Dáil debates

Thursday, 11 November 2021

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Seirbhísí trí Ghaeilge

10:40 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

106. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí ar an eolas faoin easpa teiripeoirí urlabhra le Gaeilge a bhféadfadh measúnú a dhéanamh ar Ghaeilgeoirí óga sa Ghaeltacht; gur i mBéarla amháin atá seirbhísí ríthábhachtacha ar nós Childline agus iad á maoiniú ag an Stát agus ar sheirbhísí iad nach féidir freastal ar Ghaeilgeoirí óga sa Ghaeltacht nó lasmuigh di, go háirithe iad siúd gan mórán Béarla acu; faoin easpa deiseanna do Ghaeilgeoirí leanúint ar aghaidh leis an oideachas lán-Ghaeilge tar éis na bunscoile toisc easpa Gaelcholáistí agus spásanna iontu a bheith in easnamh; an bhfuil cás na Gaeltachta agus na Gaeilge pléite aici go fóill leis na hAirí eile atá freagrach as na seirbhísí sin; agus mura bhfuil, an bhfuil sí sásta, mar Aire atá freagrach as an nGaeltacht agus as cur chun cinn na teanga náisiúnta, bualadh leo nó scríobh chuig na hAirí eile chun a chur ina luí orthu an drochthionchar atá ag an gcur chuige sin ar chearta agus ar dhea-bhail phobail labhartha na Gaeilge agus ar dhaoine óga sa Ghaeltacht atá faoi bhrú iompú ar an mBéarla chun bunseirbhísí a fháil. [55414/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an cheist seo dírithe ar an bhfadhb atá ann maidir le heaspa seirbhísí agus an gá chun déanamh cinnte de go bhfuil straitéis ann chun déileáil leis ionas nach gá do dhaoine óga, ach go háirithe, casadh ar an mBéarla chun bunseirbhísí a fháil.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuilim ar an eolas maidir le go leor de na ceisteanna atá luaite aige agus go mbím féin agus oifigigh mo Roinne ag caint go minic lenár gcomhghleacaithe i Ranna agus eagrais eile Stáit ina dtaobh agus i dtaobh cinn eile nach iad. Luaim ach go háirithe anseo an coiste stiúrtha do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus dhá choiste dháthaobhach, ceann leis an Roinn Oideachais agus ceann eile leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Féachann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le héifeacht reachtúil a thabhairt, a mhéid is a bhaineann le seachadadh seirbhísí poiblí, d’Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann. De réir an ailt seo, is í an Ghaeilge, mar an teanga náisiúnta, an chéad teanga oifigiúil. Aithnítear an Béarla mar dhara teanga oifigiúil.

Tuigfidh an Teachta na deacrachtaí atá ann go minic na daoine oiriúnacha le Gaeilge a fhostú sa Státchóras. Tá mise, mar Aire Stáit na Gaeltachta, ag iarraidh teacht ar réiteach ar an fhadhb seo ar bhealach ar bhonn céimnithe agus praiticiúil le béim ar an gcomhpháirtíocht trasna an Státchórais. Chuige sin, táim ag tabhairt Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 trí Thithe an Oireachtais faoi láthair. Agus an Bille seo a bheith achtaithe, bunófar coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, chun tacú le soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú.

Leagtar amach feidhmeanna an choiste chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Tabharfaidh an coiste comhairligh comhairle do chomhlachtaí poiblí maidir leis an gcaoi ina bhféadfar seirbhísí nach soláthraíonn na comhlachtaí trí mheán na Gaeilge faoi láthair a sholáthar amhlaidh. Mar is eol don Teachta, rinneadh plé fada cuimsitheach sa Dáil ar an iliomad leasuithe ar an mBille agus beidh deis eile ann, gan mhoill, plé eile a dhéanamh orthu ar Chéim an Choiste sa Seanad sna seachtainí amach romhainn.

Tacaím le gach iarracht chun líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge sa Stát a fheabhsú. Trí mhéadú agus feabhsú a dhéanamh ar na seirbhísí a sholáthraítear trí Ghaeilge, cinnteofar go dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le soláthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge do chainteoirí Gaeilge agus do phobail Ghaeltachta araon agus, chomh maith leis sin, ar dhúshláin agus ar dheiseanna maidir le hearcú cainteoirí Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí. Neartóidh an Bille stádas na Gaeilge san earnáil Stáit, rud a chinnteoidh, dar liom, go mbeidh seirbhísí ardchaighdeáin Ghaeilge á soláthar ag an tseirbhís phoiblí do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuala mé cad a bhí á rá ag an Aire Stáit ach sa deireadh thiar thall, do Ghaeilgeoirí agus lucht na Gaeltachta, i gcás bunseirbhísí, ní hí an Ghaeilge an teanga oifigiúil ó thaobh na seirbhísí sin de.

