Dáil debates

Thursday, 18 May 2023

Ceisteanna Eile - Other Questions

Coláistí Samhraidh

10:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

10. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil aon athrú eile beartaithe ag an Roinn ó thaobh deontais nó tacaíochta de chun tacú leis na mná tí nó le coláistí samhraidh mar aitheantas ar an ngéarchéim atá i réim san earnáil faoi láthair. [23713/23]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon rud eile thar na rudaí atá déanta ag an Aire agus ag an Roinn go dtí seo beartaithe ag an Roinn ó thaobh deontas nó tacaíochta de chun cuidiú leis na coláistí samhraidh nó na mná tí mar aitheantas ar an ngéarchéim ina bhfuil siad?

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá roinnt beartas ceadaithe faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge le bliain anuas chun tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na gcoláistí Gaeilge agus do theaghlaigh nua atá ag teacht isteach sa chóras. Cuireadh ardú ar an deontas laethúil ó €10 go €12. Is ardú de 20% ar an deontas é sin. Anuas air sin, ceadaíodh ardú ó €2,000 go €6,000 ar an deontas tosaithe atá ar fáil do theaghlaigh a chláraíonn faoin scéim don chéad uair agus do theaghlaigh atá imithe as an gcóras le tréimhse chúig bliana agus atá ag iarraidh athchlárú faoin scéim. Clúdaíonn an deontas seo costais a bhaineann le measúnú shábháilteacht dóiteáin a dhéanamh ar an teach, mar aon le costais a bhaineann le trealaimh faoi leith chun lóistín a chur ar fáil. Tá iarratais ar aitheantas faighte ó 32 teaghlach Gaeltachta go dáta in 2023 chun lóistín a chur ar fáil faoin scéim. Ós rud é go mbíonn iarratais á ndéanamh ar bhonn leanúnach, táthar ag súil le tuilleadh iarratas fós i mbliana. Chláraigh 39 teaghlach faoin scéim in 2022, rud a thugann le fios go bhfuil suim á léiriú sa scéim i gcónaí.

Níor mhiste a lua chomh maith gur fhógair mé le gairid go bhfuil cead anois ag teaghlaigh atá cáilithe faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge uaslíon de 16 scoláire a choinneáil ar íostas leo ach an spás sin a bheith ar fáil acu. Is méadú é sin ó 12 go 16 scoláire, rud a chiallaíonn go mbeidh deis ag teaghlaigh ioncam breise a shaothrú dá bharr. Anuas air seo uile, cuireadh breis scoláireachtaí ar fáil chun go mbeadh deiseanna breise ag daltaí iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht. Idir na bearta seo uile, meastar go mbeidh suas le 400 leaba breise ar fáil sa chóras i mbliana le hais 2022. Níl aon bheartas breise ar na bacáin faoi láthair ach, ar ndóigh, bíonn an Roinn i gcónaí ag faire amach d'aon deis chun tuilleadh fós a dhéanamh ar leas earnáil na gcoláistí Gaeilge.

10:10 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé agus mé ag cur na ceiste, tá aitheantas ann do na hathruithe agus do na nithe atá déanta ag an Roinn go dtí seo - agus ag an Aire í féin - chun déileáil leis an ngéarchéim seo. Is géarchéim atá ann nuair a thagann titim ar líon na dtithe a bhí ar fáil do choláistí samhraidh agus ar líon na mná tí ó 712 go dtí 495 anuraidh. Is titim beagnach 30% é sin. Tá a fhios agam go bhfuil roinnt daoine breise tar éis teacht isteach sa chóras ach tá ganntanas ann fós. Aithnítear gur ghníomhaigh an Roinn ar na moltaí a bhí ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ach tá fadhbanna ann fós agus tá rudaí praiticiúla gur féidir leis an Roinn a dhéanamh. An bhfuil sé i gceist aon athrú eile a dhéanamh nó aon deontas breise a thabhairt isteach sa chóras roimh dheireadh na míosa seo? Tosaíonn na coláistí samhraidh an mhí seo chugainn.

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Idir na beartais seo a luaigh mé cheana, meastar go mbeidh suas le 400 leaba breise ar fáil sa chóras i mbliana le hais 2022. Níl aon bheartas breise ar na bacáin faoi láthair ach mar a dúirt mé, bíonn an Roinn i gcónaí ag faire amach chun aon deis a aimsiú chun tuilleadh a dhéanamh do na coláistí samhraidh. Tá iarratais faighte ó 32 teaghlach Gaeltachta go dáta i mbliana. Ar ndóigh, leis an ardú ar uaslíon na scoláirí gur féidir le teaghlaigh cáilithe a choinneáil ar íostas ó 12 go dtí 16, meastar go mbeidh 400 leaba breise sa chóras i mbliana.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus muid ag pleanáil don todhchaí, caithfidh fás as cuimse teacht ar líon na gcoláistí samhraidh a bheith ann. Caithfimid díriú isteach ar conas is féidir linn i bhfad Éireann níos mó mná tí a bheith ann agus i bhfad níos mó brúnna a bheith sna ceantair ina bhfuil coláistí samhraidh ann, má táimid chun cuidiú le daltaí eile an buntáiste a thagann as dul chuig coláistí samhraidh a fháil. Chomh maith le sin, má táimid chun cuidiú leo siúd atá sa státchóras dul i ngleic leis an nGaeilge i mbealach níos fearr, ba cheart dúinn an sórt córas atá ann ó thaobh na gcoláistí samhraidh a fhorbairt amach anseo. Níl a fhios agam an bhfuil a fhios ag an Aire, ach tá ceist phraiticiúil ann ón uair a tháinig an t-athrú ar líon na scoláirí ó 12 go dtí 16. Tá fadhbanna fós ann toisc nach féidir árachas a fháil don ceathrar breise i roinnt de na tithe ina bhfuil mná tí in ann glacadh le páistí breise. An bhfuil aon rud gur féidir leis an Roinn a dhéanamh chun cuidiú leo siúd nach féidir árachas breise a fháil don ceathrar breise sin?

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má tá fadhbanna ansin, an féidir leis an Teachta an t-eolas sin a sheoladh chugam agus taispeánfaidh mé é do mo chuid oifigigh inniu nó amárach. Mar a dúirt mé, tá liosta de suas le 80 teaghlach atá ag léiriú suim in uaslíon 16 scoláire a bheith acu seolta ag na coláistí Gaeilge ar fud na tíre chuig mo Roinn. Tá oifigigh na Roinne ag déanamh measúnú orthu seo agus ag déanamh teagmháil leis na teaghlaigh iúd i láthair na huaire.