Dáil debates
Thursday, 10 July 2025
Ceisteanna Eile - Other Questions
Stádas na Gaeilge san Eoraip
4:45 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Tacaíonn mo Roinn le raon tionscnamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga oibre agus oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus chun a chinntiú go mbeidh soláthar leanúnach de dhaoine leis na cáilíochtaí agus scileanna cuí ar fáil do na seirbhísí teanga lena dtacaítear le húsáid na teanga in institiúidí éagsúla an Aontais Eorpaigh.
Airítear leis seo scéim intéirneachta a reáchtáil i gcomhpháirt leis an gCoimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, An Comhairle Eorpach, Coiste na Réigiún, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus Oifig na bhFoilseachán. Sa scéim seo, tugtar an deis do dhaoine aonair triail a bhaint as saol oibre ar an Mór-Roinn, oiliúint a fháil, feabhas a chur ar a gcuid scileanna chun tabhairt faoi phróiseas earcaíochta iomaíochta agus páirt a ghlacadh sa phobal bríomhar Éireannach agus Gaeilge sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Glactar suas le 12 intéirneach ar feadh tréimhse naoi mí, a thosaíonn gach Deireadh Fómhair. Oibríonn na hintéirnigh seo in aonad Gaeilge mar aistritheoirí, profléitheoirí nó cúntóirí sna hinstitiúidí Eorpacha ábhartha.
Ní annamh go n-ofráiltear conradh lánaimseartha do chuid de na hintéirnigh mar thoradh ar an oiliúint faoin scéim seo. Is ionann an maoiniú bliantúil don scéim intéirneachta seo agus €305,000. Chomh maith leis sin, oibríonn mo Roinn le páirtithe leasmhara chun eolas a scaipeadh faoi deiseanna fostaíochta laistigh d’institiúidí an Aontais Eorpaigh dóibh siúd atá líofa sa Ghaeilge. I gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach, reáchtáiltear seimineár agus ceardlann phraiticiúil gach bliain ina gcuirtear béim ar na deiseanna seo atá dírithe go príomha ar mhic léinn tríú-leibhéil agus céimithe. Tá an chéad seimineár eile le tarlú an Eanáir seo chugainn i mBaile Átha Cliath.
Cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil i gcomhair comhdhálacha bliantúla, arna eagrú ag Óstaí na Rí, ina gcuirtear deiseanna fostaíochta san Aontas Eorpach chun cinn do dhlítheangeolaithe, ateangairí agus gairmeacha gaolmhara. Tá an chéad chomhdháil eile le tarlú i mí an Mhárta 2026.
No comments