Dáil debates

Thursday, 19 September 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

10:40 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

2. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é an mhoill anois ar fhoilsiú Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) atá geallta aici féin agus ag Airí eile a raibh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht mar chúram acu le blianta beaga anuas, agus cathain go cinnte a fheicfear é foilsithe. [37926/19]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar nós an Teachta dheireanaigh, tréaslaím leis na healaíontóirí agus le foireann Ghaillimh 2020 as an tús ar chuir siad leis an gclár mór atá acu. Go n-éirí leo sa bhliain atá rompu. An fáth gur chuir mé an cheist seo faoi bhráid an Aire Stáit ná go bhfuil moill leanúnach ar fhoilsiú Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) in ainneoin gealltanais Airí difriúla. Caithfidh cinnteacht a bheith ann ionas gur féidir linn díriú isteach air agus go mbeidh sé achtaithe sula i bhfad.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigeann an Teachta an cúlra maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Foilsíodh torthaí an athbhreithnithe i mí Aibreán 2014. Dréachtaíodh Bille leasaithe ag an am ach, de bharr míshástachta le cuid de na leasuithe a bhí molta, níor foilsíodh é riamh. Agus mé ceaptha mar Aire Stáit, d’iarr mé athbhreithniú eile ar an mBille agus chuaigh oifigigh mo Roinne i mbun comhairliúcháin leis na Ranna Stáit ábhartha, grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, An Coimisinéir Teanga agus páirtithe leasmhara eile le cinntiú go mbeadh an Bille is fearr, is éifeachtaí, agus is láidre gur féidir a bheith againn le tabhairt os comhair an Oireachtais.

I mí Meitheamh 2017, foilsíodh ceannteidil an Bhille nua agus, i mí Bealtaine 2018, d’fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán a thuarascáil ar an scéim ghinearálta. Is iarracht í an Bille mar sin, trí na ceannteidil éagsúla, timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí agus go mbeidh fáil i bhfad níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ní hamháin sin, ach go mbeidh tuiscint i bhfad níos fearr ag an saoránach ar na seirbhísí atá ar fáil dó nó di, agus ar chaighdeán na seirbhíse ar cheart a bheith ag súil leis.

Is é bun-aidhm an Bhille nua ná cinntiú go leanfaidh an tAcht teanga de bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mhian leis nó léi seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát. Is iad príomhaidhmeanna an Bhille seo deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga agus caighdeáin teanga a thabhairt isteach agus foráil nua a thabhairt isteach le hollsprioc go mbeidh 20% d'earcaithe nua chuig an tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge. Is ábhar casta í seo ach tá dul chun cinn suntasach déanta le déanaí san obair dhréachtaithe. Tá an Bille san áireamh ar chlár reachtaíochta an Rialtais le foilsiú le linn an téarma seo agus tá súil agam casadh leis na Teachtaí ón bhFreasúra chun an dul chun cinn a phlé gan mhoill. Sílim go bhfuil an cruinniú sin eagraithe don tseachtain seo chugainn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Aontaím leis agus leo siúd a bhí ag obair ar an mBille seo sa chúlra ó 2004, agus fiú roimhe sin ón uair a dúradh ar dtús báire nach raibh an chéad Acht, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, foirfe agus go raibh sé lochtach. Ó shin i leith tá daoine ag tnúth leis an mBille nua seo. Is é sin an fáth a rinneadh obair leanúnach agus an fáth gur luigh daoine isteach ar an gcomhairliúcháin agus go bhfuil siad ar bís an reachtaíocht nua a fheiceáil os ár gcomhair agus é a chíoradh. Ní cáineadh é seo ach bhí dabht ar dhaoine go raibh sé ag teacht toisc gur chuala siad gealltanais roimhe. Tá sé go maith scéal an Aire Stáit a chloisteáil anois agus an Bille a fheiceáil ar an clár reachtaíochta i mbliana. Chonaic muid agus chuala muid rudaí mar sin roimhe sin so tá súil agam go mbeidh sé os ár gcomhair chun go mbeidh muid in ann luigh isteach air roimh an Nollaig. Cathain a bheidh an Bille rite mar Acht?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá an ceart aige. Tá an tAcht atá ann ró-lag. Rinne muid obair ar dhréacht de Bhille nua in 2016. Níor fhoilsigh muid é ag an am mar bhí a fhios againn nach mbeadh daoine sásta leis. Tá an-obair déanta ó shin ag an gcomhchoiste, ag na grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta trasna na tíre, agus ag feidhmeannaigh na Roinne maidir leis an mBille nua. Táim cinnte go mbeidh Bille níos láidre agus níos éifeachtaí againn dá réir. Mar a dúirt mé, tá dul chun cinn suntasach déanta ar an mBille. Bhí cruinniú an-mhaith ag oifigigh shinsearacha mo Roinne leis an dréachtóir an tseachtain seo caite. Beidh cruinniú eile acu an tseachtain seo chugainn chun dul tríd an mBille. Táimid ag súil go bhfoilseofar é san fhómhar agus go mbeidh sé os comhair na Dála roimh an Nollaig. Beimid ag déanamh oibre air sin agus tá gach seans ann go mbeimid in ann é a chur tríd an Dáil agus tríd an Oireachtas roimh an Nollaig.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as sin. Táim ag tnúth leis. Ní chuirfidh mise ná mo chomhghleacaithe aon mhoill air. Is é an rud atá uainn anois ná go mbeidh sé rite agus go mbainfear tairbhe as an obair ar fad atá déanta. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit oscailte do leasuithe eile ag Chéim an Choiste nó ag an Tuarascáil má réitíonn siad leis an méid atá ráite ag an Aire Stáit agus oifigigh na Roinne go dtí seo, toisc gur aithnigh muid fadhbanna leis an reachtaíocht nua. Is maith an rud go bhfuil muid ag bogadh ar aghaidh sa treo seo ach tá súil agam go mbeidh fuadar faoi ionas go mbainfear tairbhe as an obair ar fad atá déanta go dtí seo.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim oscailte do chomhoibriú maidir leis an mBille. Is ceart go mbeimid ag obair le chéile trasna na tíre ar son na Gaeilge. Táim oscailte le bheith ag obair le haon duine maidir leis an mBille seo.

Beidh ról lárnach ag an gcomhchoiste agus ag an bhFreasúra. Is é sin an fáth go mbeidh mé sásta casadh le lucht an Fhreasúra an tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh rudaí ar nós an dul chun cinn ar an ábhar seo á phlé againn. Má tá fadhbanna ag na Teachtaí ar bhinsí an Fhreasúra nuair atá an Bille foilsithe, beidh mé sásta breathnú ar na ceisteanna sin agus iad a phlé sa Roinn. Is féidir linn iarracht a dhéanamh bheith cinnte an bhfuilimid in ann na smaointe agus na tuairimí atá ag chuile dhuine a chur san áireamh.