Dáil debates

Thursday, 11 November 2021

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Seirbhísí trí Ghaeilge

10:40 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuilim ar an eolas maidir le go leor de na ceisteanna atá luaite aige agus go mbím féin agus oifigigh mo Roinne ag caint go minic lenár gcomhghleacaithe i Ranna agus eagrais eile Stáit ina dtaobh agus i dtaobh cinn eile nach iad. Luaim ach go háirithe anseo an coiste stiúrtha do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus dhá choiste dháthaobhach, ceann leis an Roinn Oideachais agus ceann eile leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Féachann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le héifeacht reachtúil a thabhairt, a mhéid is a bhaineann le seachadadh seirbhísí poiblí, d’Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann. De réir an ailt seo, is í an Ghaeilge, mar an teanga náisiúnta, an chéad teanga oifigiúil. Aithnítear an Béarla mar dhara teanga oifigiúil.

Tuigfidh an Teachta na deacrachtaí atá ann go minic na daoine oiriúnacha le Gaeilge a fhostú sa Státchóras. Tá mise, mar Aire Stáit na Gaeltachta, ag iarraidh teacht ar réiteach ar an fhadhb seo ar bhealach ar bhonn céimnithe agus praiticiúil le béim ar an gcomhpháirtíocht trasna an Státchórais. Chuige sin, táim ag tabhairt Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 trí Thithe an Oireachtais faoi láthair. Agus an Bille seo a bheith achtaithe, bunófar coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, chun tacú le soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú.

Leagtar amach feidhmeanna an choiste chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Tabharfaidh an coiste comhairligh comhairle do chomhlachtaí poiblí maidir leis an gcaoi ina bhféadfar seirbhísí nach soláthraíonn na comhlachtaí trí mheán na Gaeilge faoi láthair a sholáthar amhlaidh. Mar is eol don Teachta, rinneadh plé fada cuimsitheach sa Dáil ar an iliomad leasuithe ar an mBille agus beidh deis eile ann, gan mhoill, plé eile a dhéanamh orthu ar Chéim an Choiste sa Seanad sna seachtainí amach romhainn.

Tacaím le gach iarracht chun líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge sa Stát a fheabhsú. Trí mhéadú agus feabhsú a dhéanamh ar na seirbhísí a sholáthraítear trí Ghaeilge, cinnteofar go dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le soláthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge do chainteoirí Gaeilge agus do phobail Ghaeltachta araon agus, chomh maith leis sin, ar dhúshláin agus ar dheiseanna maidir le hearcú cainteoirí Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí. Neartóidh an Bille stádas na Gaeilge san earnáil Stáit, rud a chinnteoidh, dar liom, go mbeidh seirbhísí ardchaighdeáin Ghaeilge á soláthar ag an tseirbhís phoiblí do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.