Dáil debates

Thursday, 19 September 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Maoiniú Comharchumann agus Comhlachtaí Pobalbhunaithe

11:10 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

5. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad atá beartaithe ag An Roinn ó thaobh na n-aighneachtaí práinneacha ar bhonn leanúnach atá faighte ó chomharchumainn agus ó chomhlachtaí pobail bunaithe maidir le maoiniú easnamhach atá ag cothú deacrachtaí do na heagraíochtaí ar an talamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37930/19]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ta ceist agam maidir le cúrsaí maoinithe. Cad atá beartaithe ag an Roinn ó thaobh na n-aighneachtaí práinneacha ar bhonn leanúnach atá faighte ó chomharchumainn agus ó chomhlachtaí pobail bunaithe maidir le maoiniú easnamhach atá ag cothú deacrachtaí do na heagraíochtaí ar an talamh?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fhomhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear cúnamh ar fáil d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Ar ndóigh, ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil í Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar conas is fearr is féidir leas a bhaint as an soláthar sin i gcomhthéacs na gcúramaí atá sainithe di, lena n-áirítear na cúramaí a bhaineann leis an bhforbairt pobail.

Ina thaobh sin, níor mhiste a mheabhrú don Teachta go bhfuil €3.850 milliún curtha ar fáil don Údarás faoin bhfomhír seo do 2019 – sin allúntas reatha breise de €500,000 i mbliana agus allúntas breise de €850,000 san iomlán i gcomparáid le 2016.

Tuigim go bhfuil buiséad iomlán de €4.225m ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta chun maoiniú a dhéanamh ar fheidhmiú Chlár Forbartha Pobail agus Teanga na heagraíochta do 2019 – sin méadú €530,000 i mbliana. Amach as an mbuiséad seo is buiséad de €2.276m atá á chur ar fáil do na Comharchumainn agus na heagrais phobail do 2019. Tá an chuid eile den bhuiséad curtha ar fáil do, mar shampla, Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, Muintearas Togra Oideachas Gaeltachta, An Chlár um Fhorbairt Áitiúil, agus réimse imeachtaí/gníomhaíochtaí teanga-bhunaithe, turasóireacht chultúrtha, agus fiontar pobail.

Mar atá ráite agam go minic roimhe seo, mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, treisím an tábhacht ollmhór atá ag baint leis na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe Gaeltachta atá fréamhaithe sa bpobal agus lárnach i gcur chun cinn forbairtí áitiúla. Cuireann na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe Gaeltachta réimse leathan seirbhísí, áiseanna agus tacaíochta ar fáil. Tugann siad guth don phobal agus is feithicil iad chun riachtanais an phobail a aithint agus a shárú. Tá ról leathan acu in úsáid agus i gcur chun cinn an Ghaeilge.

Ina thaobh sin, tuigim go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag déanamh athbhreithniú cuimsitheach ar staid reatha na gcomharchumann Gaeltachta ar fad atá ag fáil tacaíocht uatha agus go bhfuil sé seo á dhéanamh i gcomhthéacs Plean Straitéiseach 2018-2020 an Údaráis.

