Dáil debates

Thursday, 19 September 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

10:40 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tuigeann an Teachta an cúlra maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Foilsíodh torthaí an athbhreithnithe i mí Aibreán 2014. Dréachtaíodh Bille leasaithe ag an am ach, de bharr míshástachta le cuid de na leasuithe a bhí molta, níor foilsíodh é riamh. Agus mé ceaptha mar Aire Stáit, d’iarr mé athbhreithniú eile ar an mBille agus chuaigh oifigigh mo Roinne i mbun comhairliúcháin leis na Ranna Stáit ábhartha, grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, An Coimisinéir Teanga agus páirtithe leasmhara eile le cinntiú go mbeadh an Bille is fearr, is éifeachtaí, agus is láidre gur féidir a bheith againn le tabhairt os comhair an Oireachtais.

I mí Meitheamh 2017, foilsíodh ceannteidil an Bhille nua agus, i mí Bealtaine 2018, d’fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán a thuarascáil ar an scéim ghinearálta. Is iarracht í an Bille mar sin, trí na ceannteidil éagsúla, timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí agus go mbeidh fáil i bhfad níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ní hamháin sin, ach go mbeidh tuiscint i bhfad níos fearr ag an saoránach ar na seirbhísí atá ar fáil dó nó di, agus ar chaighdeán na seirbhíse ar cheart a bheith ag súil leis.

Is é bun-aidhm an Bhille nua ná cinntiú go leanfaidh an tAcht teanga de bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mhian leis nó léi seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát. Is iad príomhaidhmeanna an Bhille seo deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga agus caighdeáin teanga a thabhairt isteach agus foráil nua a thabhairt isteach le hollsprioc go mbeidh 20% d'earcaithe nua chuig an tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge. Is ábhar casta í seo ach tá dul chun cinn suntasach déanta le déanaí san obair dhréachtaithe. Tá an Bille san áireamh ar chlár reachtaíochta an Rialtais le foilsiú le linn an téarma seo agus tá súil agam casadh leis na Teachtaí ón bhFreasúra chun an dul chun cinn a phlé gan mhoill. Sílim go bhfuil an cruinniú sin eagraithe don tseachtain seo chugainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.