Dáil debates

Tuesday, 22 January 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Scoileanna Gaeltachta

6:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

36. To ask the Minister for Education and Skills céard é stádas an phróisis chun aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach; cén líon scoileanna breise a chuir iarratas isteach chuig an aonad um oideachas Gaeltachta sa Roinn roimh an 1 Meitheamh 2018; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2664/19]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist dhíreach simplí agam i ndáiríre. Cad é stádas an próiseas chun aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach agus, go háirithe, cad é líon na scoileanna breise a chuir iarratas isteach chuig an aonad um oideachas Gaeltachta roimh 1 Meitheamh 2018? Sin an síneadh ama a bhí i gceist chun deis a thabhairt do na scoileanna iarratas a chur isteach.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas don Teachta fáchoinne an cheist. Tá feidhmiú na scéime aitheantais scoileanna Gaeltachta i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna Gaeltachta mar phríomh thiomantas sa pholasaí um oideachas Gaeltachta 2017-2022. Seoladh an scéim i mí Aibreáin 2017 leis an t-iarAire Bruton agus liom féin chun deis a chur ar fáil do scoileanna i limistéir phleanála teanga na Gaeltachta aitheantas a ghnóthú mar scoileanna Gaeltachta bunaithe ar shainchritéir teanga-bhunaithe a chur i bhfeidhm agus ar an gcoinníoll go mbíonn siad páirteach sna próisis teanga-bhunaithe a bhfuil foráil déanta dóibh in Acht na Gaeltachta, 2012.

Tá 133 bunscoil agus 28 iar-bhunscoil lonnaithe sna limistéir phleanála teanga Ghaeltachta. Tá 106 bunscoil agus 27 iar-bhunscoil ag iarraidh aitheantas mar scoileanna Gaeltachta a bhaint amach trína bheith rannpháirteach sa scéim. I mí na Nollag foilsíodh tuarascáil a thugann achoimre ar thuairimí na scoileanna maidir le feidhmiú na scéime, de réir mar a tuairiscíodh do na cigirí le linn na gcuairteanna comhairleacha chuig na scoileanna. Léiríodh go bhfuil na scoileanna ag glacadh go dearfach leis an scéim.

Níl iarratas curtha isteach ag 27 bunscoil agus ag iar-bhunscoil amháin chuig an Roinn chun páirt a ghlacadh sa scéim aitheantais scoileanna Gaeltachta. Tugadh deis bhreise in Imlitreacha 0021/2018 agus 0022/2018 do na scoileanna nár léirigh spéis sa scéim foirm um léiriú spéise a chur isteach chuig an aonad um oideachas Gaeltachta sa Roinn roimh an 1 Meitheamh 2018.

Níor léirigh aon scoil sa bhreis spéis sa scéim roimh an 1 Meitheamh 2018.

Le déanaí, eisíodh litreacha chuig príomhoidí agus boird bhainistíochta na scoileanna nach bhfuil sa scéim go fóill ag leagan amach na buntáistí a bhaineann le bheith rannpháirteach sa scéim. Tá cuairteanna comhairleacha cigireachta eagraithe do na scoileanna seo ag an aonad um oideachas Gaeltachta, agus tabharfar deis eile do na scoileanna seo spéis a léiriú sa scéim go gairid. Mar iarAire Stáit sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, tá an Ghaeilge agus teagasc na Gaeilge inár scoileanna ar fad mar thosaíocht i mo ról mar Aire Oideachais agus Scileanna.

