Dáil debates

Thursday, 18 May 2023

Ceisteanna Eile - Other Questions

Coláistí Samhraidh

10:00 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá roinnt beartas ceadaithe faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge le bliain anuas chun tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na gcoláistí Gaeilge agus do theaghlaigh nua atá ag teacht isteach sa chóras. Cuireadh ardú ar an deontas laethúil ó €10 go €12. Is ardú de 20% ar an deontas é sin. Anuas air sin, ceadaíodh ardú ó €2,000 go €6,000 ar an deontas tosaithe atá ar fáil do theaghlaigh a chláraíonn faoin scéim don chéad uair agus do theaghlaigh atá imithe as an gcóras le tréimhse chúig bliana agus atá ag iarraidh athchlárú faoin scéim. Clúdaíonn an deontas seo costais a bhaineann le measúnú shábháilteacht dóiteáin a dhéanamh ar an teach, mar aon le costais a bhaineann le trealaimh faoi leith chun lóistín a chur ar fáil. Tá iarratais ar aitheantas faighte ó 32 teaghlach Gaeltachta go dáta in 2023 chun lóistín a chur ar fáil faoin scéim. Ós rud é go mbíonn iarratais á ndéanamh ar bhonn leanúnach, táthar ag súil le tuilleadh iarratas fós i mbliana. Chláraigh 39 teaghlach faoin scéim in 2022, rud a thugann le fios go bhfuil suim á léiriú sa scéim i gcónaí.

Níor mhiste a lua chomh maith gur fhógair mé le gairid go bhfuil cead anois ag teaghlaigh atá cáilithe faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge uaslíon de 16 scoláire a choinneáil ar íostas leo ach an spás sin a bheith ar fáil acu. Is méadú é sin ó 12 go 16 scoláire, rud a chiallaíonn go mbeidh deis ag teaghlaigh ioncam breise a shaothrú dá bharr. Anuas air seo uile, cuireadh breis scoláireachtaí ar fáil chun go mbeadh deiseanna breise ag daltaí iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht. Idir na bearta seo uile, meastar go mbeidh suas le 400 leaba breise ar fáil sa chóras i mbliana le hais 2022. Níl aon bheartas breise ar na bacáin faoi láthair ach, ar ndóigh, bíonn an Roinn i gcónaí ag faire amach d'aon deis chun tuilleadh fós a dhéanamh ar leas earnáil na gcoláistí Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.