Dáil debates

Thursday, 12 December 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

11:20 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

9. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é stádas Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017; cén dáta a fhoilseofar an Bille; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [51989/19]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don an Aire Stáit, tá dráma Bille na dTeangacha Oifigiúla ar siúl ar feadh breis agus bliain anois. An bhféadfadh an Aire Stáit cinntiú go bhfoilseofar an Bille inniu?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar 10 Nollaig 2019, fuair mé cead ón Rialtas Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a fhoilsiú. Tá Oifig na mBillí ag déanamh na socruithe cuí anois chun é a fhoilsiú agus tuigtear dom go ndéanfar é seo go han-luath. Faraor, ní bheidh sé foilsithe inniu, ach beidh amárach.

Is é príomhchuspóir an Bhille Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú chun soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Beidh sraith forálacha mar chuid lárnach de na hiarrachtaí seo agus é mar aidhm acu líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear chuig an tseirbhís phoiblí a mhéadú. Féachfar, leis an mBille, cuspóir foriomlán a bhaint amach ionas gur cainteoirí Gaeilge iad 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí, agus gur trí mheán na Gaeilge a oibreoidh gach oifig phoiblí atá suite i limistéir Ghaeltachta.

Tá sé i gceist coiste reachtúil, an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an choiste sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú.

Gné shuntasach eile den Bhille ná caighdeáin teanga a thabhairt isteach do chomhlachtaí poiblí agus iad a chur in ionad córas na scéimeanna teanga, chun go mbainfidh na comhlachtaí poiblí sin, ar mó an t-idirghníomhú a bhíonn acu leis an bpobal, caighdeáin níos airde Gaeilge amach.

Cuirfidh príomhfhorálacha eile iallach ar chomhlachtaí poiblí é a dhéanamh níos éasca do dhaoine a n-ainmneacha agus a seoltaí a úsáid i nGaeilge nuair a théann siad i dteagmháil le comhlachtaí poiblí. Chomh maith leis sin, ceanglófar ar gach comhlacht poiblí nua ainmneacha agus lógónna Gaeilge nó atá dátheangach a bheith acu.

Léiríonn an Bille seo tiomantas an Rialtais chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá muid ag iarraidh timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach ag úsáid a gcuid Gaeilge, cuma cén leibhéal cumais atá acu.

Sílim gur céim mhór chun tosaigh an Bille seo chun cuidiú leis an sprioc seo a bhaint amach.

