Dáil debates

Thursday, 20 January 2022

Ceisteanna Eile - Other Questions

Ceisteanna Craolacháin

11:20 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

74. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici aon dlí a chur i bhfeidhm sa stát seo bunaithe ar mhúnla an dlí DDADUE sa Fhrainc chun an treoir Eorpach um sheirbhísí meán closamhairc a chur i bhfeidhm ar chaoi a dhéanfaidh cosaint agus cur chun cinn ar earnáil closamhairc agus scannánaíochta na hÉireann agus go háirithe na Gaeilge, agus ráiteas a thabhairt ar an gcomhréiteach socraithe le déanaí idir an Fhrainc agus na comhlachtaí sruthaithe. [2635/22]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sa Fhrainc, ar Netflix agus Disney+ agus araile, caitear 20% den ioncam a fhaigheann siad ar ábhair a dhéantar sa Fhrainc, a chosnaíonn agus a thugann tacaíocht bhreise don earnáil scannánaíochta. An bhfuil sé i gceist an macasamhail den DDADUE na Fraince, a chuireann treoir Eorpach um sheirbhísí meán closamhairc i bhfeidhm, a thabhairt isteach anseo?

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag teacht leis an treoir athbhreithnithe um sheirbhísí meán closamhairc, foráiltear sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne a foilsíodh le déanaí go bhféadfadh coimisiún na meán tobhach ábhair a ghearradh ar sheirbhísí teilifíse agus físe ar éileamh atá ar fáil sa Stát chun tacú le léiriú cláir chlosamhairc nua i réimsí éagsúla lena n-áirítear an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann, athrú aeráide, agus comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú. Forálann an Bille freisin go n-úsáidfí íosmhéid de 25% den mhaoiniú a bhaileofaí sa tobhach ábhair le haghaidh léiriú chláir Ghaeilge.

Ní bhainfeadh aon tobhach ach le hioncam a thuillfí laistigh den Stát agus ghearrfaí é go cothrom ar gach seirbhís a dhíríonn ar mhargadh na hÉireann, rud a chiallaíonn go mbeadh soláthraithe seirbhísí meán in Éirinn ar nós RTÉ agus Virgin Media faoi réir an tobhaigh. Ina theannta sin, bheadh seirbhísí in Éirinn agus seirbhísí atá lonnaithe san Aontas Eorpach i dteideal iarratas a dhéanamh ar an gciste um léiriú ábhair a bhunófaí mar thoradh ar an tobhach. Bheadh rioscaí chomh maith le buntáistí ann mar gheall air seo agus dá réir sin, ní chuirfí tús leis na forálacha tobhaigh sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne ach amháin sa chás go léireofaí i dtaighde déanta ag coimisiún na meán go mbeadh tabhairt isteach tobhaigh den sórt sin ina fhoinse maoinithe cothrom agus inmharthana d’ábhar Éireannach.

Tuigim go bhfuil údaráis na Fraince chun oibleagáidí infheistíochta a fhorchur ar sheirbhísí sruthaithe ar nós Netflix agus Amazon. Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus trédhearcacht socraíodh gurbh é tobhach ábhair an cur chuige is oiriúnaí don cheist i gcomhthéacs na hÉireann. Ar nós na scéime fuaime agus físe atá ann faoi láthair, ligfeadh an múnla atá beartaithe sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne do léiritheoirí dul san iomaíocht le haghaidh maoinithe ar bhonn trédhearcach agus iomaíocht de réir chritéir oibiachtúla. Ní bheadh sé seo amhlaidh maidir le hoibleagáidí infheistíochta, ina mbeadh cinntí maidir le cineál an ábhair a bheadh le maoiniú le déanamh ag an gcuideachta faoi réir na hoibleagáide infheistíochta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dá mbeadh na rialacha mar atá siad leagtha síos sa Fhrainc i gceist maidir le, mar shampla, Netflix in Éirinn, chuirfeadh sé €10 milliún bhreise ar leataobh lena chinntiú go mbeadh ábhar breise scannánaíochta nó cláir chlosamhairc ar fáil. Mar chuid den chóras sa Fhrainc, caithfear 75% den 20% a chaitheamh ar ábhair i bhFraincis.

Tá sé tábhachtach, agus muid ag féachaint air seo, go dtarlóidh sé sin. Mar a dúirt an tAire, tá RTÉ agus a leithéid i gceist. Tá ualach á chur orthu íoc arís amach anseo. Caithfidh siad a n-obair féin a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. Sa chás seo, táim ag impí go mbeadh ar Netflix agus a leithéid ar a laghad 20% nó 25% dá n-ioncam a chaitheamh ar na hábhair seo agus go dtabharfar tús áite don Ghaeilge.

