Dáil debates

Tuesday, 21 February 2023

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

10:10 pm

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

78. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht conas atá sé i gceist aici cothromaíocht inscne agus cothromas a chaomhnú ar bhord Údarás na Gaeltachta i bhfianaise na moltaí reachtaíochta nua chun toghcháin don chomhlacht a athbhunú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8500/23]

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann an cheist seo le toghcháin d’Údarás na Gaeltachta. Ba mhaith liom a fhiafraí den Aire Stáit conas atá sé i gceist aige cothromaíocht inscne agus cothromas a chaomhnú ar bhord Údarás na Gaeltachta i bhfianaise na moltaí reachtaíochta nua.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi réir chinneadh an Rialtais roimh an Nollaig, aontaíodh gur próiseas toghcháin agus roghnúcháin a bheidh ann in áit an phróisis ainmniúcháin agus roghnúcháin atá i bhfeidhm faoi láthair mar a bhaineann sé leis an gcaoi a gceaptar bord Údarás na Gaeltachta. Faoin mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022, atá á bheartú, is bord de 16 duine in áit 12 a bheidh ann nuair atá saolré an chéad bhoird eile caite ag deireadh 2024. Faoin leasú reachtaíochta, in áit seachtar a bheith ainmnithe chuig an mbord ag na húdaráis áitiúla lena mbaineann cúrsaí, mar atá i bhfeidhm le deich mbliana anuas, toghfar deichniúr thar ceann na gceantar Gaeltachta agus ceapfar an seisear eile de thoradh comórtas poiblí. Ar nós mar atá i bhfeidhm faoi láthair, is í nó é an tAire a cheapfaidh cathaoirleach an bhoird.

Tá ceannteidil an Bhille seolta ag mo Roinn le gairid chuig Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le haghaidh scrúdú réamhreachtach. Mar chuid den scrúdú sin, tá iarrtha agam ar an gcoiste scrúdú a dhéanamh ar bhearta chun cothromaíocht inscne iomchuí a bhaint amach sa phróiseas roghnúcháin nó toghcháin, i gcomhréir le beartas an Rialtais maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird Stáit.

