Dáil debates

Thursday, 21 February 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Meath na Gaeltachta

11:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

5. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil cóip den tuarascáil ó duine (sonraí tugtha) a foilsíodh anuraidh léite aici; agus cad iad na gníomhartha atá, nó a bheidh, á nglacadh aici chun déileáil leis na míbhuntáistí do phobail Ghaeltachta atá soiléir sa tuarascáil sin. [8506/19]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad iad na gníomhartha atá chun tarlú de thairbhe ar an tuairisc mhór, Próifíl Shocheacnamaíoch de na seacht gceantar Gaeltachta in Éirinn, a foilsíodh anuraidh ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn, an tIonad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann agus an institúid i gcomhair seirbhísí sóisialta in Ollscoil Mhá Nuad?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Théis go léirítear cuid de na dúshláin atá roimh an Ghaeltacht sa tuairisc atá luaite ag an Teachta, ní mór a thuiscint go bhfuil céimeanna praiticiúla á dtógáil ag an Stát chun feabhas a chur ar chúrsaí. Is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá a fhios ag an Teach gur foilsíodh Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 anuraidh. Ag croílár an phlean sin atá á chur i bhfeidhm, tá breis is 180 beart comhaontaithe a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le os cionn 60 páirtí leasmhar. Feicfear go bhfuil forbairt na Gaeltachta mar réimse oibre faoi leith sa phlean agus níl aon amhras orm ach gur ar mhaithe na Gaeltachta a rachaidh cur i bhfeidhm na mbearta sin agus bearta ábhartha eile an phlean.

Mar a bhaineann sé le gnóthaí airgeadais, beidh a fhios ag an Teach go bhfuil ardú suntasach tagtha ar an gcistíocht atá curtha ar fáil do ghnóthaí Gaeltachta sa bhliain reatha. Áirítear san ardú seo, an ciste atá ar fáil do mo Roinn féin agus go deimhin d'Údarás na Gaeltachta. Mar is eol don Teachta is é Údarás na Gaeltachta atá freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta agus creideann an eagraíocht sin go bhfuil an cur chuige agus na straitéisí cuí acu chun tabhairt faoi na dúshláin éagsúla a shonraítear sa tuairisc ar thagair an Teachta dó ina gceist.

Is iad an nuálaíocht agus fiontraíocht agus an Ghaeilge an dá théama a chuimsíonn plean straitéiseach reatha Údarás na Gaeltachta don tréimhse 2018 go dtí 2020. Leagann an plean seo amach cur chuige na heagraíochta chun pobal agus eacnamaíocht rathúil, inbhuanaithe Gaeltachta a fhorbairt agus, tríd sin, chun áit na Gaeilge mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta a chinntiú. Ina theannta sin ar fad, ar ndóigh, tá mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta ag obair chun cúram a dhéanamh de chur i bhfeidhm na mbearta ábhartha sa phlean gníomhaíochta d'fhorbairt tuaithe.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An léiriú is mó a fuair mise as an obair mór atá déanta sa tuairisc seo ná go rinne sé leagan amach ar an bpróifíl de na ceantair Gaeltachta agus na dúshláin mhóra atá roimh clanna atá ag iarraidh fanacht sa Ghaeltacht agus a chlanna a thógáil le Gaeilge agus daoine eile a bheadh ag smaoineamh air. Leag an tuairisc amach go han-soiléir cé chomh deacair agus a tá sé agus leagann sé amach na ceantair ina bhfuil míbhuntáiste mór ag baint leo, i dTír Chonaill agus ar Árainn Mhór ach go háirithe. Is ceantair atá go mór faoi mhíbhuntáiste iad. Níl i gceist ach beagnach 100,000 duine sa Ghaeltacht ag an stad seo agus gan éigeandáil agus géarchéim a aithint agus deifir agus fuadar a chur faoi na beartanna atá luaite ag an Aire Stáit sa phlean is déanaí, níl i ndán don Ghaeltacht ach meath amach anseo. An impí atá mise ag cur ar an Aire Stáit agus an ceist ná, bunaithe ar na figiúirí atá an-soiléir anseo, an deifir nó fuadar a thiocfaidh faoi na pleananna atá ann faoi láthair.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé ceart go bhfuil dúshlán mór sa Ghaeltacht ó thaobh an daonra de. Chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a brú ar aghaidh, teastaíonn daoine a bheith ina gcónaí i gceantair Gaeltachta agus sa chuid is mó den Ghaeltacht tá siad in áiteanna iargúlta ina bhfuil brú ó thaobh an daonra de. Sin an fáth go bhfuil an plean gníomhaíochta againn mar chuid den straitéis. Is í an straitéis buncloch an pholasaí atá ag an Rialtas agus ag an Roinn. Sin an fáth go bhfuil na limistéir pleanáil teanga againn agus go mbeidh 23 cinn in iomlán ceadaithe faoin bpróiseas faoi dheireadh na bliana. Sin an fáth go bhfuil an t-ardú suntasach ar an mbuiséid d'Údarás na Gaeltachta.

Tá an-tábhacht ag baint le hÚdarás na Gaeltachta ó thaobh fostaíocht sna ceantair iargúlta. Gan an t-údarás agus gan an fócas atá aige ar áiteanna iargúlta, beidh i bhfad níos mó fadhbanna sna ceantair sin. Má bhreatnaímid ar na figiúirí a d'fhoilsigh Údarás na Gaeltachta ag tús na bliana ó thaobh fostaíocht de, feicfimid an tábhacht a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta.

11:10 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an fhadhb is mó, agus is fadhb í seo nach mbaineann leis an Aire Stáit amháin ach le gach uile Rialtas, ná go bhfuil moill ann ó thaobh na céimeanna agus na beartanna a bhfuil gá leo. Glacaim leis go mbeidh pleananna teanga na 23 ceantar i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana ach muna bhfuil fuadar fúthu agus muna bhfuil an t-airgead ann éireoidh an fhadhb níos measa, beidh laghdú níos mó ar na ceantair Ghaeltachta, agus leathnóidh úsáid an Bhéarla. Beidh clanna ag bogadh isteach agus bpáistí á dtógáil le Béarla. Déanfar damáiste a bheidh sé an-deacair é a chúlú amach anseo muna dhéantar beart de réir briathar.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá tábhacht ag baint le na pleaneanna contae i gcomhair chuile cheann den seacht gcontae ina bhfuil Gaeltacht freisin. Tá sé tábhachtach go bhfuil an córas pleanála féaráilte agus go gcuirfear béim ar an nGaeilge a bhrú ar aghaidh. Sin an fáth go bhfuilimid ag tacú le na naíonraí agus le mná tí na gcoláistí Gaeilge. Tá an t-airgead a bhfuil an Roinn ag infheistiú i seirbhísí teanga tábhachtach d'eacnamaíocht na gceantar sin. Sin an fáth go bhfuilimid ag tabhairt níos mó tacaíochta d'eagraíocht cosúil le Tuismitheoirí na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Tá a fhios againn an tábhacht a bhaineann le na heagraíochtaí sin ó thaobh na Gaeltachta agus a daonra.