Dáil debates

Thursday, 17 November 2022

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

An Ghaeltacht

9:10 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

4. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuair sí cóip den phlean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó 2024 go 2026 de chuid Chonradh na Gaeilge agus an bhfuil a Roinn tar éis an phlean a scrúdú. [57251/22]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfaca an tAire Stáit, nó an bhfuair sé, cóip den phlean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht? Seo dréacht atá á scaipeadh ag Conradh na Gaeilge faoi láthair mar gheall ar an infheistíocht gur gá chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa todhchaí.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil dréacht den phlean infheistíochta foilsithe ag Conradh na Gaeilge le cúpla lá anuas agus go bhfuil cóip den dréacht feicthe ag feidhmeannaigh mo Roinne. Ó tharla gur dréacht é, níl sé i gceist agam aon ráiteas a dhéanamh ina leith ag an tráth seo. É sin ráite, is féidir a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag cabhrú mar is cuí le cúnamh reatha agus caipitil a chur ar fáil faoi na cláir Ghaeilge agus Ghaeltachta ar leas foriomlán na teanga agus an phobail.

Mar is eol don Teachta, tá infheistíocht shuntasach déanta ag an Rialtas seo sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht le cúpla bliain anuas. D'éirigh liom méadú 10% a fháil ar mhaoiniú d’earnáil na Gaeltachta don bhliain seo chugainn, arb ionann le €8.5 milliún de mhaoiniú breise, agus leithdháileadh iomlán de €94.2 milliún don bhliain 2023. Is ag tógáil ar an méadú a fuarthas don earnáil i 2022 atá an t-allúntas breise seo don bhliain seo chugainn. Úsáidfear an maoiniú méadaithe seo chun na héachtaí a baineadh amach go dtí seo le cur chun feidhme Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a fhorbairt tuilleadh agus chun pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta a fhorbairt agus a chothú sna blianta seo romhainn.

Sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom tagairt ar leith a dhéanamh don straitéis do na healaíona teanga-bhunaithe agus an plean digiteach nua don Ghaeilge atá le foilsiú roimh dheireadh na bliana. Déanaim tagairt freisin don infheistíocht shuntasach atá déanta ag an Rialtas seo i TG4 le cúpla bliain anuas, agus ardú os cionn 40% ar leibhéal maoinithe an stáisiúin le trí bliana anuas. San áireamh leis an soláthar don bhliain seo chugainn, tá €3.3 milliún chun cainéal teilifíse Gaeilge do leanaí a bhunú, rud a bhí á éileamh le blianta. Cuirfidh sé ar chumas TG4 freastal níos fearr a dhéanamh ar na pobail sin a labhraíonn Gaeilge agus deiseanna a chruthú do chainteoirí Gaeilge tríd ábhar a choimisiúnú ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha. Tosóimid 2023 le fuinneamh athnuaite agus le fios againn go bhfuil maoiniú breise ar fáil dúinn chun tacú le forbairt leanúnach na Gaeilge agus na bpobal Gaeltachta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní hé go raibh mé ag súil go mbeadh an tAire Stáit ag tabhairt achoimre ar cad atá foilsithe go dtí seo ag Conradh na Gaeilge ach go raibh mé ag iarraidh déanamh cinnte de go bhfuil sé ar an eolas faoi agus, cosúil le gach duine eile, go mbeidh sé ag moladh do dhaoine cuidiú leis an gconradh nó leo siúd atá ag iarraidh pleananna a chur chun cinn ar mhaithe leis an nGaeilge agus ar mhaithe le hinfheistíocht bhreise a lorg don Ghaeilge.

Sa doiciméad atá agam anseo, tarraingíonn an conradh ár n-aird ar cé chomh as riocht atá an coibhneas idir Údarás na Gaeltachta agus an IDA agus Fiontraíocht Éireann agus an coibhneas idir an Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge. Tá beagán fáis tar éis teacht ar an airgead atá á infheistiú ach tá i bhfad Éireann níos mó á fháil ag na heagrais eile ó thaobh céatadán agus pinginí de i gcomparáid le na heagrais Ghaeilge.