11:30 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim míle buíochas leis an Aire Stáit. Faraor, leanann an dráma ar aghaidh. Níl an Bille le foilsiú inniu ach go luath - amárach nó an tseachtain seo chugainn. Tuigim go bhfuil a lán oibre déanta ag an Aire Stáit agus go n-oibríonn sé go crua ach d'fhoilsigh an coiste ár dtuarascáil i mBealtaine 2018. Roimhe sin, foilsíodh tuarascáil i mí Eanáir 2015. Tá sé soiléir le fada an lá go bhfuil gá le hAcht nua. Tá sé soiléir le fada an lá go bhfuil teipthe go huile agus go hiomlán ag na scéimeanna teanga agus go bhfuil gá le beart práinneach a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. An féidir leis an Aire Stáit a rá an mbeidh an Bille foilsithe amárach? Cén uair a thiocfaidh an Bille os comhair na Dála? An mbeidh sé os comhair na Dála an tseachtain seo chugainn?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó thaobh an eolais atá agam, beidh an Bille foilsithe amárach. Is é an plean atá againn, ón gcruinniú a bhí ag an gCoiste Gnó ar maidin, ná tús a chur leis an Dara Céim den Bhille an tseachtain seo chugainn, ag tosú ar 9.30 a.m. maidin Dé Céadaoin. B'fhéidir go mbeidh muid ag teacht ar ais i mí Eanáir chun an Dara Céim a chríochnú. Beimid ag cur tús leis an Dara Céim an tseachtain seo chugainn. Tá a fhios agam an frustrachas atá ar an Teachta agus urlabhraithe eile don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus an bhrú a chur siad orm, ar fheidhmeannaigh mo Roinne, agus ar an Taoiseach le déanaí. Táimid ag teacht chun deireadh an chéad chéim den phróiseas. Beidh an Bille foilsithe amárach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fós tá beagáinín neamhchinnteacht i gceist. Táim ag glacadh leis go mbeidh sé foilsithe amárach agus go mbeidh sé os comhair na Dála an tseachtain seo chugainn don Dara Céim. Tá ráflaí ann go bhfuil an Bille thar a bheith lag. Níl mé ró-tógtha le ráflaí ach táim ag éisteacht le daoine ar an talamh. Ní raibh muid ró-uaillmhianach nuair a d'fhoilsigh muid an tuarascáil. Chuir muid béim ar an ngéarchéim atá ann ó thaobh na Gaeilge agus ar an gá le beart a dhéanamh agus le spriocamanna. Luaigh an Aire Stáit an 20%. Tá sé sin, ar a laghad, ag teastáil ach tá sé ag teastáil laistigh de thréimhse áirithe gairid. Is cuma liom an mbeidh dhá bhliain, trí bliana nó cúig bliana i gceist ach caithfidh go mbeidh spriocdháta agus spriocamanna sa Bhille chun aitheantas a thabhairt don ghéarchéim a bhfuil muid ag iarraidh déileáil leis. An féidir leis an Aire Stáit a chinntiú go bhfuil, ar a laghad, spriocdháta sa Bhille?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist an-ghairid agam. Fáiltím go mbeidh an Bille foilsithe amárach, ar deireadh thiar thall. Cén fáth nach bhfuil sé foilsithe inniu? Cad é an mhoill? An mbeidh an Bille foilsithe as Gaeilge amháin nó le meabhrán as Gaeilge amháin? Foilsítear Billí eile i dteanga amháin. An mbeidh sé aistrithe go Béarla? An é sin an mhoill atá ann?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé i dteagmháil le m'oifigigh ar maidin. Is é Tithe an Oireachtais a fhoilsíonn Billí. Tagann an Bille ó Oifig an Ard-Aighne. Bhí teagmháil idir Tithe an Oireachtais, Oifig an Ard-Aighne agus mo Roinn. Táim dóchasach go bhfoilseofar an Bille amárach. Teastaítear an Bille sa teanga náisiúnta sa chéad áit ach teastaítear leagan Béarla freisin. Níl Gaeilge ag chuile duine sa Teach agus caithfimid seans a thabhairt do chuile duine é a léamh chun go mbeidh tuiscint acu ar na pleananna atá againn.

Ó thaobh sonraí an Bhille, beidh chuile duine in ann é a léamh thar an deireadh seachtaine. Níl spriocam luaite sa Bhille. Táim in ann é sin a rá. Sílim go mbeidh sin á phlé againn ar an Dara Céim agus sa choiste Oireachtais. Rachaimid tríd agus chasfaimid le heagraíochtaí ó thaobh na ceiste sin. Ní aontóidh chuile duine sa tír leis an sprioc de 20%. Caithfimid smaoineamh ar na rudaí sin agus an rud ceart a dhéanamh ó thaobh an rud atá muid ag iarraidh a dhéanamh, is é sin, níos mó daoine le Gaeilge a fháil sa tseirbhís phoiblí. Sílim go bhfuil ceart ag daoine seirbhísí a fháil trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di.

Photo of Eugene MurphyEugene Murphy (Roscommon-Galway, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

In line with Standing Order 40, Deputy Durkan has been granted permission to ask Question No. 10 on behalf of Deputy Heydon. The Chair will allow that. With regard to Question No. 8, however, I had no request from Deputy Naughton or any officer of the House to allow Deputy Durkan to ask it. Therefore, I am not allowing him to do so but he may now proceed with Question No. 10, in the name of Deputy Heydon.