Dáil debates

Thursday, 11 November 2021

Ceisteanna Eile - Other Questions

Pleanáil Teanga

11:50 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

114. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte Uimhir 34 ar an 5ú Deireadh Fómhair 2021, an dtabharfaidh sí soiléiriú ar stádas phlean teanga Oileán Árann agus plean teanga na Gaeltachta Láir; cathain a cheadófar na 26 phlean teanga; cé mhéad plean díobh sin atá ag feidhmiú faoi láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [55211/21]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann mo cheist le stádas phlean teanga Oileáin Árann agus plean teanga Ghaeltacht an Láir. Cén uair a bheidh na 26 plean teanga foilsithe? Cé mhéad atá ag feidhmiú faoi láthair?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá na pleananna teanga d'Oileáin Árann agus do Ghaeltacht an Láir á meas ag mo Roinn faoi láthair. Bhí deis agam le gairid plean teanga Oileáin Árann a phlé le hionadaithe na n-oileán sin. Is i dtreo plean teanga Oileáin Árann agus plean teanga Ghaeltacht an Láir a bheith faofa gan rómhoill eile atá mé féin agus mo Roinn ag obair. Ach an próiseas meastóireachta a bheith curtha i gcrích ag mo Roinn, beidh an dá phlean sin ar an 25ú agus 26ú plean teanga do na limistéir phleanála teanga le bheith ceadaithe. As an 24 plean teanga atá faofa do na limistéir phleanála teanga, tá 19 ag feidhmiú faoi láthair.

Tá 17 oifigeach pleanála teanga agus ceathrar oifigeach cúnta pleanála teanga i mbun oibre faoi láthair, le hoifigeach pleanála teanga úr le tosú i dToraigh go luath.

Is fiú a lua go bhfuil pleananna teanga ceadaithe i gceithre bhaile seirbhíse Gaeltachta agus trí líonra Gaeilge faoi Acht na Gaeltachta 2012 chomh maith. Tríd is tríd, táim sásta go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh leis an bpróiseas agus beidh mé ag súil le tógáil air sin in 2022. Chuige sin, bhí mé an-sásta gur shlánaigh mé ardú ar an gciste a bheidh ar fáil don phleanáil teanga do 2022 sa cháinaisnéis a fógraíodh an mhí seo caite, rud a chiallóidh go mbeidh ciste de €5.8 milliún ar fáil don phróiseas an chéad bhliain eile. Beidh an sciar is mó den chistíocht ar leas chur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga ag dul i dtreo fheidhmiú na bpleananna teanga in 2022. Ina theannta sin, ar aon dul le blianta eile, tá maoiniú á chur i dtreo earnálacha a thacaíonn leis an bpróiseas - réimse gnímh an teaghlaigh, na luathbhlianta agus na healaíona traidisiúnta.

Bíonn mo Roinn i gcónaí ag iarraidh a chinntiú go mbaintear an leas is fearr is féidir as an infheistíocht shuntasach bhreise atá curtha ar fáil ón Státchiste don phróiseas le blianta beaga anuas. Meabhraítear go bhfuil €100,000 sa bhliain ar fáil do na limistéir sa ghnáthshlí ach le 50% níos mó ná sin do limistéir a shásaíonn critéir áirithe. Tá allúntas suas le €80,000 ar fáil freisin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fáiltím roimh an dea-scéal go bhfuil suas le €100,000 faofa do chathair na Gaillimhe mar aitheantas ar na dúshláin bhreise a bhaineann léi ach bhain mo cheist le stádas phlean teanga Oileáin Árann agus Ghaeltacht an Láir. Tá sé ráite ag an Aire Stáit go mbeidh siad faofa gan rómhoill. Táimid ag cloisteáil an freagra ceannann céanna le bliain anuas. Cén uair go cruinn a bheidh na pleananna faofa ag Roinn an Aire Stáit? Cén fhad atá sé os a chomhair?

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a luaigh mé, tá na pleananna don dá limistéar pleanála teanga faoi leith, Oileáin Árann agus Gaeltacht an Láir, á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair. Bhí deis agam le gairid plean teanga Oileáin Árann a phlé le hionadaithe na n-oileán nuair a bhí mé sna Forbacha cúpla seachtain ó shin. Bhí cruinniú maith agam leis an ngrúpa sin. Tá an próiseas seo ar siúl anois. Beidh an grúpa sin ag dul ar ais go dtí Oileáin Árann chun na ceiste agus an chiste seo a phlé. Tá na hoifigigh i dteagmháil leo. Nuair atá siad ar ais, tá súil agam go mbeimid in ann an plean seo a chríochnú.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as an soiléiriú sin. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit agus a oifigigh i mbun oibre ach tá práinn leis seo. Is í mo cheist go díreach ná cén fhad atá na pleananna os comhair an Aire Stáit nó os comhair na Roinne.

Baineann an próiseas pleanála teanga leis an nGaeilge a chothú, a neartú agus a láidriú, toisc go bhfuil stádas na Gaeilge i mbaol. Tá sé sin aitheanta againn go léir agus ag an lucht acadúil. Seo cuid den phróiseas don 26 limistéar pleanála teanga. Cé mhéad atá ag feidhmiú agus cén uair a bheidh an dá phlean seo faofa?

12:00 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, beidh siad críochnaithe. Bhí cruinniú maith againn leis an ngrúpa seo agus beidh muid ar ais. Tá na hoifigigh sna Forbacha i dteagmháil leis an ngrúpa seo chun an plean seo a aontú. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an plean seo aontaithe agus go mbeidh muid in ann é a chur i bhfeidhm sna hOileáin Árann, mar shampla. Tá na hoifigigh i dteagmháil leo agus tá súil agam go mbeidh muid in ann é a chríochnú chomh luath agus is féidir.

Written Answers are published on the Oireachtas website.