Dáil debates

Thursday, 18 May 2023

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

9:20 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Tá tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil leasaithe déanta ag an eagraíocht ar na córais agus an cur chuige riaracháin a bhí in úsáid roimhe seo chun measúnú agus monatóireacht a dhéanamh ar na pleananna teanga atá aontaithe agus á bhfeidhmiú ag a chuid cliantchuideachtai. Tuigtear dom go bhfuil an córas sin i bhfeidhm ó bhí tús 2022 ann agus go bhfuiltear ag leanúint an chórais, dá réir. Tá ráite ag an údarás go mbaineann an tríú gné den obair seo le taighde a choimisiúnaigh an eagraíocht atá dírithe ar eolas agus tuairimí a bhailiú ó fhostóirí agus ó fhostaithe a chliant maidir le húsáid na Gaeilge sa ghnó. Fuarthas aischothú ó bheagnach 800 fostaí i suirbhé a rinneadh mar chuid den taighde sin agus tá dréacht-thuairisc ina leith curtha faoi bhráid an údaráis.

San áireamh sa tuairisc sin, tá eolas faoi thorthaí an taighde agus tá moltaí déanta maidir leis na bealaí a d'fhéadfaí tacú leis na cliantchuideachtaí - na fostaithe go háirithe - níos mó Ghaeilge a úsáid sa ghnó, sa bhaile agus sa phobal. Tá curtha in iúl ag an údarás go bhfuil fócas na heagraíochta anois ag díriú ar na bealaí gur féidir léi tionchar a imirt ar iompar agus ar chleachtas teanga an 8,000 fostaí atá ag obair ina chliantchuideachtaí ar fud na Gaeltachta, ní hamháin ar an láthair ghnó ach taobh amuigh de chomh maith.

Tá an t-údarás ag súil le scéim nua tacaíochta a fhorbairt agus a thairiscint bunaithe ar an taighde agus na moltaí atá déanta. Tá tugtha le fios aige go bhfuil an obair sin idir lámha faoi láthair agus go mbeidh an scéim sin á forbairt agus á soláthar i gcomhar le páirtithe leasmhara eile sa phobal a thugann tacaíocht don teanga i réimse eile ar nós réimse an teaghlaigh, an luathoideachais agus an óige.

Tuigtear dom go ndéanfar an scéim seo a thairiscint ar bhonn phíolótach do líon aontaithe cliaint ar dtús sa chaoi is gur féidir an t-éileamh agus cur chuige na scéime a thástáil chomh maith le modhanna éifeachtacha a aimsiú chun tionchar na scéime a thomhais. Déanfar an obair sin idir seo agus deireadh na bliana agus tá an t-údarás ag súil go mbeidh scéim nua réidh le fógairt ansin in Eanáir 2024.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.