6:10 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí a fhios againn faoin stair agus an cúlra. Tá a fhios agam go bhfuil an polasaí seo, a d'fhoilsíodh breis agus dhá bhliain ó shin, thar a bheith dearfach. Don chéad uair riamh, tá straitéis chuimsitheach do scoileanna sa Ghaeltacht agus tá fís leagtha síos. Níl mé ag easaontú le haon rud sa pholasaí mar is iontach an polasaí é. Aithnítear sa pholasaí sin go bhfuil stádas na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht, thar a bheith goilliúnach. Aithnítear freisin an ról lárnach atá ag scoileanna. Is é croílár na straitéise i ndáiríre ná an ról lárnach atá ag na scoileanna chun an Ghaeilge a sheachadadh don chéad ghlúin eile agus don phobal. Tá díomá orm nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ón uair dheireanach a chuir mé an cheist. Thug an t-iarAire an freagra céanna - go raibh 133 bunscoil i gceist agus go raibh 106 iarratas curtha isteach as an bhfigiúr sin, agus go raibh 28 iar-bhunscoil i gceist agus go raibh ceann amháin tar éis iarratas a chur isteach. Tugadh síneadh ama, ach níl aon dul chun cinn déanta ar chor ar bith. Sin é an scéal anois. Níl dul chun cinn déanta maidir leis na scoileanna sin.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an gcúlra, tháinig an scéim seo isteach sa bhliain 2017 agus bhí €1 milliún ar fáil fá choinne an scéim. Bhí suas le €2.3 milliún ar fáil anuraidh agus beidh suas le €5 milliún i gceist i mbliana. Aontaím leis an Teachta maidir le tábhacht na scéime seo. Bhí mé i gcúpla bunscoil sna ceantair Ghaeltachta roimh an Nollaig. Tá siad ag bogadh ar aghaidh agus ag treabhadh ar aghaidh. Níl aon mhíbhuntáiste le feiceáil leis an scéim seo. Tá 27 bunscoil taobh amuigh den scéim. Tuigim na deacrachtaí. Má tá breis comhairle nó sonraí suntasacha de dhíth, tá mé anseo. Tá mé ag iarraidh mo chuid tuairimí agus mo chuid pointí maidir leis na rudaí dearfacha atá le baint amach ón scéim seo ar chur in iúl ar na meáin phobail. Ní bheidh mé ag déanamh stiúrthóireacht ar son na scoileanna. Má tá smaointe ag an Teachta faoin bhealach is fearr leis an scéim seo a bhaint amach i gcomhthéacs an iar-bhunscoil amháin agus na 27 bunscoil atá taobh amuigh den scéim, ba mhaith liom iad a chloisteáil. Tá sé thar a bheith tábhachtach agus thar a bheith dearfach go bhfuil daoine óga ag labhairt trí Ghaeilge agus ag déanamh comhrá trí Ghaeilge. Tá dearcadh dearfach agam maidir leis an scéim seo. Tá mise agus mo chuid oifigigh tiomanta nach mbeidh aon rudaí diúltacha i gceist maidir leis. B'fhéidir go bhfuil tuairimí ag an Teachta maidir leis na scoileanna a bheidh i gceist ina contae féin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní féidir liom easaontú. Níl aon mhíbhuntáiste ag baint leis an scéim seo. Níl ach buntáistí i gceist leis an dátheangachas, go háirithe i gcomhthéacs na Gaeilge. Tá díomá orm go bhfuil 27 bunscoil tar éis diúltú gan iarratas a chur isteach. Níos tábhachtaí, cad atá déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chun na scoileanna seo a mhealladh i dtreo na scéime seo? Is é sin an rud. Is mór an uimhir é 27. Dúradh linn breis is seacht mí ó shin go mbeadh síneadh ama i gceist. Cad atá déanta sa tréimhse sin? An bhfuil anailís ar bith déanta chun a fháil amach cén fáth an bhfuil drogall ar 27 bunscoil agus iar-bhunscoil amháin iarratas a chur isteach. An féidir leis an Aire tuilleadh sonraí a thabhairt dom maidir leis an achoimre a luaigh sé? An bhfuil sé le fáil?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mo Roinn i dteagmháil leis na scoileanna chun sonraí breise a fháil uathu, más féidir. Tá an doras oscailte. Tá an scéim oscailte do na 27 bunscoil agus an iar-bhunscoil amháin. Má tá aon fhadhb, deacracht nó rud crua ag tarlú taobh istigh de na scoileanna seo - má tá imní ar an scoil nó ar phobal na scoile - tá mé ar fáil. Tá an cuireadh ginearálta tugtha agam. Níor oibrigh an bata mór san am atá thart agus ní bheidh mé ag úsáid an bata mór ag an am seo. Má tá fadhbanna ann, tá mé sásta plean a chur le chéile le mo chuid oifigigh fá choinne sonraí a bhaint amach.