Dáil debates

Tuesday, 22 January 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Scoileanna Gaeltachta

6:00 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas don Teachta fáchoinne an cheist. Tá feidhmiú na scéime aitheantais scoileanna Gaeltachta i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna Gaeltachta mar phríomh thiomantas sa pholasaí um oideachas Gaeltachta 2017-2022. Seoladh an scéim i mí Aibreáin 2017 leis an t-iarAire Bruton agus liom féin chun deis a chur ar fáil do scoileanna i limistéir phleanála teanga na Gaeltachta aitheantas a ghnóthú mar scoileanna Gaeltachta bunaithe ar shainchritéir teanga-bhunaithe a chur i bhfeidhm agus ar an gcoinníoll go mbíonn siad páirteach sna próisis teanga-bhunaithe a bhfuil foráil déanta dóibh in Acht na Gaeltachta, 2012.

Tá 133 bunscoil agus 28 iar-bhunscoil lonnaithe sna limistéir phleanála teanga Ghaeltachta. Tá 106 bunscoil agus 27 iar-bhunscoil ag iarraidh aitheantas mar scoileanna Gaeltachta a bhaint amach trína bheith rannpháirteach sa scéim. I mí na Nollag foilsíodh tuarascáil a thugann achoimre ar thuairimí na scoileanna maidir le feidhmiú na scéime, de réir mar a tuairiscíodh do na cigirí le linn na gcuairteanna comhairleacha chuig na scoileanna. Léiríodh go bhfuil na scoileanna ag glacadh go dearfach leis an scéim.

Níl iarratas curtha isteach ag 27 bunscoil agus ag iar-bhunscoil amháin chuig an Roinn chun páirt a ghlacadh sa scéim aitheantais scoileanna Gaeltachta. Tugadh deis bhreise in Imlitreacha 0021/2018 agus 0022/2018 do na scoileanna nár léirigh spéis sa scéim foirm um léiriú spéise a chur isteach chuig an aonad um oideachas Gaeltachta sa Roinn roimh an 1 Meitheamh 2018.

Níor léirigh aon scoil sa bhreis spéis sa scéim roimh an 1 Meitheamh 2018.

Le déanaí, eisíodh litreacha chuig príomhoidí agus boird bhainistíochta na scoileanna nach bhfuil sa scéim go fóill ag leagan amach na buntáistí a bhaineann le bheith rannpháirteach sa scéim. Tá cuairteanna comhairleacha cigireachta eagraithe do na scoileanna seo ag an aonad um oideachas Gaeltachta, agus tabharfar deis eile do na scoileanna seo spéis a léiriú sa scéim go gairid. Mar iarAire Stáit sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, tá an Ghaeilge agus teagasc na Gaeilge inár scoileanna ar fad mar thosaíocht i mo ról mar Aire Oideachais agus Scileanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.