Dáil debates

Thursday, 18 May 2023

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

9:20 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

4. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Uimh. 76 ar an 26 Eanáir 2023, cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an tríú gné den obair athbhreithniúcháin atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na córais agus maidir leis an gcur chuige atá i ngníomh ag an údarás faoi láthair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus maidir leis na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riaradh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23445/23]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann mo cheist go sonrach le hÚdarás na Gaeltachta agus go háirithe, ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na hanailíse nó na hoibre atá idir lámha aige ó thaobh dul chun cinn na Gaeilge sna cliantchomhlachtaí.

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil leasaithe déanta ag an eagraíocht ar na córais agus an cur chuige riaracháin a bhí in úsáid roimhe seo chun measúnú agus monatóireacht a dhéanamh ar na pleananna teanga atá aontaithe agus á bhfeidhmiú ag a chuid cliantchuideachtai. Tuigtear dom go bhfuil an córas sin i bhfeidhm ó bhí tús 2022 ann agus go bhfuiltear ag leanúint an chórais, dá réir. Tá ráite ag an údarás go mbaineann an tríú gné den obair seo le taighde a choimisiúnaigh an eagraíocht atá dírithe ar eolas agus tuairimí a bhailiú ó fhostóirí agus ó fhostaithe a chliant maidir le húsáid na Gaeilge sa ghnó. Fuarthas aischothú ó bheagnach 800 fostaí i suirbhé a rinneadh mar chuid den taighde sin agus tá dréacht-thuairisc ina leith curtha faoi bhráid an údaráis.

San áireamh sa tuairisc sin, tá eolas faoi thorthaí an taighde agus tá moltaí déanta maidir leis na bealaí a d'fhéadfaí tacú leis na cliantchuideachtaí - na fostaithe go háirithe - níos mó Ghaeilge a úsáid sa ghnó, sa bhaile agus sa phobal. Tá curtha in iúl ag an údarás go bhfuil fócas na heagraíochta anois ag díriú ar na bealaí gur féidir léi tionchar a imirt ar iompar agus ar chleachtas teanga an 8,000 fostaí atá ag obair ina chliantchuideachtaí ar fud na Gaeltachta, ní hamháin ar an láthair ghnó ach taobh amuigh de chomh maith.

Tá an t-údarás ag súil le scéim nua tacaíochta a fhorbairt agus a thairiscint bunaithe ar an taighde agus na moltaí atá déanta. Tá tugtha le fios aige go bhfuil an obair sin idir lámha faoi láthair agus go mbeidh an scéim sin á forbairt agus á soláthar i gcomhar le páirtithe leasmhara eile sa phobal a thugann tacaíocht don teanga i réimse eile ar nós réimse an teaghlaigh, an luathoideachais agus an óige.

Tuigtear dom go ndéanfar an scéim seo a thairiscint ar bhonn phíolótach do líon aontaithe cliaint ar dtús sa chaoi is gur féidir an t-éileamh agus cur chuige na scéime a thástáil chomh maith le modhanna éifeachtacha a aimsiú chun tionchar na scéime a thomhais. Déanfar an obair sin idir seo agus deireadh na bliana agus tá an t-údarás ag súil go mbeidh scéim nua réidh le fógairt ansin in Eanáir 2024.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire. Is dócha, má bhreathnaímid i gcomhthéacs amháin, go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ach i gcomhthéacs eile is é seo an deichiú ceist inniu uaim, mar chuir mé naoi gcinn roimhe seo, chun a fháil amach cén saghas monatóireachta atá i gceist ag Údarás na Gaeltachta agus ardmheas tuillte ag an údarás. Táimse ag díriú isteach ar na cliantchomhlachtaí, na pleananna teanga agus gan mhonatóireacht ar bith á déanamh go dtí seo orthu. De bharr na ndeich gceist atá curtha agam, bhí mé ag súil le plean gnímh ag dul siar mar is é ceann de na freagraí a fuair mé ná go raibh plean gnímh i gceist. Cá bhfuil an plean gnímh sin agus an bhfuil an tuarascáil nó an anailís le foilsiú? An mbeimid in ann í a fheiceáil agus cad é toradh na hoibre atá déanta acu agus neart airgid caite ag comhlachtaí chun an anailís seo a dhéanamh?

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, tá sé curtha in iúl ag an údarás go bhfuil fócas na heagraíochta anois ag díriú ar na bealaí gur féidir leis tionchar a imirt ar iompar agus ar chleachtas teanga leis na 8,000 fostaí atá ag obair ina chliantchuideachtaí ar fud na Gaeltachta. Agus an próiseas pleanála teanga faoi lán seoil sa Ghaeltacht, tá deis níos mó ná riamh ag an údarás agus ag na pobail áitiúla labhairt leis na comhlachtaí, leis an mbainistíocht agus leis na fostaithe araon faoin dtionchar mór a d'fhéadfaidís a imirt sa limistéar pleanála teanga ina bhfuil siad lonnaithe ó thaobh na Gaeilge de, agus dul i gcion orthu go bhfuil ról tábhachtach acu go léir i gcothú agus le sealbhú na teanga. B'fhéidir go mbeidh níos mó eolais a fháil agam nuair a bheidh deis agam labhairt leis na hoifigigh. Déanfaidh mé an t-eolas sin a sheoladh don Teachta níos déanaí, má tá sé sin á iarraidh aici.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh tuilleadh eolais ach tá mé ag breathnú siar agus ar an 8 Samhain den bhliain seo caite, fuair mé anailís de thoradh an tsuirbhé agus bunaithe ar an anailís a bhí críochnaithe ag an am sin, bhí sé i gceist plean gnímh a chur le chéile. Go sonrach arís, cá bhfuil an plean gnímh sin agus cá bhfuil torthaí na hanailíse sin le feiceáil? Is rud maith go bhfuil siad chun díriú isteach anois air ach tá an tAire ag labhairt faoi thogra píolótach. Ar bhealach amháin, is maith an rud é sin ach tá dualgais i bhfad níos tromchúisí ar Údarás na Gaeltachta ná mar atá ar an Industrial Development Authority, IDA, nó ar Fhiontraíocht Éireann. Is iad sin chun fostaíocht a chothú, pobal a chothú agus teanga a chothú. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh fostaíocht sna Gaeltachtaí uile ach é a bheith fite fuaite leis an teanga. Arís, fiafraím den Aire, cá bhfuil toradh na hanailíse? Táim ag díriú isteach ar an gceist seo le breis is dhá bhliain anois. Cá bhfuil an taighde sin le feiceáil?

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sa chur chuige leasaithe atá curtha i bhfeidhm ag an údarás ó thús 2022, aontaítear pleananna teanga ar bhunús tréimhse trí bliana leis an gcliant. Aontaítear plean teanga bunaithe ar líon aontaithe spriocanna gníomhaíochtaí a bheith bainte amach gach bliain le linn na tréimhse sin agus déantar measúnú agus monatóireacht ar dhul chun cinn na spriocanna go bliantúil. Faoi dheireadh mhí Aibreáin, bhí pleananna teanga nua agus athbhreithniú aontaithe le 29 gcliant ó thús na bliana. Má tá torthaí eile á iarraidh ag an Teachta, beidh mé ag caint le m’oifigigh tar éis na gceisteanna seo agus seolfaidh mé iad siúd chuici.