Dáil debates

Thursday, 11 November 2021

Ceisteanna Eile - Other Questions

Pleanáil Teanga

11:50 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá na pleananna teanga d'Oileáin Árann agus do Ghaeltacht an Láir á meas ag mo Roinn faoi láthair. Bhí deis agam le gairid plean teanga Oileáin Árann a phlé le hionadaithe na n-oileán sin. Is i dtreo plean teanga Oileáin Árann agus plean teanga Ghaeltacht an Láir a bheith faofa gan rómhoill eile atá mé féin agus mo Roinn ag obair. Ach an próiseas meastóireachta a bheith curtha i gcrích ag mo Roinn, beidh an dá phlean sin ar an 25ú agus 26ú plean teanga do na limistéir phleanála teanga le bheith ceadaithe. As an 24 plean teanga atá faofa do na limistéir phleanála teanga, tá 19 ag feidhmiú faoi láthair.

Tá 17 oifigeach pleanála teanga agus ceathrar oifigeach cúnta pleanála teanga i mbun oibre faoi láthair, le hoifigeach pleanála teanga úr le tosú i dToraigh go luath.

Is fiú a lua go bhfuil pleananna teanga ceadaithe i gceithre bhaile seirbhíse Gaeltachta agus trí líonra Gaeilge faoi Acht na Gaeltachta 2012 chomh maith. Tríd is tríd, táim sásta go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh leis an bpróiseas agus beidh mé ag súil le tógáil air sin in 2022. Chuige sin, bhí mé an-sásta gur shlánaigh mé ardú ar an gciste a bheidh ar fáil don phleanáil teanga do 2022 sa cháinaisnéis a fógraíodh an mhí seo caite, rud a chiallóidh go mbeidh ciste de €5.8 milliún ar fáil don phróiseas an chéad bhliain eile. Beidh an sciar is mó den chistíocht ar leas chur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga ag dul i dtreo fheidhmiú na bpleananna teanga in 2022. Ina theannta sin, ar aon dul le blianta eile, tá maoiniú á chur i dtreo earnálacha a thacaíonn leis an bpróiseas - réimse gnímh an teaghlaigh, na luathbhlianta agus na healaíona traidisiúnta.

Bíonn mo Roinn i gcónaí ag iarraidh a chinntiú go mbaintear an leas is fearr is féidir as an infheistíocht shuntasach bhreise atá curtha ar fáil ón Státchiste don phróiseas le blianta beaga anuas. Meabhraítear go bhfuil €100,000 sa bhliain ar fáil do na limistéir sa ghnáthshlí ach le 50% níos mó ná sin do limistéir a shásaíonn critéir áirithe. Tá allúntas suas le €80,000 ar fáil freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.