Dáil debates

Thursday, 6 March 2025

Ceisteanna Eile - Other Questions

Meath na Gaeltachta

3:10 am

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Cé go bhfuil tús feidhme fós le cur leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024,, is faoin Acht sin a thiocfaidh gnóthaí i ndáil le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht sna blianta amach romhainn. Go príomha, is ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá an fhreagracht maidir leis an Acht nua seo, dár ndóigh. Faoi réir alt 29(1) den Acht nua, is gá go ndéanfar foráil i straitéis spáis agus eacnamaíoch réigiúnach chun oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint. Faoin Acht reatha, cuireann údaráis phleanála a bhfuil Gaeltacht faoina gcúram acu iarratais phleanála chuig an Roinn - Roinn an Aire, an Teachta Calleary - i gcásanna go bhféadfaidís tionchar a imirt ar nósmhaireacht teanga na Gaeltachta dá gceadófaí iad. Déanann an Roinn aighneachtaí maidir leis na hiarratais seo de réir mar is gá.

Chun cur le héifeacht na reachtaíochta pleanála, cuireadh tús tamall ó shin le próiseas i dtreo treoirlínte nua a fhorbairt maidir le pleanáil sa Ghaeltacht. Tá cainteanna leanúnacha ar bun idir an Roinn agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ó 2022 ina leith seo. Tionóladh an cruinniú is déanaí ar an ábhar seo inné. Ar ndóigh beidh sé seo ag teacht faoin Aire, an Teachta Calleary, mar chuid dá chúraimí nua.

Bíonn teagmháil rialta idir na páirtithe leasmhara ag leibhéal sinsearach agus leanann an obair ar aghaidh chun na treoirlínte seo a thabhairt chun críche. Ach na treoirlínte a bheith aontaithe ag an ngrúpa oibre lorgófar tuairimí ón bpobal trí chomhairliúcháin phoiblí. Is fiú a lua freisin go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag obair le páirtithe leasmhara chomh maith chun dul i ngleic le dúshláin éagsúla maidir le soláthar agus infhaighteacht tithíochta i gceantair Ghaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.