Dáil debates

Thursday, 8 May 2025

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

An Ghaeltacht

3:55 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

94. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén pleananna atá aige chun scéim na ndeontas tithíochta Gaeltachta a reáchtáil arís de bhun Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001, chun tacaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil nó a athchóiriú sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22816/25]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Baineann mo cheist go sonrach le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus go háirithe le mír 9 d’Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001. Faoin mhír sin, tá cumhacht ag an Aire agus ag an Roinn airgead agus acmhainní deontais a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge chun tithe a athchóiriú nó tithe a thógáil. Níl an mhír sin á húsáid faoi láthair ó 2009 ar aghaidh, áfach. Is mian liom soiléiriú a fháil cén fáth nach bhfuil sí in úsáid.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Mar is eol don Teachta, tá cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge ag aistriú chuig an Aire, an Teachta Calleary, faoi láthair. Bhí sé le bheith anseo inniu ach ní raibh sé in ann teacht go dtí an Teach inniu mar gheall ar chúrsaí pearsanta. Rinne an Rialtas ordú Dé Máirt chun na feidhmeanna Gaeltachta a aistriú go foirmiúil ó mo Roinn chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, a bheidh mar Roinn na Gaeltachta amach anseo. Tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar an 1 Meitheamh. Is é an tAire, an Teachta Calleary, a thabharfaidh freagraí ar cheisteanna na Dála as seo amach. Maidir leis an gceist seo, áfach, rinne an Rialtas ordú Dé Máirt feidhmeanna na Gaeilge a aistriú go foirmiúil. Ar an ábhar sin, tá mé an-eolach ar na dúshláin atá ann i gceantair Ghaeltachta tithíocht a chur ar fáil ar phraghas réasúnta do dhaoine áitiúla. Is dúshlán é seo atá níos leithne ná an Ghaeltacht féin ar ndóigh. Tá an Rialtas seo an-ghníomhach sa réimse seo.

Cé nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas scéim na ndeontas tithíochta Gaeltachta a reáchtáil arís, tá an Roinn ag obair go dlúth leis an Roinn tithíochta agus le Údarás na Gaeltachta chun tacaíochtaí breise a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Tá cainteanna ar siúl idir an Roinn tithíochta agus oifigigh na Roinne Gaeltachta maidir le pleanáil i gceantair Ghaeltachta. Tá grúpa oibre bunaithe ag an dá Roinn, mar aon le hÚdarás na Gaeltachta agus údaráis áitiúla, chun an cheist seo a scrúdú. Mar chuid den obair seo, tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag dréachtú treoirlínte pleanála Gaeltachta faoi láthair ag teacht le gealltanas a tugadh sa chlár Rialtais. Ó thaobh na Gaeltachta de, tabharfaidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 cumhachtaí nua don údarás talamh a chur ar fáil le haghaidh tithíochta i gceantair Ghaeltachta.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Aire. Tuigim nach luíonn an cúram seo leis. Tuigim a chás. Tá sé ag seasamh anseo in ionad an Aire, an Teachta Calleary. Is cúis díomá agus imní go bhfuil sé ráite go neamhbhalbh ag an Rialtas anois nach bhfuil sé chun scéim na ndeontas a thabhairt ar ais. Ní thuigim cén fáth mar bhí sé sin ag feidhmiú go maith. In 2009, cuireadh €4 milliún ar fáil don scéim seo. Mar is eol don Aire, tá géarchéim thithíochta sna Gaeltachtaí uilig. Is í an Ghaeltacht i nGaillimh an Ghaeltacht is mó sa tír. Tá BÁNÚ ar an dtalamh agus i dteagmháil le gach Teachta Dála go rialta le cur in iúl cé chomh deacair is atá sé tithe a thógáil sa Ghaeltacht agus na himpleachtaí atá ansin don teanga. Is bealach éifeachtach é seo. Tá an reachtaíocht agus an mhír ann ach níl an Rialtas ag baint úsáid astu. Seachas abairt amháin le rá nach mbeidh an scéim ar ais, níl aon chúiseanna tugtha ag an Aire dom cén fáth.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tuigim go soiléir cé chomh tábhachtach is atá an cheist seo. Nuair a bhí me i Roinn na Gaeltachta, bhí an-suim agam san ábhar seo. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá sé ní hamháin do na ceantair Ghaeltachta ach freisin do dhaoine lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil suim acu sna hábhair a bhaineann leis na Gaeltachtaí timpeall na tíre.

Maidir leis an Roinn, beidh cruinniú ag an Aire, an Teachta Calleary, agus ag an Roinn le hÚdarás na Gaeltachta an tseachtain seo chugainn. Beidh mé in ann, b’fhéidir, iarraidh air teacht ar ais do na hurlabhraithe Gaeltachta agus Gaeilge sa Teach seo nuair a bheidh an cruinniú sin críochnaithe. Cé nach bhfuil an tAire ann faoi láthair, déanfaidh sé a dhícheall an cheist seo a fhreagairt an tseachtain seo chugainn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Aire. Is maith an rud é go mbeidh cruinniú idir an t-údarás agus an tAire mar beidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 os ár gcomhair arís an tseachtain seo. Bhí cruinniú le bheith ann idir BÁNÚ agus an tAire freisin. Tá súil agam go mbeidh an cruinniú sin ann sula dtagann an Bille os ár gcomhair arís. Arís, níl aon chúis tugtha ag an Aire nó ag an Roinn cén fáth nach bhfuil siad ag baint úsáid as an mír seo. Tá sí ann agus tá cumhacht ag an Roinn agus ag an Aire deontais a chur ar fáil chun daoine a chumasú chun athchóiriú a dhéanamh ar a gcuid tithe. Ní thuigim é. Tá muid ag caint faoi Údarás na Gaeltachta, údaráis áitiúla agus an Roinn. A fhad is atá muid ag caint, agus gach duine ag obair i mbealach nach bhfuil tagtha le chéile, beidh géarchéim tithíochta againn. Ní féidir glacadh leis.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Aontaím leis an Teachta. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá an t-ábhar seo. Tuigim cé chomh fada is atá muid sa Teach seo ag caint ar an ábhar seo. Maidir leis na ceantair Ghaeltachta, is é sin an polasaí is tábhachtaí do na daoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht.

B’fhéidir go mbeidh an tAire, an Teachta Calleary, in ann teacht ar ais chuig na hurlabhraithe Gaeltachta agus Gaeilge nuair a bheidh sé ar ais an tseachtain seo chugainn, sula dtagann an Bille os comhair na Dála, chun déileáil leis an ábhar sin.