9:20 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm, tá ardú suntasach ar an mbuiséad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht bliain i ndiaidh bliana, rud a fhágann go bhfuil ardú os cionn 40%, beagnach €30 milliún breise, sa bhuiséad don bhliain seo chugainn i gcomparáid leis an mbuiséad trí bliana ó shin. Is é sin an difríocht faoin Rialtas seo. Chomh maith leis sin, thóg muid isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ag deireadh na bliana seo caite. Tá €1 milliún ar fáil chun tús a chur le forbairtí nua ó thaobh na Gaeilge sa Státseirbhís araon le buiséad níos mó agus foireann bhreise in oifig an Choimisinéara Teanga. Go luath, beidh mé ag seoladh plean digiteach don Ghaeilge agus straitéis do na healaíona teangabhunaithe. Tá infheistíocht shuntasach á pleanáil againn sna blianta beaga romhainn. Táimid tiomanta. Nuair a fheictear ar an allúntas atá ag Údarás na Gaeltachta an bhliain seo chugainn i gcomparáid leis an méid a bhí á fháil aige trí nó ceithre bliana ó shin, feictear go bhfuil difríocht an-mhór ann. Beimid ag scrúdú an plean seo ó Chonradh na Gaeilge agus táim tiomanta chun an infheistíocht seo a fheabhsú tríd na blianta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Léiríonn an plean seo go bhfuil pobal na Gaeilge ag féachaint ar an todhchaí agus ag iarraidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint, cur le líon na nGaeilgeoirí sa tír ina iomláine agus cosaint cheart a thabhairt don Ghaeltacht. Is é sin an fáth go bhfuil plean uaillmhianach de dhíth a leagfadh amach go díreach cén caiteachas atá riachtanach ní sna cáinaisnéisí bliain i ndiaidh bliana, ach thar tréimhse níos faide. Tá an conradh ag déanamh an iarracht sin. Ní hé go n-aontaím le gach rud atá ann ach tá smaointe maithe ann agus ba chóir dúinn ar fad, san Fhreasúra agus sa Rialtas, féachaint air seo agus, más féidir linn in aon chor, cuidiú agus cur leis. Tá aitheantas tugtha don Aire Stáit agus don Rialtas as an airgead atá caite go dtí seo agus as an airgead a bheidh á chaitheamh, ach is léir ón dréacht seo gur gá i bhfad Éireann níos mó ó thaobh caiteachais Stáit de chun an coibhneas a bhí ann idir na heagrais a luaigh mé a bhaint amach arís. Táthar ag caint faoi mhilliúin de phuint bhreise a chaitheamh gach bliain.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, tá sé an-tábhachtach an plean infheistíochta seo a scrúdú. Tá mo Roinn i dteagmháil le Conradh na Gaeilge an t-am ar fad maidir le gach rud. Tá sé tábhachtach go bhfuil an plean seo ag Conradh na Gaeilge. Mar is eol don Teachta, is ar fheidhmiú leanúnach an plean gníomhaíochta don Ghaeilge agus an straitéis 20 bliain don Ghaeilge atá clár oibre mo Roinn dírithe. Go deimhin, sheol mé an tríú tuairisc bhliantúil ar dul chun cinn an phlean ghníomhaíochta le déanaí ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne. Tá sé le feiceáil go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh, go háirithe leis an bpróiseas pleanála teanga. Tugadh maoiniú suntasach breise d'Údarás na Gaeltachta le dhá bhliain anuas chun fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht agus le dul i ngleic leis na fadhbanna a chruthaigh an phaindéim dá chuid cliantchomhlachtaí. Leis an méadú 10% ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain seo chugainn, beidh mo Roinn ag breathnú ar cad ar chóir a dhéanamh leis an gciste ardaithe chun go mbeifear in ann an leas is fearr is féidir a bhaint as sna blianta atá romhainn.