Dáil debates

Thursday, 12 December 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

11:20 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ar 10 Nollaig 2019, fuair mé cead ón Rialtas Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a fhoilsiú. Tá Oifig na mBillí ag déanamh na socruithe cuí anois chun é a fhoilsiú agus tuigtear dom go ndéanfar é seo go han-luath. Faraor, ní bheidh sé foilsithe inniu, ach beidh amárach.

Is é príomhchuspóir an Bhille Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú chun soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Beidh sraith forálacha mar chuid lárnach de na hiarrachtaí seo agus é mar aidhm acu líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear chuig an tseirbhís phoiblí a mhéadú. Féachfar, leis an mBille, cuspóir foriomlán a bhaint amach ionas gur cainteoirí Gaeilge iad 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí, agus gur trí mheán na Gaeilge a oibreoidh gach oifig phoiblí atá suite i limistéir Ghaeltachta.

Tá sé i gceist coiste reachtúil, an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an choiste sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú.

Gné shuntasach eile den Bhille ná caighdeáin teanga a thabhairt isteach do chomhlachtaí poiblí agus iad a chur in ionad córas na scéimeanna teanga, chun go mbainfidh na comhlachtaí poiblí sin, ar mó an t-idirghníomhú a bhíonn acu leis an bpobal, caighdeáin níos airde Gaeilge amach.

Cuirfidh príomhfhorálacha eile iallach ar chomhlachtaí poiblí é a dhéanamh níos éasca do dhaoine a n-ainmneacha agus a seoltaí a úsáid i nGaeilge nuair a théann siad i dteagmháil le comhlachtaí poiblí. Chomh maith leis sin, ceanglófar ar gach comhlacht poiblí nua ainmneacha agus lógónna Gaeilge nó atá dátheangach a bheith acu.

Léiríonn an Bille seo tiomantas an Rialtais chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá muid ag iarraidh timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach ag úsáid a gcuid Gaeilge, cuma cén leibhéal cumais atá acu.

Sílim gur céim mhór chun tosaigh an Bille seo chun cuidiú leis an sprioc seo a bhaint amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.