Dáil debates
Thursday, 8 May 2025
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
An Ghaeltacht
3:55 am
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Mar is eol don Teachta, tá cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge ag aistriú chuig an Aire, an Teachta Calleary, faoi láthair. Bhí sé le bheith anseo inniu ach ní raibh sé in ann teacht go dtí an Teach inniu mar gheall ar chúrsaí pearsanta. Rinne an Rialtas ordú Dé Máirt chun na feidhmeanna Gaeltachta a aistriú go foirmiúil ó mo Roinn chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, a bheidh mar Roinn na Gaeltachta amach anseo. Tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar an 1 Meitheamh. Is é an tAire, an Teachta Calleary, a thabharfaidh freagraí ar cheisteanna na Dála as seo amach. Maidir leis an gceist seo, áfach, rinne an Rialtas ordú Dé Máirt feidhmeanna na Gaeilge a aistriú go foirmiúil. Ar an ábhar sin, tá mé an-eolach ar na dúshláin atá ann i gceantair Ghaeltachta tithíocht a chur ar fáil ar phraghas réasúnta do dhaoine áitiúla. Is dúshlán é seo atá níos leithne ná an Ghaeltacht féin ar ndóigh. Tá an Rialtas seo an-ghníomhach sa réimse seo.
Cé nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas scéim na ndeontas tithíochta Gaeltachta a reáchtáil arís, tá an Roinn ag obair go dlúth leis an Roinn tithíochta agus le Údarás na Gaeltachta chun tacaíochtaí breise a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Tá cainteanna ar siúl idir an Roinn tithíochta agus oifigigh na Roinne Gaeltachta maidir le pleanáil i gceantair Ghaeltachta. Tá grúpa oibre bunaithe ag an dá Roinn, mar aon le hÚdarás na Gaeltachta agus údaráis áitiúla, chun an cheist seo a scrúdú. Mar chuid den obair seo, tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag dréachtú treoirlínte pleanála Gaeltachta faoi láthair ag teacht le gealltanas a tugadh sa chlár Rialtais. Ó thaobh na Gaeltachta de, tabharfaidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 cumhachtaí nua don údarás talamh a chur ar fáil le haghaidh tithíochta i gceantair Ghaeltachta.
No comments