Is teanga tánaisteach í toisc go mbíonn orthu go minic casadh ar an mBéarla. Sin an léiriú is simplí dá bhfuil ann ar an gceist seo. Tá easpa seirbhísí i nGaeilge á gcur ar fáil do Ghaeilgeoirí ó a bunaíodh an Stát agus tá an fadhb ag dul in olcas. Guím gach rath ar an mBille nuair a bheidh sé críochnaithe sa Seanad agus nuair a bheidh an díospóireacht seo críochnaithe againn ach ní chóir go mbeadh muid ag brath go huile is go hiomlán ar an mBille sin gach rud a leigheas. Ba chóir go mbeadh muid ag glacadh céimeanna móra chun tosaigh agus muid ag fanacht ar an mBille sin. In ainneoin go dúirt an tAire Stáit go mbualann sé go rialta leis na Ranna eile maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, cé chomh minic is a bhíonn na cruinnithe sin ar siúl agus cad go díreach atá ag teacht astu seachas an Bille atá os comhair an tSeanaid faoi láthair?

10:50 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá go leor cruinnithe idir mo Roinn agus na Ranna eile. Mar is eol don Teachta, táimid ag iarraidh an bhunlíne sin a fheabhsú agus na seirbhísí sa Státchóras a neartú ar fud na tíre. Le hachtú an Bhille seo, tá i gceist go ndéanfar deireadh a chur leis na córais scéimeanna teanga agus córas nua a chur i bhfeidhm a bhaineann úsáid as na rialacháin an caighdeán teanga a leagan síos do na comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth an teanga. Tá oifigigh mo Roinne i mbun dréachtú na gcaighdeán seo faoi láthair. Bhíomar ag caint faoi na caighdeáin nua tríd an bpróiseas nuair a bhí an Bille os comhair na Dála mar is eol don Teachta ach táimid ag iarraidh an bhunlíne sin agus struchtúr nua a chur ann chun an Státchóras a fheabhsú. Beidh coiste comhairleach agus struchtúr nua ann agus tabharfaidh an Bille teachtaireacht an-tábhachtach do dhaoine óga go mbeidh go leor deiseanna nua sa Státchóras agus go mbeidh an bhunlíne sin i bhfad níos fearr amach anseo.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní chóir dúinn a bheith ag fanacht ar an gcoiste comhairleach nó ar an mBille nó fiú ag úsáid an Bille gan bogadh ar aghaidh faoi láthair. Neartóidh an Bille ceist na Gaeilge agus tá súil againn go mbeidh seirbhísí ar fáil i nGaeilge. Mura mbeadh sin i gceist bheadh mise ag vótáil ina choinne. Táim den tuairim go gcuideoidh sé agus go neartóidh sé cás na teanga. Ní théann an Bille chomh fada agus atá mise ag iarraidh agus táimid fós ag fanacht ar na dréachtchaighdeáin a fheiscint. B'fhéidir nach bhfeicfidh muid iad go ceann tamall eile.

D'ardaigh mé an cheist seo a leanas le linn na díospóireachta sin; cad é an straitéis maidir le déagóirí atá sna scoileanna faoi láthair nó maidir leo siúd atá ag lorg oideachais i nGaelcholáistí nach ann dóibh? Caithimid iarracht a dhéanamh gairmoideachas a thabhairt dóibh agus iad a mhealladh i dtreo na seirbhísí poiblí agus i dtreo na Státseirbhíse ionas gur féidir leo, atá Gaeilge acu cheana, na seirbhísí sin a chur ar fáil amach anseo. Níl aon straitéis ann ó thaobh earcaíochta de nó ó thaobh oideachais de chun daoine a mhealladh i dtreo post as Gaeilge amach anseo.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhunsprioc atá againn leis an mBille nua ná cinntiú go leanfaidh an tAcht a bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mian leis nó léi seirbhísí Gaeilge d'ardchaighdeán a fháil ón Stát. Ó mo thaithí féin ag déileáil le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ón bhfianaise atá ar fáil ó thaighde ó Oifig an Choimisinéara Teanga ó na heagrais Ghaeilge agus ó ghrúpaí eile, tá éileamh i measc an phobal go mbeadh seirbhísí ar fáil i nGaeilge. Chun pleanáil a dhéanamh don soláthar scoile agus chun anailís a dhéanamh ar na sonraí déimeagrafacha ábhartha, déanann an Roinn Oideachais an tír a roinnt i limistéir pleanála scoile agus úsáidtear córas faisnéise ina úsáidtear sonraí ó réim pointí lena n-airítear socrú linbh agus sonraí ar eolaithe scoile le fáil amach cá dtiocfaidh an brú ar ráta na scoile ar fud na tíre agus ar cá mbeidh gá le soláthar breise scoile ag leibhéal na bunscoile agus na hiarbhunscoileanna. Níl dóthain ama agam an cheist a fhreagairt ach tá oifigigh mo Roinne i dteagmháil leis an Roinn Oideachais faoin gceist seo. B'fhéidir go mbeidh seans agam an t-eolas seo a roinnt leis an Teachta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Impím ar an Aire Stáit, más féidir in aon chor, dul i dteagmháil leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun déanamh cinnte de anois, seachas tar éis an mBille a bheith achtaithe nó tar éis an choiste comhairliúcháin, go mbeidh sé ag dul isteach sna Gaelcholáistí agus na coláistí i gceantair Ghaeltachta ag moladh do dhaoine díriú isteach ar an státseirbhís.

Photo of Seán SherlockSeán Sherlock (Cork East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I apologise but there was a slight error on my part. I must move to the next question.