Dáil debates

Thursday, 6 March 2025

Ceisteanna Eile - Other Questions

Meath na Gaeltachta

3:10 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

14. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an aithneoidh sé go bhfuil géarchéim ar leith ag cur le bánú na Gaeltachta mar thoradh ar easpa tithíochta; an ndéanfaidh sé dáta agus sonraí a thabhairt maidir leis an bplé deireanach a bhí ag a Roinn leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis na treoirlínte don phleanáil sa Ghaeltacht a bhí geallta faoin Rialtas deireanach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10184/25]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an cheist seo dírithe ar cheist a d'ardaigh mo chomhghleacaí, an Teachta Conor D. McGuinness, cheana féin maidir leis an ngéarchéim tithíochta. Is é an chéad rud ná le haithint go bhfuil géarchéim ann. Má aithníonn an Rialtas é sin, cad atá na hAirí ag déanamh maidir leis an gceist seo? Chuala mé an freagra a thug sé níos luaithe, ach sa chás seo, céard iad na dátaí agus na sonraí maidir leis an gcaidreamh idir an dá Roinn le tamall de bhlianta anuas ó thaobh treoirlínte pleanála?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé go bhfuil tús feidhme fós le cur leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024,, is faoin Acht sin a thiocfaidh gnóthaí i ndáil le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht sna blianta amach romhainn. Go príomha, is ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá an fhreagracht maidir leis an Acht nua seo, dár ndóigh. Faoi réir alt 29(1) den Acht nua, is gá go ndéanfar foráil i straitéis spáis agus eacnamaíoch réigiúnach chun oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint. Faoin Acht reatha, cuireann údaráis phleanála a bhfuil Gaeltacht faoina gcúram acu iarratais phleanála chuig an Roinn - Roinn an Aire, an Teachta Calleary - i gcásanna go bhféadfaidís tionchar a imirt ar nósmhaireacht teanga na Gaeltachta dá gceadófaí iad. Déanann an Roinn aighneachtaí maidir leis na hiarratais seo de réir mar is gá.

Chun cur le héifeacht na reachtaíochta pleanála, cuireadh tús tamall ó shin le próiseas i dtreo treoirlínte nua a fhorbairt maidir le pleanáil sa Ghaeltacht. Tá cainteanna leanúnacha ar bun idir an Roinn agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ó 2022 ina leith seo. Tionóladh an cruinniú is déanaí ar an ábhar seo inné. Ar ndóigh beidh sé seo ag teacht faoin Aire, an Teachta Calleary, mar chuid dá chúraimí nua.

Bíonn teagmháil rialta idir na páirtithe leasmhara ag leibhéal sinsearach agus leanann an obair ar aghaidh chun na treoirlínte seo a thabhairt chun críche. Ach na treoirlínte a bheith aontaithe ag an ngrúpa oibre lorgófar tuairimí ón bpobal trí chomhairliúcháin phoiblí. Is fiú a lua freisin go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag obair le páirtithe leasmhara chomh maith chun dul i ngleic le dúshláin éagsúla maidir le soláthar agus infhaighteacht tithíochta i gceantair Ghaeltachta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanann sé sin beagáinín níos soiléire agus b'fhéidir beagáinín níos doiléire é. Thar na blianta, chuir mé an cheist seo ar an Aire go minic, agus, i gceart dó, thug sé freagra lom amach dom ar an gceist seo maidir leis an moill i gcónaí agus cuireadh an milleán ar an Roinn tithíochta. Ansin, chuir mé an cheist ar an Aire, an Teachta Ó Brien, a bhí i gceannas ar thithíocht ag an am, agus chuir sé an milleán ar ais ar an Aire. Tá sé ag dul siar agus ar ais agus b'fhéidir go bhfuil an t-ádh ar an Aire anois nach mbeidh na feidhmeanna seo air agus is féidir leis an Aire, an Teachta Calleary, an freagra céanna a thabhairt dom. Sin mar dealraíonn sé ag don dream atá ag féachaint isteach ar an áit seo - go bhfuil Aire amháin ag cur an mhilleáin ar an Aire eile. Sa deireadh thiar thall, dúradh linn in 2021 go mbeidh siad seo foilsithe sár i bhfad, agus anois faigheann muid freagra nua gach sé mhí. Cad é an dáta a shíleann an tAire a mbeidh siad foilsithe?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is é an tAire tithíochta an tAire a bhfuil freagracht don pholasaí tithíochta sa Dáil seo air. Tá an rud sin soiléir. Maidir leis an rud a rinne mé, tá a fhios ag an Teachta go ndearna mé mo dhícheall an cheist sin a réiteach nuair a bhí mé i Roinn na Gaeltachta ag obair leis an Aire, an Teachta O'Brien. Tá súil agam go mbeidh an tAire, an Teachta Calleary, in ann teacht os comhair na Dála go luath leis an Aire, an Teachta Browne, chun an cheist sin a réiteach. Níl aon amhras orm go bhfuil sé sin an-tábhachtach agus sa fhreagra a thug mé cheana féin don Teachta McGuinness ó Phort Láirge luaigh mé cé chomh tábhachtach is atá sé. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire, an Teachta Calleary, ag obair ar an ábhar sin mar tá ceantair Gaeltachta i gContae Mhaigh Eo aige agus tuigeann sé cé chomh tábhachtach is atá an cheist seo.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aithním go bhfuil spéis ar leith ag an Aire, an Teachta Calleary, sa cheist seo. Bhí sé ar an gcoiste nuair a bhíomar ag déanamh plé ar an gceist seo tamall de bhlianta ó shin. Tá súil agam go n-éireoidh leis. Is trua go bhfuilimid ag an stad ina bhfuilimid, go bhfuilimid trí nó ceithre bliana imithe ón uair a dúradh go mbeadh na treoirlínte seo againn. Ní thógann sé sin ón bhfadhb atá ann. Caithfimid bogadh air seo agus a bheith cinnte. In ainneoin nach mbeidh an dualgas seo ar an Aire, an Teachta O'Donovan, tá dualgas air mar is Aire Rialtais é. Caithfimid déanamh cinnte de go mbeidh sé seo ag tarlú, ní i gceann sé mhí nó sin, mar níl anseo ach na treoirlínte, ansin caithfear díriú isteach ar an údarás, ar Uisce Éireann agus ar na bainc nó aon duine chun an t-airgead a chur ar fáil gur féidir le daoine tithe a thógáil i gceantair Ghaeltachta.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim an ról atá agam faoi láthair mar Aire sa Rialtas, ach ag am céanna tuigfidh an Teachta go bhfuil an t-aonad Gaeltachta agus Gaelainne imithe ó mo Roinn. Níl siad ann. Tá an t-aonad ag obair leis an Aire, an Teachta Calleary. Níl aon dabht orm ach go bhfuil an tAire, an Teachta Calleary ag tnúth leis an gcéad uair ina mbeidh sé os comhair an choiste agus i dteagmháil leis na Teachtaí Ó Snodaigh agus Moynihan, leis an gCathaoirleach agus le pé Theachta eile a bhfuil suim aige nó aici i gcúrsaí Gaeltachta agus Gaelainne.