Dáil debates

Wednesday, 9 May 2018

Priority Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

5:25 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

23. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht soiléiriú a thabhairt maidir le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030, agus go háirithe maidir le stádas an phlean gníomhaíochta don tréimhse 2017-2022; cén dáta a fhoilseofar an plean; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20206/18]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith agat, a Cheann Comhairle. Tá mé ag lorg soiléiriú maidir le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus go háirithe stádas an Phlean Gníomhaíochta atá geallta le fada an lá. Cén uair go cruinn a fhoilseofar an plean sin?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom ar dtús m'aitheantas a ghabháil chuig an Teachta fa choinne an tiomantas agus an iarracht ar son an ábhair seo thar na blianta.

Mar is eol don Teachta, is é ar mo Roinnse atá an fhreagracht uileghabhálach chun cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse leathan páirtithe leasmhara. Sa chomhthéacs sin, tá cláir oibre á gcur i bhfeidhm ag mo Roinn féin agus ag Ranna agus forais ábhartha eile Stáit, lena n-áirítear Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, chomh maith le raon leathan eagraíochtaí Gaeilge, chun cúram a dhéanamh, i gcaitheamh an ama, ar fheidhmiú na straitéise.

Mar atá ráite agam roimhe seo, ainneoin na ndúshlán ina raibh gníomhaireachtaí na Gaeilge ag feidhmiú, idir mo Roinn féin, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí éagsúla atá á maoiniú acu, táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agus á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin Straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar bhealach córasach laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

Maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don tréimhse 2018-2022 ina ndéanfar rianú ar cad atá beartaithe a dhéanamh, i gcomhar le páirtithe leasmhara, thar an tréimhse chun treisiú a dhéanamh ar fheidhmiú na straitéise, táim sásta a rá go bhfuil críoch á chur le dréachtú an Phlean faoi láthair agus foilseofar é sna seachtainí atá amach romhainn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith agat, a Cheann Comhairle. Níl mé ag iarraidh deacrachtaí a chothú ach tá sé ráite ag an Aire go mion minic go bhfuil sé le foilsiú sna seachtainí amach romhainn. An é go bhfuil blianta amach romhainn i gceist, b’fhéidir, seachas seachtainí? Tá sé ráite go bhfuil an Rialtas ag cur críche leis an bplean. Cén dáta go cruinn a fhoilseofar an plean más féidir leis an Aire é sin a rá, go háirithe mar go bhfuilimid ag caint faoin straitéis? Tá a fhios agam go raibh an straitéis bunaithe ar go leor obair roimhe sin, go háirithe an Ráiteas ó Thaobh na Gaeilge in 2006 agus a lán rudaí eile. In ainneoin chomh báúil is atá daoine i leith na Gaeilge agus in ainneoin an dul chun cinn atá déanta, ní mór dom a rá go bhfuil sé thar a bheith deacair do chosmhuintir na Gaeltachta agus daoine le Gaeilge seirbhísí a fháil. Tá gá práinneach le Plean Gníomhaíochta.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an tábhacht a ghabhann leis seo. Bhí mise i m'Aire Stáit in 2014 nuair a tháinig an cheist suas maidir leis an Straitéis 20 Bliain agus bhí sé i gceist ag an am sin amharc go dtí plean cúig bliana. Tá mise sásta leis an bplean a chur i gcrích anois. Is é an chéad phróiseas eile ná é a bheith ar chlár an bhoird Rialtais agus tá dualgas orm dá réir. Beidh sé ar an gcloch is mó ar mo phaidrín thar na seachtainí atá amach romhainn agus beidh mé sásta leis an gcomhaontú a fháil ó mo chomhghleacaithe, ach is é an rud is mó ná an comhaontú idir na Ranna éagsúla. Tá dréachtphlean á chur i gcrích agus beidh mé sásta leis an gclár a chur ar an gclár Rialtais sna seachtainí amach romhainn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an port céanna é - sna seachtainí amach romhainn. Is rud dearfa é go bhfuil sé ar intinn ag an Aire é a chur ar chlár bhoird an Rialtais, ach cén uair a dtarlódh sé sin? An dtuigeann an tAire go bhfuil práinn ag teastáil? Tá daoine ag gearán chuile lá faoin Straitéis 20 Bliain, agus nach bhfuil sé curtha i bhfeidhm beag ná mór. Tá mise agus Teachtaí Dála eile ag iarraidh ar a laghad an Plean Gníomhaíochta a fheiceáil. Tá daoine ag iarraidh fáil réidh leis an bplean seo. Níl muinín beag ná mór acu sa straitéis seo. Is féidir leis an bplean gníomhaíochta muinín a thabhairt do dhaoine ar an talamh, ach níl sé le feiceáil. Agus anois arís cloisimid an sean-nath - sna seachtainí amach romhainn. An mbeidh sé ar bhord an Rialtais roimh dheireadh na míosa seo?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall leis sin. Beidh bord Rialtais ag dul ar aghaidh dé hAoine agus níl a fhios agam céard a bheidh ar an gclár, Dé hAoine, ná Dé Máirt na seachtaine amach anseo, ach déanfaidh mé mo sheacht ndícheall. Tá an dréachtphlean réidh agus tá sé comhaontaithe idir achan Roinn timpeall an Rialtais agus beidh mé sásta leis an mbrú a chur ar an gclár seo. Tá sé cóngarach do mo chroí maidir leis an gcomhaontú agus leis an gcomhordú agus leis an gceangal idir achan Roinn. Dá mbeadh an comhaontú socraithe - tá sé socraithe - beidh mé sásta leis an mbrú a ghabháil agus a leagan síos i measc mo chomhghleacaithe go gairid.