Dáil debates

Thursday, 19 September 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Maoiniú Comharchumann agus Comhlachtaí Pobalbhunaithe

11:10 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fhomhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear cúnamh ar fáil d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Ar ndóigh, ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil í Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar conas is fearr is féidir leas a bhaint as an soláthar sin i gcomhthéacs na gcúramaí atá sainithe di, lena n-áirítear na cúramaí a bhaineann leis an bhforbairt pobail.

Ina thaobh sin, níor mhiste a mheabhrú don Teachta go bhfuil €3.850 milliún curtha ar fáil don Údarás faoin bhfomhír seo do 2019 – sin allúntas reatha breise de €500,000 i mbliana agus allúntas breise de €850,000 san iomlán i gcomparáid le 2016.

Tuigim go bhfuil buiséad iomlán de €4.225m ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta chun maoiniú a dhéanamh ar fheidhmiú Chlár Forbartha Pobail agus Teanga na heagraíochta do 2019 – sin méadú €530,000 i mbliana. Amach as an mbuiséad seo is buiséad de €2.276m atá á chur ar fáil do na Comharchumainn agus na heagrais phobail do 2019. Tá an chuid eile den bhuiséad curtha ar fáil do, mar shampla, Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, Muintearas Togra Oideachas Gaeltachta, An Chlár um Fhorbairt Áitiúil, agus réimse imeachtaí/gníomhaíochtaí teanga-bhunaithe, turasóireacht chultúrtha, agus fiontar pobail.

Mar atá ráite agam go minic roimhe seo, mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, treisím an tábhacht ollmhór atá ag baint leis na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe Gaeltachta atá fréamhaithe sa bpobal agus lárnach i gcur chun cinn forbairtí áitiúla. Cuireann na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe Gaeltachta réimse leathan seirbhísí, áiseanna agus tacaíochta ar fáil. Tugann siad guth don phobal agus is feithicil iad chun riachtanais an phobail a aithint agus a shárú. Tá ról leathan acu in úsáid agus i gcur chun cinn an Ghaeilge.

Ina thaobh sin, tuigim go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag déanamh athbhreithniú cuimsitheach ar staid reatha na gcomharchumann Gaeltachta ar fad atá ag fáil tacaíocht uatha agus go bhfuil sé seo á dhéanamh i gcomhthéacs Plean Straitéiseach 2018-2020 an Údaráis.

Tuigtear dom go bhfuil an t-athbhreithniú seo ag breathnú ar struchtúr rialaithe, bainistíochta agus nithe eile ábhartha. Tuigim chomh maith go bhfuil sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh feidhmeannach sinsearach ar leith ag glacadh freagrachta as cúram na n-eagras pobail atá ag obair faoi scáth Údarás na Gaeltachta agus go mbeidh cláir oibre na n-eagras seo ag luí le cur i bhfeidhm straitéisí agus pleananna ábhartha lena n-áirítear ach go háirithe an Plean Straitéiseach thuasluaite agus An Plean Gníomhaíochta 2018 – 2022 don Ghaeilge a d'fhoilsigh mo Roinn anuraidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.