Dáil debates

Thursday, 20 January 2022

Ceisteanna Eile - Other Questions

Ceisteanna Craolacháin

11:20 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Ag teacht leis an treoir athbhreithnithe um sheirbhísí meán closamhairc, foráiltear sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne a foilsíodh le déanaí go bhféadfadh coimisiún na meán tobhach ábhair a ghearradh ar sheirbhísí teilifíse agus físe ar éileamh atá ar fáil sa Stát chun tacú le léiriú cláir chlosamhairc nua i réimsí éagsúla lena n-áirítear an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann, athrú aeráide, agus comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú. Forálann an Bille freisin go n-úsáidfí íosmhéid de 25% den mhaoiniú a bhaileofaí sa tobhach ábhair le haghaidh léiriú chláir Ghaeilge.

Ní bhainfeadh aon tobhach ach le hioncam a thuillfí laistigh den Stát agus ghearrfaí é go cothrom ar gach seirbhís a dhíríonn ar mhargadh na hÉireann, rud a chiallaíonn go mbeadh soláthraithe seirbhísí meán in Éirinn ar nós RTÉ agus Virgin Media faoi réir an tobhaigh. Ina theannta sin, bheadh seirbhísí in Éirinn agus seirbhísí atá lonnaithe san Aontas Eorpach i dteideal iarratas a dhéanamh ar an gciste um léiriú ábhair a bhunófaí mar thoradh ar an tobhach. Bheadh rioscaí chomh maith le buntáistí ann mar gheall air seo agus dá réir sin, ní chuirfí tús leis na forálacha tobhaigh sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne ach amháin sa chás go léireofaí i dtaighde déanta ag coimisiún na meán go mbeadh tabhairt isteach tobhaigh den sórt sin ina fhoinse maoinithe cothrom agus inmharthana d’ábhar Éireannach.

Tuigim go bhfuil údaráis na Fraince chun oibleagáidí infheistíochta a fhorchur ar sheirbhísí sruthaithe ar nós Netflix agus Amazon. Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus trédhearcacht socraíodh gurbh é tobhach ábhair an cur chuige is oiriúnaí don cheist i gcomhthéacs na hÉireann. Ar nós na scéime fuaime agus físe atá ann faoi láthair, ligfeadh an múnla atá beartaithe sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne do léiritheoirí dul san iomaíocht le haghaidh maoinithe ar bhonn trédhearcach agus iomaíocht de réir chritéir oibiachtúla. Ní bheadh sé seo amhlaidh maidir le hoibleagáidí infheistíochta, ina mbeadh cinntí maidir le cineál an ábhair a bheadh le maoiniú le déanamh ag an gcuideachta faoi réir na hoibleagáide infheistíochta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.