Dáil debates

Thursday, 17 November 2022

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

An Ghaeltacht

9:10 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil dréacht den phlean infheistíochta foilsithe ag Conradh na Gaeilge le cúpla lá anuas agus go bhfuil cóip den dréacht feicthe ag feidhmeannaigh mo Roinne. Ó tharla gur dréacht é, níl sé i gceist agam aon ráiteas a dhéanamh ina leith ag an tráth seo. É sin ráite, is féidir a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag cabhrú mar is cuí le cúnamh reatha agus caipitil a chur ar fáil faoi na cláir Ghaeilge agus Ghaeltachta ar leas foriomlán na teanga agus an phobail.

Mar is eol don Teachta, tá infheistíocht shuntasach déanta ag an Rialtas seo sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht le cúpla bliain anuas. D'éirigh liom méadú 10% a fháil ar mhaoiniú d’earnáil na Gaeltachta don bhliain seo chugainn, arb ionann le €8.5 milliún de mhaoiniú breise, agus leithdháileadh iomlán de €94.2 milliún don bhliain 2023. Is ag tógáil ar an méadú a fuarthas don earnáil i 2022 atá an t-allúntas breise seo don bhliain seo chugainn. Úsáidfear an maoiniú méadaithe seo chun na héachtaí a baineadh amach go dtí seo le cur chun feidhme Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a fhorbairt tuilleadh agus chun pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta a fhorbairt agus a chothú sna blianta seo romhainn.

Sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom tagairt ar leith a dhéanamh don straitéis do na healaíona teanga-bhunaithe agus an plean digiteach nua don Ghaeilge atá le foilsiú roimh dheireadh na bliana. Déanaim tagairt freisin don infheistíocht shuntasach atá déanta ag an Rialtas seo i TG4 le cúpla bliain anuas, agus ardú os cionn 40% ar leibhéal maoinithe an stáisiúin le trí bliana anuas. San áireamh leis an soláthar don bhliain seo chugainn, tá €3.3 milliún chun cainéal teilifíse Gaeilge do leanaí a bhunú, rud a bhí á éileamh le blianta. Cuirfidh sé ar chumas TG4 freastal níos fearr a dhéanamh ar na pobail sin a labhraíonn Gaeilge agus deiseanna a chruthú do chainteoirí Gaeilge tríd ábhar a choimisiúnú ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha. Tosóimid 2023 le fuinneamh athnuaite agus le fios againn go bhfuil maoiniú breise ar fáil dúinn chun tacú le forbairt leanúnach na Gaeilge agus na bpobal Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.