Maidir leis an mbord a bheidh i bhfeidhm idir seo agus tús 2025, d'fhógair mé le gairid go bhfuil seachtar den 12 duine a bheidh ar an mbord i ndeireadh báire ceaptha anois. Fágann sé seo go bhfuil córam ag an mbord reatha agus go bhfuil an eagraíocht in ann feidhmiú mar is gnáth. Is fir uilig iad siúd a d'ainmnigh na húdaráis áitiúla agus is mná iad an bheirt atá athcheaptha agam féin agus ag an Aire.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an bhfreagra sin. Ceann de na fáthanna a raibh daoine i bpobal na Gaeilge diongbháilte go bhfillfí ar thoghcháin d’Údarás na Gaeltachta ná chun guth an phobail sin a chur i gcroílár an phróisis cinnteoireachta inár gceantair Ghaeltachta agus do mhuintir na Gaeilge ar fud na cruinne agus ar fud na tíre. Leis sin, ní mór dúinn a chinntiú nach díreach réigiún tíreolaíochta atá i gceist leis an ionadaíocht seo ach go mbeadh dearcthaí éagsúla le cloisteáil ar an mbord agus eispéireas éagsúil freisin. Ba chóir go mbeadh máithreacha, seanaithreacha agus seanmháithreacha laistigh den phróiseas sin agus go mbeadh dearcthaí éagsúla ann. Dúirt an tAire Stáit go mbeadh deichniúr tofa. An mbeidh aon chuóta inscne ag baint leis an deichniúr sin nó leis an seisear atá le ceapadh ag an Aire?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cosúil leis na toghcháin áitiúla, toghcháin na Dála agus toghcháin na hEorpa, beidh cuóta inscne ar na páirtithe a ghlacfaidh páirt sa toghchán. Maidir leis an gcéad cheist a chur an Teachta, beidh an toghchán ar siúl in 2024. Maidir leis an méid a dúirt mé níos luaithe, tá duine den bheirt bhan atá ceaptha agam ceaptha mar chathaoirleach go dtí go mbeidh an chuid eile den bhord réidh le ceapadh tar éis an comórtas poiblí atá beo go dtí an 2 Márta. Faoin gcomórtas sin tá an deis ag an bpobal, idir mhná agus fir, a bheith san áireamh chun a bheith ceaptha ar an mbord. Tá súil agam go dtapóidh mná an deis agus an seans a bheith san áireamh chun a bheith ceaptha ar an mbord seo, agus, go deimhin, ar na boird a bheidh le ceapadh in am tráth nuair a thagann an reachtaíocht leasaithe i bhfeidhm.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aithním go bhfuil jab deacair le déanamh ag an Aire Stáit. Caithfidh sé a chinntiú go mbeidh guthanna éagsúla ó na ceantair éagsúla ar an mbord, ní hamháin ón nGaeltacht ollmhór sin i gContae na Gaillimhe ach fós féin na Gaeltachtaí beaga cosúil le Gaeltacht na nDéise atá againn i bPort Láirge. Leis sin, caithfimid a chinntiú freisin go bhfuil guthanna éagsúla ann ó thaobh an experience atá ag daoine sa saol agus go mbeadh cothromaíocht inscne ann freisin. Dúirt an tAire Stáit go mbeidh cothromaíocht inscne ann ó thaobh na n-iarrthóirí. Aithním é sin agus cuirim fáilte roimhe. Mar a dúirt mé, ní jab éasca atá le déanamh ag an Aire Stáit chun an balance cuí a fháil sa toghchán seo.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tapóidh mé an deis seo, mar Chathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, chun a rá go bhfuil próiseas réamhreachtach ar siúl agus tá mé ag súil go dtabharfaidh an tAire Stáit tacaíocht dúinn sa mhéid atá á dhéanamh againn. I gceann cúpla seachtain beimid ag lorg aighneachtaí ón bpobal agus iad siúd a bhfuil spéis acu sna ceisteanna atá ardaithe ag an Teachta Ó Cathasaigh, sé sin, ceisteanna faoi inscne agus conas gur féidir linn déileáil leo sin ó thaobh na dtoghchán seo. Beidh sé deacair ach ní hamháin sin, tá ceisteanna eile gur chóir dúinn díriú isteach orthu sa chaoi gur féidir linn treoir nó smaointe a chur faoi bhráid na nAirí agus iad ag cur na reachtaíochta le chéile ina iomláine. Má tá daoine ag éisteacht leis an gcomhrá seo nó á léamh, tá súil agam go dtabharfaidh siad tacaíocht dúinn agus go gcuirfidh siad a dtuairimí os ár gcomhair sa chaoi gur féidir linn é seo a phlé. Tá sé i gceist ag an gcoiste déileáil leis seo chomh tapa agus is féidir in Aibreán sa chaoi go mbeidh an seans ag an Aire Stáit an reachtaíocht a rith agus sa chaoi go mbeidh an toghchán againn an bhliain seo chugainn.

10:20 pm

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé buíoch de na Teachtaí. Mar a dúirt mé cheana féin, beidh deis againn nuair atá mé ós comhair an choiste an rud sin a phlé. An rud is tábhachtaí ná go mbeadh na toghcháin ar siúl in 2024. Cuireann an Teachta Ó Cathasaigh ceist an-thábhachtach ós ár gcomhair anocht; is é sin cothromaíocht inscne a bheith an mbord. Beidh sé sin deacair, go deimhin, ach ba chóir dúinn go léir, sna páirtithe éagsúla sa Dáil, ár ndícheall a dhéanamh le déileáil leis an gceist sin agus ceisteanna faoi thaithí na ndaoine a mbeidh mar bhaill de bhord Údaráis na Gaeltachta freisin. Beimid in ann na ceisteanna sin a phlé sa choiste.