Dáil debates

Wednesday, 6 November 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Na hOileáin amach ón gCósta

11:55 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

28. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Parlaiminte Uimhir 231 ar an 18ú Mean Fomhair 2019, soiléiriú a thabhairt maidir leis an gCoiste Idir-Rannach do na hOileáin, go háirithe o thaobh na dtéarmaí tagartha, na mball den choiste agus an phlean oibre; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45412/19]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an gcoiste idir-rannach ó thaobh na n-oileán de, an féidir leis an Aire Stáit soiléiriú a thabhairt maidir leis na téarmaí tagartha, ballraíocht an choiste agus an clár oibre?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé mar chuspóir lárnach agam, agus ag mo Roinn, go leanfaidh pobail bhríomhara, inmharthana ag cur fúthu ar na hoileáin. Ag eascairt as Tuarascáil an Choiste Idir-Ranna deiridh a foilsíodh i 1996, tugadh tús áite do bhonneagar oileáin a fhorbairt agus seirbhísí iompair a fhóirdheonú. Is obair thábhachtach leanúnach í seo agus tá go leo bainte amach ó 1996 i leith.

Tá dúshláin fós le sárú, áfach, agus chun aghaidh a thabhairt orthu seo tá mo Roinn agus ár gcomhghleacaithe sna Ranna Stáit eile ag tabhairt faoi pholasaí nua tras-Rialtais do na hoileáin a fhorbairt.

Bunaíodh Coiste Idir Rannach le tabhairt faoin obair seo agus tionóladh an chéad chruinniú, ar a raibh mé fhéin mar Chathaoirleach, ar an 24 Meán Fómhair 2019. Cruinniú an-dearfach a bhí ann. Pléadh téarmaí tagartha an choiste agus tá súil ann iad seo a aontú go foirmeálta ag an chéad chruinniú eile, a thionólfar an tseachtain seo chugainn.

Faoi láthair tá ballraíocht an choiste comhdhéanta do na Ranna Stáit seo a leanas: an Roinn Cosanta; An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta; an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil; an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais; an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail; an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta; an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí; an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt; an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige; an Roinn Oideachais agus Scileanna; an Roinn Sláinte; an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; agus an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Tá plépháipéar á dhréachtú ag mo Roinn i gcomhar leis na páirtithe leasmhara a chuimseoidh polasaithe agus seirbhísí reatha na Ranna agus forais Stáit éagsúla, chomh maith leis na réimsí éagsúla a bheidh faoi chaibidil sa chomhairliúchán poiblí.

Agus an plépháipéar a bheith foilsithe, tosófar ansin ar phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin le pobail na n-oileán agus le geallsealbhóirí eile. Tá tréimhse shé mhí leagtha síos ag an gcoiste chun an chuid seo den phróiseas a chur i gcrích agus beidh oifigigh shinsearacha mo Roinne ag tabhairt cuairte ar na hoileáin le linn na tréimhse sin agus ag reáchtáil cruinnithe phoiblí iontu. Beidh deis ag daoine achainí scríofa a sholáthar freisin. Beidh sé seo uile sa bhreis, dár ndóigh, ar shraith chruinnithe a thionólfar le comhlachtaí forbartha agus comharchumann ar na hoileáin chomh maith le Comhdháil Oileáin na hÉireann.