Dáil debates

Tuesday, 21 February 2023

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

10:10 pm

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Faoi réir chinneadh an Rialtais roimh an Nollaig, aontaíodh gur próiseas toghcháin agus roghnúcháin a bheidh ann in áit an phróisis ainmniúcháin agus roghnúcháin atá i bhfeidhm faoi láthair mar a bhaineann sé leis an gcaoi a gceaptar bord Údarás na Gaeltachta. Faoin mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022, atá á bheartú, is bord de 16 duine in áit 12 a bheidh ann nuair atá saolré an chéad bhoird eile caite ag deireadh 2024. Faoin leasú reachtaíochta, in áit seachtar a bheith ainmnithe chuig an mbord ag na húdaráis áitiúla lena mbaineann cúrsaí, mar atá i bhfeidhm le deich mbliana anuas, toghfar deichniúr thar ceann na gceantar Gaeltachta agus ceapfar an seisear eile de thoradh comórtas poiblí. Ar nós mar atá i bhfeidhm faoi láthair, is í nó é an tAire a cheapfaidh cathaoirleach an bhoird.

Tá ceannteidil an Bhille seolta ag mo Roinn le gairid chuig Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le haghaidh scrúdú réamhreachtach. Mar chuid den scrúdú sin, tá iarrtha agam ar an gcoiste scrúdú a dhéanamh ar bhearta chun cothromaíocht inscne iomchuí a bhaint amach sa phróiseas roghnúcháin nó toghcháin, i gcomhréir le beartas an Rialtais maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird Stáit.

Maidir leis an mbord a bheidh i bhfeidhm idir seo agus tús 2025, d'fhógair mé le gairid go bhfuil seachtar den 12 duine a bheidh ar an mbord i ndeireadh báire ceaptha anois. Fágann sé seo go bhfuil córam ag an mbord reatha agus go bhfuil an eagraíocht in ann feidhmiú mar is gnáth. Is fir uilig iad siúd a d'ainmnigh na húdaráis áitiúla agus is mná iad an bheirt atá athcheaptha agam féin agus ag an Aire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.