Tuigtear dom go bhfuil an t-athbhreithniú seo ag breathnú ar struchtúr rialaithe, bainistíochta agus nithe eile ábhartha. Tuigim chomh maith go bhfuil sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh feidhmeannach sinsearach ar leith ag glacadh freagrachta as cúram na n-eagras pobail atá ag obair faoi scáth Údarás na Gaeltachta agus go mbeidh cláir oibre na n-eagras seo ag luí le cur i bhfeidhm straitéisí agus pleananna ábhartha lena n-áirítear ach go háirithe an Plean Straitéiseach thuasluaite agus An Plean Gníomhaíochta 2018 – 2022 don Ghaeilge a d'fhoilsigh mo Roinn anuraidh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an Aire Stáit. Tá neart pleananna agus rudaí beartaithe ach tá siad ag streachailt ar an talamh. Tá a fhios ag an Aire Stáit mar go bhfreastalaíonn sé ar gach cruinniú. Chuaigh an coiste Gaeilge go hÁrainn agus rinneamar tuairisc i mí Mheán Fómhair 2017 le moltaí éagsúla ach is é sin an rud a léim amach as sin ná an obair na gcapall atá á dhéanamh acu ar an talamh. Is é an téama ceannann céanna a bhí ann go raibh an maoiniú a bhfuair siad ón Rialtas trí Údarás na Gaeltachta nó ó bhealaí eile íseal go leor agus b'shin ceann de na deacrachtaí ba mhó agus is mó atá acu. Is é an rud atá ag teastáil ná go bhfuil a fhios agam go bhfuil méadú beag tagtha ar an méid maoinithe agus admhaím é sin. Is é an rud atá i gceist anseo leis na haighneachtaí ná nach féidir leo leanúint ar aghaidh mar seo ag dul ó ghéarchéim go géarchéim agus ag impí orainn mar pholaiteoirí tuilleadh airgid a chur ar fáil. Tá buaine na n-eagraíochtaí agus na gcomharchumann seo ar an talamh i gceist agus gan iad ní bheidh na pobail in ann maireachtáil. Is í an cheist mar sin atá agam ná cad atá beartaithe, go háirithe ag an Roinn, ar leibhéal níos airde chun aitheantas a thabhairt don streachailt seo.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, tá ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh leithdháileadh airgid. Ó tháinig mise isteach sa Roinn tá ardú ar bhuiséad reatha Údarás na Gaeltachta agus an buiséad caipitil agus as sin go raibh méadú ar an airgead agus ar acmhainní a chuirtear ar fáil do na comharchumainn idir 2016 agus 2017, idir 2017 agus 2018, agus idir 2018 agus 2019. Seo é an chéad mhéadú le beagnach deich mbliana anuas. Mar shampla in 2019, ag roghnú ceann de na comharchumainn seo, Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo, i nDún na nGall, bhí méadú maoinithe ó €90,000 go dtí €107,000 ann. I gcás Comharchumann Oileán Thoraí, is é an méadú céanna de €90,000 go dtí €107,000 a bhí gceist. I gcás Chomharchumann Mhic Dara Teo is méadú €57,000 go dtí €69,000 atá i gceist, le Comhlacht Forbartha an Spidéil is méadú de €31,000 go dtí €45,000 atá ann, agus i gCorcaigh le Comharchumann Chléire Teo, tá méadú de €90,000 go dtí €106,000 ann. Tá na méaduithe sin ann. Tá a fhios agam go dteastaíonn níos mó ach tá méadú ag teacht ar an méid atá curtha ar fáil do na comharchumainn agus teastaíonn airgead uathu agus tá tábhacht ar leith ag baint leis na comharchumainn seo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus tá an ceart ag an Aire go bhfuil tábhacht ag baint leo. Tá an tAire Stáit ag caint faoi Údarás na Gaeltachta agus tá a fhios aige go bhfuil Údarás na Gaeltachta in áit na leathphingine, i ndáiríre, i gcomparáid leis an IDA agus Enterprise Ireland. Bhí na ciorruithe damanta amach is amach, go háirithe d'Údarás na Gaeltachta agus tá sé fós ag streachailt le tionchar na gciorruithe sin. Cinnte, tá méadú ó shin ach méadú nach bhfágtar ar ais iad san áit a raibh siad in 2008 agus 2007. Tá a fhios ag an Aire Stáit é sin. Tá neart oibre déanta aige chun méadú a chur ar aghaidh ach ní hé sin an cheist i ndáiríre. Tá gá leis an méadú ach tá gá le plean ón Rialtas chun a aithint go bhfuil an obair seo i gcroílár na háite agus na n-oileán. Chun filleadh ar an díospóireacht Dé Máirt seo caite, tá gá le polasaí agus le pleanáil ach go háirithe tá gá le haitheantas nach féidir leis na hoileáin maireachtáil gan plean agus bearta ar leibhéal i bhfad níos airde leis an aitheantas seo.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta. B'shin an fáth go bhfuil coiste den rannóg bunaithe agam agus go bhfuilimid ag obair tríd, i gcomhpháirtíocht leis na hoileánaigh agus na comharchumainn agus na heagraíochtaí pobail eile ar phlean gnímh do na hoileáin le spriocdhátaí agus lena chinntiú ó thaobh cúrsaí acmhainní agus go mbeidh cinnteacht maidir le tograí caipitil agus ar thograí buiséid reatha. Is é sin fáth na hoibre sin agus táim sásta go mbeidh ról lárnach ag na oileánaigh ansin.

Ó tháinig mé isteach sa phost den chéad uair in 2016 bhí a fhios agam an tábhacht a bhí ag baint leis na comharchumainn agus go raibh siad ag lorg níos mó acmhainní agus go raibh siad faoi bhrú agus b'shin an fáth go rabhamar sásta an méadú sin a dhéanamh ar bhuiséid na gcomharchumann agus beidh mé ag déanamh gach iarracht méadú eile a fháil don chéad bhliain eile sa bhuiséad atá á phlé faoi láthair. Tá na comharchumainn agus na comhlachtaí lárnach sa Roinn agus in Údarás na Gaeltachta agus aon seans go bhfuil airgead le spáráil sa Roinn, cuirfimid é i dtreo Údarás na Gaeltachta ionas go mbeidh sé sin in ann breis acmhainní a chur ar fáil don obair thábhachtach atá á déanamh aige.

Question No. 6 replied to with Written Answers.