tábhachtach. Tá oifigigh i mo Roinn i gcónaí ag obair leis na hinstitiúidí tríú leibhéil ionas go mbeidh na daoine agus na graduates leis na scileanna ann chun na scileanna sin a úsáid. Tá níos mó ná €1 milliún á chaitheamh ar an advanced Irish-language skills initiative ionas go mbeidh daoine réitithe le poist a fháil san Aontas Eorpach, agus go mbeidh na caighdeáin teanga a éilíonn an AE acu agus iad ag fágáil na n-institiúidí tríú leibhéil ina bhfuil an Ghaeilge á múineadh. Is traenáil speisialta í, go háirithe i gcúrsaí dlí agus aistriúcháin mar tá an caighdeán dlí agus aistriúcháin an-ard san AE. Is é sin an fáth go bhfuil an Rialtas ag déanamh na hinfheistíochta sin ionas go mbeidh na scileanna ann chun an Ghaeilge a úsáid.