11:30 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar eolas, i mí an Mheithimh 2021, d'fhoilsigh Rialtas na Fraince foraithne inar leagadh amach na hoibleagáidí atá ar sheirbhísí físe ar éileamh ar nós Netflix, Amazon Prime Video agus Disney+ maidir le saothair Fhrancacha agus Eorpacha a mhaoiniú. Sonraítear san fhoraithne go bhfuil ar sheirbhísí síntiúis ar a laghad 20% dá n-ioncam bliantúil sa Fhrainc a chur ar fáil d'fhorbairt léiriú scánnánaíochta nó closamhairc ó thíortha Eorpacha nó ón bhFrainc. Is fiú a lua go bhfuil oibleagáidí i bhfeidhm cheana féin faoi chreat rialála reatha na hÉireann maidir le craoltóirí. Mar shampla, caithfidh craoltóirí 10% den am craolta nó 10% den bhuiséad clár a leithdháileadh ar léiriúcháin neamhspleácha. Maidir le hoibleagáidí infheistíochta ar sheirbhísí físe ar éileamh, ar mhaithe le comhsheasmhacht agus trédhearcacht, socraíodh gurb é tobhach ábhair an cur chuige is oiriúnaí don cheist i gcomhthéacs na hÉireann, mar a dúirt mé cheana. Ar nós na scéime fuaime agus físe atá ann faoi láthair, ligfidh an múnla atá beartaithe sa Bhille um rialáil sábháilteachta agus meán ar líne do na léiritheoirí dul san iomaíocht le haghaidh maoinithe ar bhonn trédhearcach agus iomaíoch de réir critéir oibiachtúla. Ní bheadh sé seo amhlaidh maidir le hoibleagáidí infheistíochta ina mbeadh cinntí déanta maidir le cineál an ábhair. Ina theannta sin, faoi dhlí an AE, ní féidir oibleagáid infheistíochta a thabhairt isteach bunaithe ar chraobh léirithe faoi leith san Eoraip. Is féidir liom níos mó info a chur ar fáil don Teachta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire. Tuigim an cás. Is é an fáth a bhfuil mé ag díriú air seo ná go bhfuil muid ag iarraidh déanamh cinnte de, nuair atá oibleagáidí á leagan síos do sheirbhísí teilifíse agus a leithéid sa tír seo, go bhfuil na seirbhísí sruthaithe ar nós Netflix gafa leis na hoibleagáidí sin agus go mbeadh oibleagáidí orthu cloí le pé dlíthe atá ann ní hamháin san Eoraip, ach sa tír seo freisin. Sa chás seo, tá an Fhrainc tar éis léiriú dúinn gur féidir oibleagáidí a chur síos atá níos déine ná na hoibleagáidí atá ann ó thaobh na hEorpa de chun cosaint a dhéanamh ar an gcóras scannánaíochta agus a leithéid ina tír féin agus ar an teanga náisiúnta atá aici.

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leanfaidh mé ar aghaidh mar ní raibh mé críochnaithe. Má tá aon eolas breise ag teastáil ón Teachta, cuirfidh mo Roinn é ar aghaidh chuige. Faoi dhlí an AE, ní féidir oibleagáid infheistíochta a thabhairt isteach bunaithe ar chraobh léirithe faoi leith san Eoraip. Is féidir oibleagáid a thabhairt isteach chun ábhar a léiriú nó infheistíocht a dhéanamh in ábhair i dteanga áirithe, mar atá ann sa Fhrainc, faoi chásdhlí an AE toisc gur cuspóir chun leasa chách é teanga oifigiúil ballstáit a chaomhnú agus a chur chun cinn. Mar a dúirt mé níos luaithe, cinntíonn ár gcur chuige maidir leis an dtobhach ar léiriú ábhair cheana féin go gcaitear ar a laghad 25% den airgead a bhailítear a chaitheamh ar léiriú ábhair Ghaeilge. Is fiú a lua chomh maith go gcaithfidh aon oibleagáid infheistíochta a bheith le haghaidh léiriúcháin ó thíortha Eorpacha agus ní gá go mbeadh ábhair Éireannach i gceist. Is dócha go gcomhlíonfadh go leor soláthróirí móra atá bunaithe san AE atá ag díriú ar Éirinn an riachtanas seo cheana féin tríd a n-infheistíocht reatha. Mar sin, is dócha nach mbeadh beart den sórt sin ina bhuntáiste d'Éirinn.