Dáil debates

Thursday, 21 February 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Meath na Gaeltachta

11:00 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Théis go léirítear cuid de na dúshláin atá roimh an Ghaeltacht sa tuairisc atá luaite ag an Teachta, ní mór a thuiscint go bhfuil céimeanna praiticiúla á dtógáil ag an Stát chun feabhas a chur ar chúrsaí. Is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá a fhios ag an Teach gur foilsíodh Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 anuraidh. Ag croílár an phlean sin atá á chur i bhfeidhm, tá breis is 180 beart comhaontaithe a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le os cionn 60 páirtí leasmhar. Feicfear go bhfuil forbairt na Gaeltachta mar réimse oibre faoi leith sa phlean agus níl aon amhras orm ach gur ar mhaithe na Gaeltachta a rachaidh cur i bhfeidhm na mbearta sin agus bearta ábhartha eile an phlean.

Mar a bhaineann sé le gnóthaí airgeadais, beidh a fhios ag an Teach go bhfuil ardú suntasach tagtha ar an gcistíocht atá curtha ar fáil do ghnóthaí Gaeltachta sa bhliain reatha. Áirítear san ardú seo, an ciste atá ar fáil do mo Roinn féin agus go deimhin d'Údarás na Gaeltachta. Mar is eol don Teachta is é Údarás na Gaeltachta atá freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta agus creideann an eagraíocht sin go bhfuil an cur chuige agus na straitéisí cuí acu chun tabhairt faoi na dúshláin éagsúla a shonraítear sa tuairisc ar thagair an Teachta dó ina gceist.

Is iad an nuálaíocht agus fiontraíocht agus an Ghaeilge an dá théama a chuimsíonn plean straitéiseach reatha Údarás na Gaeltachta don tréimhse 2018 go dtí 2020. Leagann an plean seo amach cur chuige na heagraíochta chun pobal agus eacnamaíocht rathúil, inbhuanaithe Gaeltachta a fhorbairt agus, tríd sin, chun áit na Gaeilge mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta a chinntiú. Ina theannta sin ar fad, ar ndóigh, tá mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta ag obair chun cúram a dhéanamh de chur i bhfeidhm na mbearta ábhartha sa phlean gníomhaíochta d'fhorbairt tuaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.